Imní faoi na hoileáin a bheith á scaradh ó Roinn na Gaeltachta

Tá imní agus iontas ar pholaiteoirí san iarthar faoi chúram na n-oileán a bheith bogtha ó Roinn na Gaeltachta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán

Imní faoi na hoileáin a bheith á scaradh ó Roinn na Gaeltachta

Tá imní léirithe ag Teachtaí Dála i nGaillimh Thiar toisc cúram na n-oileán a bheith bogtha ó Roinn na Gaeltachta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell agus an Teachta Dála neamhspléach Catherine Connolly go bhfuil imní orthu faoin chinneadh a rinneadh na hoileáin a scaradh ó chúram na Gaeltachta, atá anois faoi roinn nua Leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin.

Meastar go mbeidh baint i gcónaí ag Roinn na Gaeltachta leis na hoileáin Ghaeltachta ó thaobh polasaí teanga de, ach go mbeidh cúrsaí infreastruchtúir agus seirbhísí iompair faoin Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Ag labhairt dó ar an chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta inné, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur chuir an cinneadh a rinneadh cúram na Gaeltachta a scaradh ó na hoileáin “iontas an tsaoil air”.

“Ní fhéadfainn é a chreidiúint go bhfuil scaradh déanta ar chúram na Gaeltachta agus na n-oileán. Níor tugadh mórán suntais de sin go dtí seo. Riartar an dá chuid sin den Roinn as na Forbacha agus bhíodar fite fuaite trína chéile ar an údar go bhfuil formhór phobal na n-oileán ina gcónaí ar oileáin Ghaeltachta,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív go ndearnadh an-dul chun cinn sna hoileáin ó 1997 nuair a cuireadh an dá chúram sin san aon Roinn amháin agus nach raibh aon loighic ag baint leis an gcinneadh is deireanaí.

“Dar liomsa fós, sin an áit ar cheart dóibh a bheith agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil nuair a bheifear ag plé le hoileáin Ghaeltachta an mbeidh an obair á déanamh trí Ghaeilge mar a bhí i gcónaí riamh i Roinn na Gaeltachta.”

Dúirt Ó Cuív go mbeadh gá le rannóga nua a bhunú sa dá roinn nua chun freastal a dhéanamh ar na hoileáin, a bhfuil a bhformhór sa Ghaeltacht.

“Is iad na rudaí teicniúla sin a dhéanfas an-difríocht,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív go raibh an baol ann nach dtabharfar an suntas céanna do na hoileáin dá mbeadh freastal á dhéanamh orthu in oifig de chuid na Roinne nua, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán, agus go mbeadh ceist eile ann faoi cén teanga ina mbeadh obair na rannóg sin á déanamh.

D’fhéadfadh sé go mbeadh rannóga nua de chuid na Roinne nua atá faoi chúram Heather Humphreys lonnaithe sna Forbacha nó go mbeadh rannóg Ghaeilge á bunú sa Roinn Forbartha Tuaithe mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo.

Ar an chlár céanna ar RnaG, dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly nár thuig sí cén bunús a bhí leis an chinneadh na hoileáin “a scaradh amach ón Ghaeltacht”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell go raibh fadhbanna ar leith ag an Ghaeltacht agus na hoileáin agus go raibh sí “imníoch” gur scaradh na hoileáin ón nGaeltacht.

“Tá formhór na n-oileán sa Ghaeltacht, bheadh faitíos orm go ndéanfaí dearmad ar na hoileáin ina n-iomláine,” a dúirt Farrell. 

Fág freagra ar 'Imní faoi na hoileáin a bheith á scaradh ó Roinn na Gaeltachta'