Imní ar an AE go bhfuil leas á bhaint ag gníomhaithe atá go mór ar an eite dheis as easpa modhnóirí le Gaeilge ar líne

Tuairiscítear go bhfuil an Coimisiún Eorpach buartha faoina laghad modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu atá fostaithe ag mórardáin na meán sóisialta agus iad den tuairim gur baineadh leas as an easpa sin aimsir na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath

Imní ar an AE go bhfuil leas á bhaint ag gníomhaithe atá go mór ar an eite dheis as easpa modhnóirí le Gaeilge ar líne

Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta.

De réir tuairisc ar RTÉ, bhain Éire leas i ndiaidh na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath as ‘foláireamh’ nua faoin bhfuathchaint ar líne, gníomh a cheadaigh don Choimisiún Eorpach teagmháil dhíreach a dhéanamh le leithéidí Meta, YouTube, X (Twitter mar a bhí) Instagram agus Tik-Tok chun a gcuid dualgas a mheabhrú dóibh.

Bhí Éire ar an gcéad bhallstát de chuid an AE chun leas a bhaint as an ‘foláireamh’ a bhfuil soláthar dó i reachtaíocht Eorpach nua.

De réir na tuairisce, tá an Coimisiún Eorpach buartha faoina laghad modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu atá fostaithe ag mórardáin na meán sóisialta agus iad den tuairim gur baineadh leas as an easpa sin aimsir na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath.

“I gcás na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath, chonaiceamar gur éirigh leis an dream a raibh fuath agus ábhar mídhleathach agus díobhálach á scaipeadh acu teacht i dtír ar an easpa modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu,” arsa oifigeach amháin sa Choimisiún Eorpach.

Deir lucht an Choimisiúin go bhfuil fadhb maidir le heaspa Gaeilgeoirí go háirithe ag X agus Google ach go bhfuil ag éirí níos fearr le Meta, ar leo Facebook.

Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha leagtar dualgais níos déine ar na hardáin mhóra i dtaca le caint agus ábhar ar líne a dhéanann dochar do dhaoine nó a spreagann daoine chun dochar a dhéanamh.

Mhaígh Meta i dtuairisc a chuir siad ar fáil don AE an mhí seo caite go raibh 42 duine fostaithe acu a bhíonn i mbun modhnóireachta a dhéanamh ar ábhar Gaeilge.

Dúirt Google-YouTube agus Tiktok nach raibh oiread is duine amháin fostaithe acu chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhar Gaeilge agus ghéill X gur “fíorbheagán faisnéise” a bhíonn acu faoi phostálacha i nGaeilge.

Tuairiscíodh ar RTÉ go mbeidh cruinniú eile ag oifigigh na hÉireann leis an gCoimisiún Eorpach inniu.

Tá na Gardaí ag fiosrú postálacha ó chuntais éagsúla ar na meáin shóisialta mar chuid dá bhfiosrúchán faoi na círéibeacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Imní ar an AE go bhfuil leas á bhaint ag gníomhaithe atá go mór ar an eite dheis as easpa modhnóirí le Gaeilge ar líne'

  • Paul Laughlin

    “Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta”.

    An bhfuil aon fhianaise ann gur bhain daoine ar an eite dheis feidhm as an Ghaeilge chun na círéibeacha a shocrú?

  • Eoin Ó Murchú

    Táimse ar Twitter nó X. Fuair mé an-chuid giolcanna i mBéarla ó lucht an chiníochais. Ní bhfuair mé oiread is ceann amháin i nGaeilge. Cé chum an tseafóid seo?

  • Mícheál de Róiste.

    An eol dóibh gur beag Ghaeilge ar bith atá ag Éireannaigh ar an eite dheis.

  • jpmorley0@gmail.com

    Agus chonacthas iontas ná facthas riamh cheana os cionn BÁC inniu freisin .i. scaoth muc ar eite…. cuid den eite dheis?

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Fiú na Gaeilgeoirí a bhíonn ag scaipeadh bréagáisnéise tiontaíonn said ar an mBéarla don chuid is mó nuair atá siad á dhéanamh.

  • Antóin

    “Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta.”
    A leithéid de chacamas. Cé a scríobh an tseafóid seo? Tá sé in am do Thuairisc.ie modhnóirí a fhostú chun muid a choinneáil slán ó amaidí mar seo.

  • Donnchadh ó Seaghdha

    Ráméis atá ar siúl acu ceapaim ach má fhaigheann duine post mar mhódhnóir as ní chuirfeadh se isteach ná amach orm

  • Pól Réamonn

    @Tá an Coimisiún Eorpach buartha go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta.

    Níl mé ach sásta go bhfuil daoine an Ghaeilge á húsaid.

  • Seán Mag Leannáin

    A leithéid de ráiméis agus thug RTÉ crediúnacht áirithe di i dtuairisc ón a gcomhfhreagraí sa Bhruiséil Tony Connelly ar phríomh nuacht an lae arú aréir (30 Samhain). Caithfidh gur jóc séasúrach é an tuairisc go raibh Gaeilge á húsáid leis an ndaoscarshlua a ghríosú. N’fheadar an raibh Elon Musk ag tógáil an mhicí ó na húdaráis in Éirinn agus san Eoraip agus a fhios aige go maith nach bhfuil Gaeilge ar bith ag na húdaráis chéanna ach oiread leis an ndaoscarshlua a bhí i mbun ciréibe.