Imeachtaí Gaeilge beartaithe do Lá Domhanda na Leabhar 2026

Feachtas bliantúil is ea Lá Domhanda an Leabhar agus é d'aidhm leis an léitheoireacht a chur chun cinn agus deis a thabhairt do pháistí leabhar a fháil saor in aisce

Imeachtaí Gaeilge beartaithe do Lá Domhanda na Leabhar 2026

Beidh leabhar Gaeilge san áireamh sna leabhair Éireannacha do Lá Domhanda na Leabhar arís i mbliana. Cuirfear eagrán speisialta den phictiúrleabhar Rita agus an tEachtrán le Máire Zepf agus Mr Ando ar fáil ar cheann de na trí leabhar Éireannacha a bheidh san áireamh i bhfeachtas Lá Domhanda na Leabhar i mbliana.

Tacaíonn Foras na Gaeilge le foilsitheoir Gaeilge páirt a ghlacadh sa bhfeachtas trí urraíocht a chur ar fáil le heagrán speisialta de leabhar a chur i gcló do Lá Domhanda na Leabhar. Feachtas bliantúil is ea Lá Domhanda an Leabhar agus é d’aidhm leis an léitheoireacht a chur chun cinn agus deis a thabhairt do pháistí leabhar a fháil saor in aisce.

Cuirtear dearbháin leabhair ar fáil mar chuid den fheachtas agus dáiltear iad sna scoileanna. Bíonn gasúir in ann a ghabháil ag an siopa leabhar agus a rogha leabhar ón bhfeachtas a fháil in aisce, ach an dearbhán a thabhairt dóibh.

Cúig leabhar déag atá san áireamh i bhfeachtas na bliana seo agus is leabhair Éireannacha iad trí cinn acu. Is iad na leabhair Éireannacha eile atá san áireamh i bhfeachtas na bliana seo ná Milly McCarthy and the St. Patrick’s Day Pandemonium le Leona Forde agus Karen Harte, agus Shape Shifters: The Doomsday Club le Kevin Moran.

Beidh réimse imeachtaí saor in aisce á gcur ar fáil ag an údar Máire Zepf agus an t-ealaíontóir Mr Ando i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann mar chuid den cheiliúradh i mbliana. Cuirfidh siad ócáid ar bun i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an Déardaoin an 5 Márta ó 11.30am go dtí 12.15pm, i gcomhar le Patricia Forde, Laureate na nÓg.

Tá an ócáid seo saor in aisce ach tá an spás teoranta agus ní mór áit a chur in áirithe roimh ré. Beidh an ócáid á craoladh beo ar líne freisin, níl aon táille ar an gcraoladh ach is gá clárú roimh ré.

Tabharfaidh Máire Zepf agus Mr Ando cuairt ar ionaid éagsúla sna laethanta roimh Lá Domhanda na Leabhar agus iad ag cur ócáidí do pháistí ar fáil bunaithe ar an bpictiúrleabhar Rita agus an tEachtrán.

Inniu, Dé Céadaoin, an 4 Márta, beidh siad i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit a mbeidh ócáid scoile á cur ar bun acu i gcomhar le siopa leabhar An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste.

Tá tuilleadh eolais faoi Lá Domhanda na Leabhar na hÉireann 2026 ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Imeachtaí Gaeilge beartaithe do Lá Domhanda na Leabhar 2026'