Imeacht an Chaomhánaigh ina bhuille mór don Chomhaontas Glas

Scriosadh an Comhaontas Glas in 2011 agus d’fhéadfadh go bhfuil an rud céanna i ndán dóibh arís

Imeacht an Chaomhánaigh ina bhuille mór don Chomhaontas Glas

Ceapaim gur buille suntasach don Chomhaontas Glas, é gur éirigh Peadar Ó Caomhanaigh, a n-urlabhraí Gaeilge is Gaeltachta, as an bpáirtí. Ba é an ceathrú comhairleoir contae a d’éirigh as le seachtainí beaga anuas.

Luaigh an Caomhánach cultúr nimhneach sa bpáirtí mar chúis lena éirí as, agus dúirt sé nach raibh spás a thuilleadh ann do thuairimí a bhí difriúil ó chinn an cheannaire, Eamon Ryan.

Dúirt sé freisin go raibh feachtas ar bun ina choinne féin nuair a cháin sé aon ghníomh de chuid an cheannaire.

De réir a chéile, is cosúil go bhfuil cuid mhaith díobh siúd a chuir i gcoinne dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael is le Fianna Fáil ag imeacht as an bpáirtí nó á ndíbirt as.

Ar ndóigh, d’imigh Saoirse McHugh roimhe, an bhean a mheall aird ar an bpáirtí mar gheall ar an gcaoi gur thug sí faoi Peter Casey i gcaitheamh na dtoghchán Eorpach – eachtra b’fhéidir a thug an-chuid vótaí don pháirtí ó dhaoine óga.

D’imigh freisin ceannaire na nGlasach Óg, Tara Nic Ghiolla Seanáin, agus Tiarnan Mason, ceannaire na nGlasach Aerach. Le seachtainí beaga anuas d’imigh na comhairleoirí Lorna Bogue, Corcaigh, Sophie Nicoulland, cathair Bhaile Átha Cliath, agus Liam Sinclair, Baile Átha Cliath Theas.

Bhí na daoine seo go léir ar an eite sin den pháirtí nach raibh i bhfabhar an chomhrialtais.

Ar ndóigh tá daoine fágtha fós ann a bhfuil an dearcadh sin acu, ar nós Neasa Hourigan, ach más fíor don Chaomhánach, tá feachtas ina gcoinne siúd freisin is níl sé cinnte cén fhad a mhairfidh siad sa pháirtí.

Tá rud níos tábhachtaí, ámh, i gceist anseo, agus rud níos suntasaí ó thaobh na polaitíochta de – dearcadh an phobail i dtaobh an pháirtí.

Sna toghcháin áitiúla in 2019 bhí caint ann faoin maidhm ghlas nuair a chuaigh líon na suíochán ag an bpáirtí ó 12 go dtí 49. Sa toghchán ginearálta in 2020 chuaigh líon a gcuid suíochán ó 3 go dtí 12, agus fuair siad os cionn 7% den vóta céad rogha.

Ach le tamall anois tá tacaíocht an pháirtí tite go dtí 3%, agus gach seans go gcaillfidís leath de na suíocháin sin nó níos mó. Mar ní hamháin go bhfuil a dtacaíocht ag dul síos ach is minic gur le cúnamh vótaí aistrithe ó Shinn Féin a fuair siad suíocháin san olltoghcháin.

Is ar éigean go bhfaighidh siad an fabhar sin arís.

Go híorónta, is iad na daoine is gaire do Shinn Féin is dóichí a chaillfidh a gcuid suíochán, Neasa Hourigan i mBaile Átha Cliath Láir, cuir i gcás.

Cuid den fhadhb atá ag Sinn Féin ar ndóigh ná nach raibh a ndóthain iarrthóirí acu san olltoghchán sin. Beidh sin acu an chéad uair eile ach seans maith go bhfaighidh siad suíocháin ar chostas an Chomhaontais Ghlais, an Lucht Oibre is na mionpháirtithe ar an eite chlé.

Tá géarchéim na haeráide ann i gcónaí, agus baol níos mó ná riamh ann de réir na n-eolaithe. In intinn na vótóirí, go háirithe vótóirí óga, bhí ceangal idir an Comhaontas Glas agus an t-éileamh ar ghníomh faoin aeráid.

Ach is léir go bhfuil dhá bhealach le tabhairt faoi seo. Bealach na heite deise, mar a chleachtann Ryan, a thacaíonn leis an gcóras rachmasach is a leagann costas aon ghnímh ar an bpobal i gcoitinne – cur chuige atá taobh thiar den titim i dtacaíocht an pháirtí.

Agus ansin tá bealach lucht na heite clé ann, dream a mhaíonn go bhfuil ceangal idir an cothromas sóisialta is an cothromas aeráide. Ag Ard-Fheis an pháirtí bhí móramh ann ar son an cur chuige sin a scríobh isteach i mbunreacht an pháirtí, ach bhí dhá dtrian ag teastáil, rud nach raibh le fáil.

Mar sin féin is léir go bhfuil cuid mhaith ball ann nach dtacaíonn le dearcadh Ryan, ach le himeacht an Chaomhánaigh, Bogue is eile, tá an eite chlé á lagú, píosa i ndiaidh píosa.

Ní chuirfidh greim Ryan ar an bpáirtí stop leis an meath atá ann, go háirithe ós beag is fiú an clár aeráide atá geallta ag an rialtas.

Scriosadh an Comhaontas Glas in 2011 nuair a chaill siad a gcuid suíochán ar fad mar gheall ar iad a bheith i rialtas le Fianna Fáil nuair a thit an eacnamaíocht as a chéile.

Tá gach cosúlacht ann go bhfuil an rud céanna i ndán don pháirtí anois, de réir mar a imíonn daoine maithe mar an Caomhánach, duine a thuill meas mór go forleathan, go háirithe i measc lucht labhartha na Gaeilge.

Ní haon bua é ach a mhalairt do Ryan, ceapaim, an Caomhánach a bheith imithe as an bpáirtí.

Fág freagra ar 'Imeacht an Chaomhánaigh ina bhuille mór don Chomhaontas Glas'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá géarchéim na haeráide ann i gcónaí, agus baol níos mó ná riamh ann de réir na n-eolaithe.”
    Sách ráite agat, a Eoin. Cúis dóchais go dtuigeann tusa fiú amháin, an scéal faoi dheireadh.