Cultúr ‘nimhneach’ ba chúis le cinneadh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais éirí as an bpáirtí

Dúirt Peadar Ó Caomhánaigh go ndearna daoine bagairtí air agus gur mheas sé nach raibh sé in ann leanúint ar aghaidh mar bhall den pháirtí

Cultúr ‘nimhneach’ ba chúis le cinneadh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais éirí as an bpáirtí

Tá ráite ag iar-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais nach raibh baint ar bith ag a chinneadh éirí as an bpáirtí le dearcadh an pháirtí ó thaobh na Gaeilge de.

Inniu a d’fhógair Peter Kavanagh, nó Peadar Ó Caomhánaigh mar is fearr aithne ag pobal na Gaeilge air, go raibh sé ag éirí as an gComhaontas Glas.

Mhaígh Ó Caomhánaigh go raibh cultúr “nimhneach” tagtha chun cinn sa pháirtí le roinnt míonna anuas agus gurbh é sin ba chúis lena chinneadh.

Dúirt Ó Caomhánaigh, atá ina chomhairleoir contae in Áth Cliath Theas, le Tuairisc.ie gur cinneadh “an-deacair” a bhí ann an páirtí a fhágáil, go háirithe an ról a bhí aige mar a n-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ach dúirt sé gurbh amhlaidh nach raibh sé in ann cur suas leis an meon a bhí taobh istigh den pháirtí a thuilleadh.

Is nuair a labhair sé amach i gcoinne Eamon Ryan, ceannaire an pháirtí, a thosaigh daoine sa pháirtí ag cur ina choinne, a deir Ó Caomhánaigh.

Nuair a léigh Ryan sliocht as alt ina raibh masla ciníoch sa Dáil sa Mheitheamh seo caite, dúirt Ó Caomhánaigh nach bhféadfaí glacadh lena leithéid ba chuma “cén comhthéacs” a bhí ann. Dúirt sé go mb’fhéidir gur theastaigh “oiliúint san éagsúlacht” sa pháirtí le cinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Is ansin a thosaigh an “nimh”, a deir Ó Caomhánaigh.

“Faraor, tá an cultúr istigh sa pháirtí tar éis athrú agus é éirithe sách nimhneach le roinnt mhaith míonna anuas,” a deir Ó Caomhánaigh. “Is polaiteoir mé, is duine poiblí mé, is duine aitheanta mé agus tá taithí mhaith agam ar dhaoine a bheith do mo cháineadh nó a bheith ceanndána liom ach, le cúpla mí anuas, d’athraigh an tuin ón cheanndánacht sin go dtí nimh agus déistin.”

Dúirt Ó Caomhánaigh go ndearnadh bagairtí air agus cé go ndearnadh roinnt iarrachtaí an fhadhb a réiteach, mheas sé nach raibh sé in ann leanúint air mar bhall den pháirtí.

“Mheasas nach raibh aon todhchaí agamsa sa pháirtí agus nach mbeadh mé in ann seasamh leis an méid a bhí ar siúl acu taobh istigh den Rialtas, go háirithe nuair a bhí sé ag éirí chomh deacair aon cháineadh nó ceistiú a dhéanamh go hinmheánach.”

Ceapann Ó Caomhánaigh go bhfuil neamhaird déanta ag ceannasaíocht an pháirtí ar an bhfadhb mar go bhfuil siad chomh dírithe sin ar an gcomhrialtas.

Is é Peadar Ó Caomhánaigh an ceathrú comhairleoir atá tar éis éirí as an gComhaontas Glas le tamall anuas. Lorna Bogue, Sophie Nicoulland agus Liam Sinclair an triúr eile.

Cé nach n-aontaíonn sé le cur chuige an pháirtí sa Rialtas, deir Ó Caomhánaigh go bhfuil an Comhaontas Glas tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta.

“Agus mé ag éirí as, dúirt mé gur thaispeáin Catherine Martin go dtí seo gurb í an tAire is tiomanta agus is díograisí atá ag an nGaeltacht ó bhí Micheál D. Ó hUigínn ina aire agus tá mé an-dóchasach ar fad go mbeidh sí in ann éacht a dhéanamh.

“Bhí sé an-deacair ar fad domsa éirí as an bpáirtí mar go raibh an ról agam mar urlabhraí don Ghaeilge agus do ghnóthaí Ghaeltachta. Bhí sé sin an-tábhachtach domsa agus b’fhéidir gurb é sin an chúis gur fhan mé chomh fada agus a d’fhan.

“Táim an-mhórtasach as gach rud atá Catherine [Martin] ach go háirithe a dhéanamh ar son na Gaeilge agus táim an-chinnte go n-éireoidh léi éacht a dhéanamh taobh istigh den Rialtas seo.”

Deir Ó Caomhánaigh, atá ar dhuine de bhunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht, go mbeidh sé ag díriú anois ar a chuid oibre ar son mhuintir an cheantair.

“Bhí rún agam an mhí seo caite Coiste na Gaeilge a bhunú anseo i gComhairle Chontae Átha Cliath Theas. Leanfaidh mé liom ar an obair sin agus ar an bplean forbartha don chontae agus déanfaidh mé mo seacht ndícheall ar son mhuintir Chluain Dolcáin agus na bailte eile sa cheantar, mar sin an jab atá agam anois mar chomhairleoir neamhspleách.”

Fág freagra ar 'Cultúr ‘nimhneach’ ba chúis le cinneadh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais éirí as an bpáirtí'

  • An tEisreachtach

    An duine bocht saonta.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Níl fhios agam sonraí an scéal faoi chaibidil anseo ach de gnáth tá an scéal céana i ngach eagraíocht. Is dócha nach gceaptar go raibh an Comhairleoir “dílis” go leor don pháirtí agus dá bhrí sin thosaigh siad Ciorcal Cosanta chun é a chur faoi chois, agus ar ball, chun siúl.

  • Cluain Sceach

    Fear maith.

  • Traolach Ó Sioradáin

    Is deas an rud é go bhfuil Peadar fós ag obair mar pholaiteoir. Tá an-shuim ag Peadar sa Ghaeilge. Dá mhéid polaiteoirí a bhfuil suim acu sa Gaeilge is ea is fearr é.