Idir thorthaí maithe agus drochthorthaí ag foirne na Gaeltachta

Bhí cluichí craoibhe peile ar siúl i nDún na nGall, Gaillimh agus Port Láirge an deireadh seachtaine seo. Bhí idir thorthaí maithe agus drochthorthaí ag na foirne Gaeltachta

Leon Thompson (ar chlé) in aicsean do Naomh Conaill i rith Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Leon Thompson (ar chlé) in aicsean do Naomh Conaill i rith Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

I nDún na nGall an deireadh seachtaine seo, imríodh babhta de chraobh sinsear an chontae den chéad uair ó mhí Bealtaine. Sa chluiche is mó den deireadh seachtaine, bhí bua cumasach ag Naomh Conaill ar churaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnáin, 2-12 le 0-8.

Bhí fir na nGleanntach 1-5 in aghaidh 0-2 chun cinn ag leath ama de bharr chúl Leon Thompson. Chinntigh siad an bua gan ach trí nóiméad imeartha sa dara leath nuair a scóráil Brendan McDyer cúl tar éis d’iarracht Dermot Molloy an posta a bhualadh. D’fheabhsaigh imirt Naomh Adhamhnáin beagáinín ina dhiaidh sin ach bhí an dochar déanta. Tá cluiche fíorthábhachtach amach rompu anois in aghaidh an Clocháin Léith an tseachtain seo chugainn.

Mar a tharlaíonn sé, is iad an dá fhoireann atá fós ag fanacht le cluiche ceannais sinsear Chomórtas Peile na Gaeltachta a imirt, Naomh Conaill agus Cill Chartha, atá mar rogha na coitiantachta i gcraobh Thír Chonaill. Tá Cill Chartha anois cáilithe don chéad bhabhta eile agus cluiche le spáráil acu tar éis dóibh a gcomharsa béal dorais, Na Cealla Beaga, a bhualadh 1-15 in aghaidh 2-4.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh Cill Chartha i dtrioblóid nuair a fuair Brendan McGuire cúl do Na Cealla Beaga gan ach cúig nóiméad imeartha, ach d’éirigh le Cill Chartha teacht aniar agus an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic roimh leath ama nuair a fuair Mark McHugh cúl. Mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath.

Tosach Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tosach Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

I nGrúpa 1, bhí Odhrán Mac Niallais ina laoch ag Gaoth Dobhair agus rith an ráis acu i nghaidh Sheáin Mhic Cumhaill, 1-15 in aghaidh 2-8. Fuair an t-imreoir idirchontae 0-5 agus ba é freisin a chruthaigh chuid is mó de na scóranna eile. Beidh Gaoth Dobhair anois ag iarraidh Málainn a bhualadh le cáiliú ón ngrúpa, beart atá déanta ag Gleann tSúilí cheana féin tar éis dóibh Málainn a bhualadh, 3-9 i gcoinne 1-8.

I nGrúpa 3, is idir Naomh Mícheál, Na Ceithre Máistrí agus Gleann Fhinne atá an iomaíocht don chéad dá spota. Tá Naomh Mícheál ar bharr na sraithe tar éis dóibh Na Ceithre Máistrí a bhualadh agus má éiríonn leo fiú comhscór a fháil in aghaidh Ghleann Fhinne an deireadh seachtaine seo chugainn, beidh siad slán as an ngrúpa.

I gcraobh na Gaillimhe, bhí trí fhoireann Gaeltachta ag imirt agus fuair foireann eile bua gan choimhlint. Bhí An Ceathrú Rua ceaptha OÉ Gaillimh a imirt i réamhbhabhta ceathrú ceannais ach le cluichí ar siúl i gcraobhacha ar fud na tíre, ní raibh an ollscoil in ann foireann a chur chun páirce, rud a chiallaíonn go n-imreoidh an Cheathrú Rua anois Seamróige Cortúin sa chéad bhabhta eile.

Bhain Naomh Anna Leitir Mór áit amach sa réamhbhabhta ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar An Chealtrach tráthnóna Dé Domhnaigh. Ba é cúl David Mac Donnacha, a tháinig trí nóiméad isteach sa dara leath, an scór cinniúnach agus Naomh Anna ag buachan 1-12 i gcoinne 0-13. Fuair Michael Meehan naoi gcinn de chúilíní na Cealtraí. Imreoidh Naomh Anna Cill Aithnín sa chéad bhabhta eile.

Imreoir Mhícheál Breathnach, Seán Denvir. Pictiúr: Seán Ó Mainín
Imreoir Mhícheál Breathnach, Seán Denvir. Pictiúr: Seán Ó Mainín

Is sna babhtaí dícháilithe a bhí an dá fhoireann eile ag imirt agus bhí dea-scéal ann dóibh agus a stádas sinsear deimhnithe ag Mícheál Breathnach agus Carna-Caiseal do 2016. Theastaigh am breise ó Mhícheál Breathnach agus iad ag imirt Cill Fhir Iarainn ach tháinig siad slán, 3-17 i gcoinne 4-10. B’iad na himreoirí contae a rinne go leor don dochar d’fhir Chois Fharraige. Fuair Peadar Óg Ó Gríofa (2) agus Seán Denvir ag na cúil, agus bhí baint ag Fiontán Ó Curraoin le scóranna eile.

Sa chluiche eile, bhí bua cumasach ag Carna-Caiseal ar Chill Choirín-Cluain Bheirn, 2-10 in aghaidh 1-8. Chuir foireann Chonamara sárthús leis an gcluiche nuair a fuair Dara Ó Conchúir cúl. Fuair an fear céanna cúl eile sa dara leath agus cé gur tháinig Chill Choirín-Cluain Bheirn ar ais sa dara leath, bhí dóthain scóranna faighte ag fir Charna-Caiseal leis an mbua a fháil.

I bPort Láirge, chaith An Rinn farasbarr trí chúilín uatha sa cúpla nóiméad deireanach in aghaidh  Raonaithe na Brice i gcluiche a chaill foireann na Gaeltachta, 1-4 i gcoinne 1-13. Fuair Donal Breathnach naoi gcúilín don Rinn ach d’aimsigh Cormac O’Grady pointe an bhua sa tríú nóiméad d’am gortaithe chun foireann na Gaeltachta a fhágáil gan ach bua amháin acu agus ceithre chluiche imeartha i nGrúpa 2 de chraobh Phort Láirge.

Fág freagra ar 'Idir thorthaí maithe agus drochthorthaí ag foirne na Gaeltachta'

  • Aodhán

    Na dean dearmad ar Naomh Muire bocht i nDún na nGall!