Iarratas ar achomharc i nGaeilge ó phinsinéir a leag buama ar bhus agus a rinne bagairtí bréige buamála le linn chuairt Bhanríon Shasana

Fuarthas Donal Billings ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011

Iarratas ar achomharc i nGaeilge ó phinsinéir a leag buama ar bhus agus a rinne bagairtí bréige buamála le linn chuairt Bhanríon Shasana

Tá pinsinéir a leag buama ar bhus a bhí ar a bhealach go dtí Baile Átha Cliath agus a rinne bagairtí bréige buamála le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana ag iarraidh go n-éistfí a chás achomhairc i nGaeilge.

Fuarthas Donal Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011, ar a n-áirítear uair ar dhúirt sé go raibh dhá mhoirtéar i gCaisleán Átha Cliath le linn an fhéasta stáit do Bhanríon Eilís Shasana.

Tá achomharc déanta ag Billings, ar éisteadh a chás i mBéarla agus i nGaeilge, in aghaidh a chiontaithe agus a phianbhreithe. Bhíothas ag súil go dtabharfaí dáta inniu don éisteacht sin, ach dúirt an dlíodóir Maria Brosnan leis an mBreitheamh George Birmingham sa Chúirt Achomhairc gurb amhlaidh go bhfuil Billings ag éileamh go n-éistfí a chás i nGaeilge.

Dúirt an Breitheamh Birmingham go gcaithfí an cás a chur ar ais ar an liosta bainistíochta go dtí go mbeifí ábalta é a éisteacht i nGaeilge. Ní raibh Billings féin sa chúirt inniu.

Gearradh ocht mbliana go leith príosúin ar Billings in 2016. Dúirt an Breitheamh Tony Hunt ag an am go raibh “lánchead aige drochmheas a bheith aige ar an mBanríon Eilís” agus a cuairt go hÉirinn ach nach raibh aon chead aige an tuairim sin a chur in iúl trí ghníomh coiriúil. Gearradh pianbhreitheanna i gcomhthráth air bagairtí bréige buamála a dhéanamh.

Le linn na trialach in 2016, cuireadh an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an eolas faoi na bagairtí buamála agus faoin mbuama a fuarthas ar an mbus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath le linn chuairt Bhanríon Shasana cúig bliana ó shin.

Ar an 16 Bealtaine 2011, mar thoradh ar ghlaoch gutháin a rinneadh ar Stáisiún ns nGardaí sa Longfort, stop na Gardaí bus, a bhí ar a bhealach go Baile Átha Cliath, i Maigh Nuad agus duine is tríocha ar bord.

Tháinig siad ar bhuama dea-dhéanta i mála a bhí fágtha i stór an bhagáiste chomh maith le púdar gunna, peitreal, aonad amrialúcháin púdair agus fiús. Chualathas sa chúirt go bhféadfadh sé scrios ollmhór a dhéanamh dá bpléascfadh sé. Rinneadh bagairtí eile chomh maith faoi bhuama eile a bheith ar bhus eile, ag Ceanncheathrú Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuarthas aon cheann.

Trí thaifid fóin, nótaí, cárta SIM agus fón póca, sainaithníodh Donal Billings mar an té a rinne an glaoch gutháin.

Ghlaoigh sé arís dhá lá ina dhiaidh sin agus dúirt go raibh dhá mhoirtéar fágtha i gCaisleán Átha Cliath agus iad socraithe le go bpléascfaidís ag a 8pm, le linn an fhéasta stáit don Bhanríon.

“Tá mé i mo bhall de Bhráithreachas na Poblachta, Scuad A,” a dúirt sé. “Do Bhanríon na Fola agus Chogadh na hIaráice an ceann seo.”

De bharr an chéad bhuama a fuarthas, dúradh sa chúirt gur glacadh gur bhagairt thromchúiseach a bhí inti ach nár thángthas ar aon ghairis phléascacha.

Rinneadh an tríú glaoch dhá lá ina dhiaidh sin ag bagairt go raibh dhá bhuama eile i leithris Aerfort Chorcaí ach ní bhfuarthas aon rud ansin ach oiread.

Ag tagairt do na hagallaimh a rinne Billings leis na Gardaí, dúirt an Breitheamh Hunt go raibh na “bréaga” a d’inis an pinsinéir do na Gardaí “sách follasach agus neamhshofaisticiúil”.

Ciontaíodh Billings faoi dhó roimhe sin, as pléascáin a bheith ina sheilbh aige sa tuaisceart i 1973.

Fág freagra ar 'Iarratas ar achomharc i nGaeilge ó phinsinéir a leag buama ar bhus agus a rinne bagairtí bréige buamála le linn chuairt Bhanríon Shasana'