Iarracht chiotach ‘Enemy Files’ léargas eile a thabhairt dúinn ar 1916

Caitheadh le hábhar ‘Enemy Files’ an tslí chéanna ar caitheadh leis an mbeart de cháipéisí oifigiúla a bhí ag an láithreoir, Michael Portillo…

Michael Portillo

Táimid cuachta amach ag cláracha faoi 1916 agus níl ceiliúradh mór na Cásca gafa tharainn fós. Istoíche Dé Domhnaigh bhí an dráma faisnéise Seven Women (RTÉ1) a thug éachtaint ar ról na mban i rith an Éirí Amach agus Dé Luain bhí The Enemy Files (RTÉ 1) againn mar aon le hathchraoladh ar Insurrection atá ar siúl i rith an ama.

Sin ar fad gan trácht ar an raidhse cláracha atá gafa tharainn ó thosach na bliana agus saothair le leithéidí Ryan Tubridy agus Joe Duffy fós le teacht.

Níor chaitheas an oiread sin ama ag féachaint ar fhís dubh agus bán ó bhínn ag féachaint ar leithéidí Three Stooges agus sinn sáinnithe i dtír an dá chainéal sna hochtóidí. Bítear ag trácht ar bhuaicphointe na hola is dóigh liom go bhfuil buaicphointe chláracha 1916 sroichte.

Ar the Enemy Files deineadh iarracht chiotach léamh faoi leith a dhéanamh ar eachtraí corraitheacha 1916 trí dhearcadh na Sasanach a fháil. Deineadh seo trí chíoradh agus plé a dhéanamh ar cháipéisí oifigiúla na linne. Earcaíodh Michael Portillo, fear a chaith cúig bliana ina Aire Rialtais i Sasana – dhá bhliain acu sin ina Aire Cosanta – mar láithreoir le cabhrú linn teacht ar an léamh eile seo.

Ar an drochuair, d’imigh an clár amach ón gcairt. Ar an iomlán taibhsíodh dom gurb é cosaint Shasana agus beag is fiú a dhéanamh de lucht an éirí amach príomhsprioc an chláir.

Kevin Myers (agus is leor siúd le go luífeadh duine ar chnaipe an chianrialtáin) ag píobaireacht leis mar is gnách; ag cáineadh cheannairí an Éirí Amach mar nár sheas ach duine amháin acu i dtoghchán riamh. Ansin bhí Robert Fisk ag cur de, fear nach eol dom a shaineolas ar an tréimhse ach gur throid a athair sa Chéad Chogadh Domhanda, go bhfuair sé a dhochtúireacht i gColáiste na Tríonóide agus go raibh sé mar chomhfhreagraí i dTuaisceart Éireann ar feadh scaithimh. É ag iarraidh a bheith tomhaiste agus lán léargais ach ag cur lucht an Éirí Amach i gcomparáid le ISIS.

Cuireadh an-bhéim ar na saighdiúirí saonta ó Shasana nach raibh aon fhonn orthu a gcomhshaoránaigh a mharú. Arís is arís eile luaitear gurb ionann Éire agus Sasana ag an am. Ba dhóigh leat go raibh sé ag iarraidh an conach a chur ar an lucht féachana.

Caitheadh le hábhar an chláir an tslí chéanna ar caitheadh leis an mbeart de cháipéisí oifigiúla a bhí ag Portillo.

Bhí sé ag gabháil timpeall leis an mbeart faoina ascaill aige agus iad oiriúnach ar imeacht le gaoth go minic. É ag iarraidh a bheith údarásach agus téagar stairiúil a thabhairt don chlár. Is amhlaidh go raibh sé áiféiseach agus míchuí.

Clár eile ar fad ba ea Crossmaglen: True North (BBC1, Dé Luain). Táirge stuifiúil, macánta é seo a thugann cuntas ar chumann peile Chrois Mhic Lionnáin. Club agus pobal a raibh orthu dul i ngleic le go leor driseacha cosáin is iad ag buachan Chraobh na hÉireann sé bhabhta. An baile i lár ‘Bandit Country’ faoi mar a baisteadh air go drochmheasúil agus go measúil araon, agus arm na Breataine ag glacadh seilbh ar chuid de thailte an Chlub le bunáit a thógáil. Cé nár chríochnaigh an clár le bua i bPáirc an Chrócaigh ba chuma sin.

Fág freagra ar 'Iarracht chiotach ‘Enemy Files’ léargas eile a thabhairt dúinn ar 1916'