Iarracht an-mhaith scéal Martin McGuinness a reic idir chraiceann agus chnámha

Bhí lucht déanta an chláir McGuinness ag snámh in aghaidh easa cuid mhaith, ach déirigh leo saothar tomhaiste a sholáthar dúinn

Iarracht an-mhaith scéal Martin McGuinness a reic idir chraiceann agus chnámha

“Martin McGuinness was not a terrorist, Martin McGuinness was a freedom fighter,” a dúirt Gerry Adams ina óráid cois uaighe do Martin McGuinness. Bhí an ráiteas céanna le cloisint i dtosach an chláir aon uaire faoi fhear Dhoire a cailleadh breis agus trí bliana ó shin (McGuinness, RTÉ1, Dé Céadaoin.)

Tugann sin léargas ar an dearcadh éagsúil a bhí ag daoine i leith McGuinness. Déanann an clár, a scríobh Harry McGee agus léirigh agus a stiúraigh Colm Bairéad (fág faoi na Gaeil é!), a sheacht ndícheall scéal an fhir a reic idir chraiceann is cnámha.

Deir Eamonn McCann, duine den mheitheal mhór cloigne cainte a earcaíodh, nach dtiocfar ar chomhthuiscint faoi oidhreacht McGuinness ar feadh i bhfad, nó riamh go deimhin.

“At the end of the day it will be the sharp edge of the IRA which will bring freedom,” a dúirt McGuinness agus na Trioblóidí faoi bharr lasrach. Conas a chuireann tú an chaint sin sa mheá leis an státaire a bhí againn sna blianta deireanacha, duine de na ‘Chuckle Brothers’ agus an duine a shíl deor nuair a cailleadh a shean-namhaid agus cara nua, Ian Paisley. Sé an léamh céanna a bhí ag Denis Bradly is é ag maíomh go raibh meas thar na bearta ag cuid den phobal air agus an chuid eile den tuairim gur an diabhal ina steillbheatha ab ea é. “Dúnmharfóir” a bhaist Gregory Campbell air, cosantóir an phobail a thug Martina Anderson air.

Tá cuid mhaith dá shaol ceilte faoi rúndacht agus bréaga. Bhí sé san IRA ach d’fhág sé? Ar fhág sé? Má d’fhág cén tionchar a bhí aige ar an eagraíocht ina dhiaidh sin? Cén cur amach a bhí aige ar na huafáis? Is ag an bhfear é féin a bhí na freagraí ach níor scaoil sé na freagraí chugainn sular cailleadh é. Ní raibh Gerry Adams ná éinne de mhuintir McGuinness rannpháirteach sa chlár ach an oiread.

Bhí lucht déanta an chláir ag snámh in aghaidh easa, dá bharr, ach d’fhanadar inti agus dhein siad saothar toirtiúil, tomhaiste a sholáthar dúinn. Chaith McGuinness saol eachtrúil, saol a bhí fite fuaite le scéal na sé contae ó thús deireadh. Dá bharr b’éigean don chlár gluaiseacht ar aghaidh ar luas maith agus eachtraí, dátaí, ainmneacha agus uafáis a chaitheamh chugainn.

Ba go cairéiseach a roghnaíodh na dreasanna cainte leis na daoine éagsúla a raibh aithne acu ar McGuinness: Tony Blair, Bill Clinton, Bertie Ahern, George Mitchell, iar-bhaill den IRA agus a lán eile nach iad.

Téama amháin a ritheann tríd an gclár ar fad ná ról McGuinness san IRA. Má tá arm rúnda agat, caithfidh tú é a choimeád faoi rún, a deir McCann.

Tá cad é doiléire faoin gceist i gcónaí ach bhí formhór na n-aíonna lánchinnte go raibh sé ard go maith san IRA ar feadh blianta móra fada agus cur amach doimhin aige ar fheachtas foréigin an IRA.

Téama eile a chíortar ná an t-athrú meoin; an ghluaiseacht ón ngunna chuig an mbosca ballóide. An tslí, b’fhéidir, gur chabhraigh an doiléire, an cur i gcéill agus bréaga leis an aistear agus leis an tsíocháin, ar deireadh thiar, a thabhairt ar an bport.

Ar an iomlán d’éirigh leis an gclár seo léamh tathagach a dhéanmh ar shaol an fhir, trí bliana tar éis a bháis. Níl ann ach an chéad léamh fós, áfach.

Beifear ag filleadh ar oidhreacht an fhir seo ar feadh i bhfad.

Fág freagra ar 'Iarracht an-mhaith scéal Martin McGuinness a reic idir chraiceann agus chnámha'

  • Eoin Ó Murchú

    Is fiú a rá nach bhfuil sa strachailt armtha ach uirlis nó straitéis le aidhmeanna a bhaint amach. Agus sé an aidhm a bhí is atá ann, feicthear dhom, ná Poblacht neamhspleách don Éirinn uilig a bhaint amach. Ní rogha mórálta idir strachailt nó síocháin, ach cad e an straitéis is oiriúnaí ag pointe ar bith.
    Cinnte is fearrde muid uilig go bhfaca McGuinness agus Adams go raibh fiúntas na strachailte armtha ídithe, is go raibh gá le straitéis eile. Nach íontach go raibh siad in ann an ghluaiseacht Phoblachtánach a thabhairt leo sa straitéis sin.