Iarchomhairleoir contae agus iarchathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, ar shlí na fírinne

Ba leis an comhlacht Turasmara Teoranta, a bhí i mbun na seirbhíse farantóireachta go hOileán Thoraí

Iarchomhairleoir contae agus iarchathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, ar shlí na fírinne

Tá iarchomhairleoir contae agus iarchathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, as Gaoth Dobhair imithe ar shlí na fírinne.

Ba as an Bhaile Láir ó dhúchas do Phádraig Chití Tim mar a b’fhearr aithne air, ach bhí cónaí air ar Bhealach na Trá, sna Doirí Beaga.

D’fhreastail sé ar Choláiste Íosagáin, i mBaile Bhuirne, i gCorcaigh agus chaith sé seal ag teagasc i gColáiste Phádraig i nDroichead Átha, Scoil Naomh Pádraig i Leifear agus i Scoil an Ghlasáin ar an Chraoslach.

Chaith sé seal ina mhúinteoir scoile i Scoil Mhuire sna Doirí Beaga chomh maith.

Bhí Ó Dochartaigh ina chaptaen ar fhoireann peile Ghaoth Dobhair nuair a bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta ar a bhfód dúchais i 1969, nuair a imríodh an comórtas den chéad uair.

Bhí sé lárnach i mbunú Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair i 1972 agus ceapadh é mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta i 1986.

Toghadh Pádraig Ó Dochartaigh mar chomhairleoir contae do pháirtí Fhine Gael i 1999 agus arís in 2004.

Toghadh é mar iarrthóir neamhspleách in 2009 ach chaill sé a shuíochán in 2014 agus é san iomaíocht arís mar iarrthóir neamhspleách.

Ba leis an comhlacht Turasmara Teoranta, a bhí i mbun na seirbhíse farantóireachta ón Bhun Beag agus Machaire Rabhartaigh go hOileán Thoraí ó 1992 go dtí 2018.

Maireann a bhean agus a chlann.

Fág freagra ar 'Iarchomhairleoir contae agus iarchathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó Dochartaigh, ar shlí na fírinne'