I héileacaptar a thagadh Santaí chuig an oileán

Deirtí linne fanacht an-chiúin agus socair agus ar a bhfaca muid riamh fanacht glan ar na fuinneoga ionas nach mbeadh aon bhaol ann go bhfeicfeadh Santaí isteach muid

I héileacaptar a thagadh Santaí chuig an oileán

Ach ba faoi theacht Dheaidí na Nollag, nó Santaí mar a thugadh muide air, a bhíodh na sceitimíní ba mhó orainn. Is dóigh gurb amhlaidh atá ar fud an domhain mhóir. I héileacaptar a thagadh sé chuig an oileán de réir mar a chloisinn óir ní raibh aon bhealach

ann go bhféadfadh a chuid fianna dul sa snámh.

Ach caithfidh sé go raibh draíocht eicínt ag baint leis an héileacaptar mar nár chuala muid riamh í, agus bíonn formán glórach ag héileacaptar de ghnáth. Fearacht mhuintir an oileáin, caithfidh sé go mbíodh imní ar Dheaidí na Nollag roimh an drochaimsir, mar uair amháin nó dhó tháinig sé an oíche roimh Oíche Nollag agus is dóigh gur imní faoi dhrochaimsir a bhí air óir ní fhéadfadh Santaí seachas duine ar bith eile ar domhan dáta tábhachtach Oíche Nollag a mheascadh suas. Níl ann ach go mbíodh sé ag cinntiú go mbeadh sé in ann freastal ar ghasúir an oileáin gan teip.

Díreach mar a chaitear vótaí ar roinnt d’oileáin na hÉireann an lá roimh lá an toghcháin sa lá atá inniu ann lena chinntiú go mbeidh siad ar fad sa gcomhaireamh is nach bhfágtar guth aon duine amuigh. Ach pé ar bith scéal é, chinntigh sé go mbíodh leathshúil againne le Santaí an oíche roimh Oíche Nollag chomh maith le Oíche Nollag féin.

Ach Oíche Nollag a thagadh sé beagnach i gcónaí mar sin féin. Go deimhin bhíodh muid ag éisteacht leis ag caint ar Radio Éireann roimhe sin óir bhíodh clár beo aige air luath sa tráthnóna. Óna ceathair go dtí an cúig sílim agus bhíodh sé ag lua ainmneacha gasúir ar fud na tíre a mbeadh sé ag teacht chucu le bronntanais níos deireanaí ach iad a bheith ina gcodladh luath.

Ach níor luaigh sé muide ná Inis Treabhair riamh! Ach, ar ndóigh, ní fhéadfadh sé chuile ghasúr in Éirinn a lua.

Ní hionann is áiteacha eile, ní théadh muid a chodladh nó go dtagadh sé. Is beag Oíche Nollag nach mbíodh sé tagtha roimh a hocht nó a naoi a chlog. Deirtí linne fanacht an-chiúin agus socair agus ar a bhfaca muid riamh fanacht glan ar na fuinneoga ionas nach mbeadh aon bhaol ann go bhfeicfeadh Santaí isteach trí na fuinneoga muid. Scaití théadh muid suas staighre i bhfolach i gceann de na seomraí agus muid chomh ciúin le luchain. Ní bheadh a fhios aige go deo ansin nach raibh muid inár gcodladh dáiríre. Agus b’fhéidir scaití go mbeadh muid suas le uair an chloig nó níos faide ag fanacht. Agus ansin b’fhéidir go ndéarfadh duine de na daoine fásta linn gur chuala siad torann eicínt taobh amuigh tamaillín ó shin. Go mb’fhéidir gurbh é a bhí ann. Agus thugadh duine againn sciuird an-sciobtha timpeall an tí. Scaití tharlaíodh gur gáir bhréige a bheadh ann: nach mbeadh sé tagtha ar chor a bith. Ach bheadh cinnte ar an gcéad sciuird eile nó ar an gceann ina dhiaidh sin.

Ní san áit chéanna a d’fhágadh Santaí an mála bronntanas dúinn gach bliain. Scaití i mbéal an dorais nó ar leic fuinneoige. Nó b’fhéidir ar ghiall an gheata. Áit eicínt taobh amuigh i gcónaí. Ba chuma ach an beart mór a bheith ann. Agus bhíodh an-fháilte roimh an mála.

Thugtaí isteach i lár an urláir é agus bhíodh sé ina réabadh agus ina sciob sceab. Ach bhíodh ainm duine againne ar gach bronntanas ionas nach mbeifí ag troid ná ag easaontú fúthu. Anois, caoga bliain níos deireanaí agus na míle cineál bronntanas ann, tá gasúir fós ag fáil macasamhail  na  mbronntanas  a  thugadh Santaí chugainne.

Cluichí ar nós Ludo, Snakes and Ladders, Monopoly, leabhair agus leabhair dhathadóireachta, liathróidí peile plaisteacha, gunnaí agus caps, míreanna mearaí, mirlíní, cártaí, bábóga is mar sin de. Seiteanna fuála i gcomhair bróidnéireachta is cniotála. Carranna beaga agus araile. Ní bhíodh aon bhréagán ann dúinne a d’oibreodh le hinneall nó cadhnraí, áfach.

Ní raibh mórán acu ann an t-am úd agus dá mbeadh féin is dóigh gur thuig Santaí nár fheil siad do lucht oileáin

mar gur bheag an mhaith a bheadh iontu dá mbeadh na cadhnraí caite agus muid i bhfad ó na siopaí. Bí cinnte nár theastaigh uaidh a bheith ag cur trioblóide ar ár dtuismitheoirí. Agus bhaintí an chuid eile den oíche agus go leor den Nollaig as na bréagáin nua.

Ach ansin, bliain amháin agus mé roinnt níos sine, ba bhosca míreanna mearaí a thug Santaí chugamsa. Thaitin míreanna mearaí go mór liom agus bhí mé go maith ag nascadh na bpíosaí. Is dóigh go raibh a fhios ag Santaí sin! Ach an rud ar thug mé suntas dó ná an chaoi a raibh m’ainm scríofa ar an mbosca aige. Bhí sé an-chosúil le scríbhneoireacht mo dheirfíre a bhí roinnt blianta níos sine ná mé.

Ach níor dhúirt mé tada faoi.

Cén fáth a ndéarfainn?

Théis an tsaoil bíonn na mílte ainm le scríobh ag Santaí agus is dóigh chun leadrán na hoibre a mhaolú gur maith leis a stíleanna scríbhneoireachta a athrú go rialta.

Agus théis go bhfuil go leor cúntóirí aige ag cuidiú leis, is fearr leis féin fós, creidim, ainm gach gasúir a scríobh go pearsanta ach an t-am a bheith aige iad ar fad a dhéanamh roimh Oíche Nollag.

Fiú sa lá atá inniu ann agus teacht ag Santaí ar chuile chineál áis chlóscríofa is teicneolaíochta a dhéanfadh an-éascaíocht dó, is fearr leis fós agus é ag cur ainm gasúir ar bhronntanas é a dhéanamh le peann tobair nó le biro óir déanann sé sin an bronntanas níos pearsanta agus níos daonna.

Lá amháin dúirt deartháir liom a bhí roinnt níos sine ná mé nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Santaí. Chuir sé cineál díomá orm agus b’fhéidir olc óir ní chreidfinnse a leithéid ag an am, ná anois.

Más mar sin é is dóigh nach bhfuil aon Dia ann ach oiread, a dúirt mise ar ais leis, ag tabhairt a dhúshláin. B’ionann Dia agus Santaí ar bhealaí go leor óir bhí an oiread sin cosúlachtaí eatarthu. Bhí siad ann agus iad ar mhaithe leat ainneoin nach bhfeictí iad.

Tugann siad bronntanais chugat idir bhronntanais shaolta agus neamhshaolta agus bíonn bá ar leith acu le gasúir agus ba mhaith leo gasúir a bheith ina ngasúir mhaithe. Níor chreid mé é dá bhrí sin agus dúirt mé leis gan a bheith ag magadh fúm ná a bheith ag iarraidh amadán a dhéanamh díom. Bhí a fhios agam chomh fada agus a chreidfinn i Santaí go mbeadh brabach agam dá bharr.

Díreach mar a ghealltar na flaithis don té a chreideann i nDia.

Sliocht atá san alt seo as an leabhar ‘Nollaig Oileánach’ le Micheál Ó Conghaile atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Fág freagra ar 'I héileacaptar a thagadh Santaí chuig an oileán'