‘How to Defuse a Bomb’ – scéal mothúchánach a thabharfaidh ardú croí duit

Le raidhse ábhar cartlainne agus guth binn Liam Neeson ár dtionlacan thug an fadscannán faisnéise seo éachtaint ar obair éachtach Project Children

‘How to Defuse a Bomb’ – scéal mothúchánach a thabharfaidh ardú croí duit

Thosaigh How to Defuse a Bomb (RTÉ1, Dé Luain) le hábhar cartlainne de leanaí óga ag lapadaíl san uisce in Greenwood Lake i dTuaisceart Stát Nua-Eabhrac i samhradh na bliana 1975.

Soláthraíodh seatanna agus dreasanna cainte ó Kevin Brady agus John Cheevers a bhí naoi mbliana déag agus aon bhliain déag d’aois faoi seach, ag an am. Iad beirt ag cur síos ar an bhforéigean agus corraíl a bhí faoi bharr lasrach ar a bhfód dúchais.

Bhíodar i measc an tseisir a tugadh anall mar chuid de ‘Project Children’, tionscnamh a raibh sé mar aidhm aige faoiseamh a thabhairt do leanaí ó bhrúidiúlacht na dTrioblóidí mar aon le deis a thabhairt dóibh aithne a chur ar leanaí ón treibh/traidisiún eile. Is scéal mothúchánach a thabharfaidh ardú croí duit a bhí idir chamáin anseo agus cé gurb iad na deartháireacha Mulcahy laochra an tionscnaimh, ’siad John agus Kevin croí an scéil.

Thug Dennis Mulcahy an bád bán air féin ó Chorcaigh i 1962 gan ach fiche dollar ina phóca aige agus é ar éigean in ann a ainm a scríobh. D’éirigh leis an bhrionglóid Mheiriceánach a fhíorú trí ghaiscí a dhéanamh le scuad diúscartha buamaí i gcathair NuaEabhrac. Aon oíche amháin i 1974 agus é féin, a dheartháireacha agus a gcairde suite chun boird bheartaíodar a gcion féin a dhéanamh le fuascailt éigin a thabhairt do leanaí an Tuaiscirt.

An samhradh dár gcionn tháinig an seisear úd amach ar feadh sé seachtaine agus d’fhanadar le teaghlaigh áitiúla.

Le raidhse ábhar cartlainne agus guth binn Liam Neeson ár dtionlacan thug an fadscannán faisnéise seo éachtaint ar obair éachtach na heagraíochta deonaí seo a thug faoiseamh agus cuileachta do bhreis agus 20,000 páiste.

Faoi mar a deir Bill Clinton, agus é ag caint go tomhaiste, is cleatráil mhaith daoine é sin do limistéar beag. Tráchtar ar an ról tábhachtach a bhí ag an eagraíocht i gcothú mheon na síochána mar aon leis an tionchar dearfach a bhí ag na turais ar na daoine óga.

Ainmníodh Dennis do Dhuais Síochána Nobel faoi dhó ach níl aon rian den bhuaileam sciath ina chuid cainte.

Protastúnach ba ea John Cheevers agus Caitliceach be ea Kevin Brady a chuaigh amach ar an gcéad turas. Chuaigh an bheirt acu i bpíobáin a chéile agus iad ar an eitleán agus bhí muc ar gach mala acu nuair a chualadar go mbeidís in aon tíos lena chéile. Faoi dheireadh na sé seachtaine, áfach ba dhlúthchairde iad, cairdeas a mhaireann go fóill. Go deimhin sheasadar le chéile lá a bpósta.

Ní raibh an gealladh céanna faoi gach duine agus bhí an tionscnamh thuas seal thíos seal.

Tráchtadh go truacánta ar pháiste eile a bhí thall, Seamus Morris agus an briseadh croí a bhí ar a theaghlach Meiriceánach nuair a chualadar gur lámhach é. Bhí Thomas Begley, duine de bhuamadóirí na Seanchille, ar saoire chomh maith agus tagraíodh don chonspóid a lean ráitis le Bernadette McDonnell agus í faoi agallamh faoi stailc ocrais a athair Joe.

Clár corraitheach, cumasach a thug aitheantas do ghaiscí, agus gaiscígh, a bhí ligthe i ndearmad.

Fág freagra ar '‘How to Defuse a Bomb’ – scéal mothúchánach a thabharfaidh ardú croí duit'