Hildegarde Naughton ar tí a bheith ar an gcéad aire stáit Gaeltachta eile

Bhí Thomas Byrne á lua go láidir le haireacht stáit na Gaeltachta ach de réir na dtuairiscí is déanaí aréir is é ainm Hildegarde Naughton is dóichí a chuirfear faoi bhráid an Rialtais inniu

Hildegarde Naughton ar tí a bheith ar an gcéad aire stáit Gaeltachta eile

Hildegarde Naughton. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Hildegarde Naughton, Príomh-Aoire nua an Rialtais, a measadh aréir a d’fhógrófaí ina haire stáit Gaeltachta inniu.

Bhí an chuma ar an scéal gurbh é an plé idir Fianna Fáil agus Fine Gael faoi cá rachadh na cúraimí a bhí ar Jack Chambers – an Ghaeltacht agus an spórt – a shocródh an chéad aire stáit Gaeltachta eile.

Inniu a fhógrófar comharba Chambers, atá ceaptha ina fhor-aire sóisearach.

Agus an idirbheartaíocht faoi dháileadh na n-aireachtaí stáit ar siúl go dtí an nóiméad deireanach bhí lucht Fhine Gael muiníneach go bhfaigheadh Hildegarde Naughton, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael as Gaillimh, cúram na Gaeltachta.

Má roghnaítear í thairis leithéidí Thomas Byrne (FF) agus Brendan Griffin (FG), bheadh Naughton ar an gcéad bhean le 20 bliain arbh í an Ghaeltacht a príomhchúram aireachta.

Bhí foinsí ó Fhianna Fáil a labhair le Tuairisc diongbháilte de gur cheart don pháirtí troid go láidir ar son na gcúraimí aireachta a bhíodh ar Chambers a choimeád.

Dá dtarlódh sin, measadh gurbh é an Teachta Dála Thomas Byrne as contae na Mí, a bhfuil a phost mar aire stáit do ghnóthaí Eorpacha ag dul go dtí Fine Gael, a bheadh ag déanamh ar Roinn na Gaeltachta.

Bhí Teachta Dála eile as Fine Gael á lua leis an bpost chomh maith, Brendan Griffin ó Chiarraí, fear, ach oiread le Hildegarde Naughton na Gaillimhe, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina thoghcheantar.

Tuairiscítear go raibh díomá ar Griffin gur chaill sé amach ar phost an phríomh-aoire, post a raibh sé luaite go láidir leis.

De réir na dtuairiscí is déanaí aréir, áfach, is é ainm Hildegarde Naughton is dóichí a chuirfear faoi bhráid an Rialtais inniu d’aireacht stáit na Gaeltachta.

D’fhéadfadh go scarfaí an dá chúram a bhí ar Jack Chambers, an Ghaeltacht agus spórt, óna chéile.

Dá scarfaí ráineodh go mbeadh Hildegarde Naughton ina haire stáit Gaeltachta agus Thomas Byrne ina aire stáit spóirt.

Bhí a raibh i ndán do chúram na Gaeltachta doiléir go maith ó fógraíodh atheagar an Rialtais Dé Sathairn seo caite.

Cé gur fógraíodh go raibh ardú céime faighte ag Jack Chambers agus go mbeadh sé ag bogadh ó oifig an Phríomh-Aoire go dtí an Roinn Iompair mar Fhor-Aire Sóisearach, ní dúradh cad a bhí i ndán do na cúraimí eile a bhíodh air.

Hildegarde Naughton a ceapadh mar Phríomh-Aoire in áit Chambers agus tá na cúraimí a bhíodh uirthi sin mar fhor-aire roimhe seo tugtha d’fhear Fhianna Fáil.

Níor fógraíodh aon chúram breise do Hildegarde Naughton go fóill.

Mura leagfaí cúram na Gaeltachta uirthi, is é an chéad uair le tamall nach mbeadh cead freastal ar chruinnithe rialtais ag an aire atá ag plé ó lá go lá le cúram na Gaeilge agus Gaeltachta.

Cé gur faoi airí sóisearacha a fágadh príomhchúram na Gaeltachta ó 2011 i leith, is ar an té a bhí ina phríomh-aoire a bhí an cúram sin ó 2017.

Bíonn cead ag an bpríomh-aoire freastal ar chruinnithe rialtais ach ní ball den chomh-aireacht é agus ní bhíonn vóta aige.

Mar sin féin, measadh gur buntáiste áirithe don Ghaeilge é go raibh suíochán ag bord an Rialtais ag Jack Chambers. Measadh chomh maith gur chabhraigh sé leis go raibh aire sinsearach aige, Catherine Martin, a raibh níos mó suime i gcás na teanga aici ná mar a bhí ag cuid dá réamhtheachtaithe.

Tá Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, ag fanacht ina hAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fág freagra ar 'Hildegarde Naughton ar tí a bheith ar an gcéad aire stáit Gaeltachta eile'