Henry, JJ, DJ, Tommy agus TJ – na fir nach gá ach a gcéad ainm a lua

Díol suntais i gcónaí na himreoirí a roghnaítear ar na foirne All-Stars...

Henry, JJ, DJ, Tommy agus TJ – na fir nach gá ach a gcéad ainm a lua

Henry, JJ, DJ, Tommy agus TJ. Pictiúir: INPHO

Tá na hainmneacha ar bharr ár dteanga, agus sinne a leanann an iománaíocht is leor an chéad ainm – Henry, JJ, DJ, Tommy agus TJ. Sin iad na laochra is mó san iomáint ó thosnaigh mise ag féachaint uirthi agus mé ag obair le foirne sinsir. Ar an drochuair ó Chill Chainnigh iad go léir! 

Seo iad na fir nach gá ach a gcéad ainm a úsáid agus bíonn a fhios ag gach fíorleantóir iomána cé atá i gceist.  

Agus seo iad na fir is mó a bhfuil gradaim All Star buaite acu. Tá Henry ar bharr an liosta lena 11 gradam. Is deacair é sin a chreidiúint agus tá sé níos deacra fós a chreidiúint gur bhuaigh Tommy naoi ngradam i ndiaidh a chéile i gcúig áit dhifriúla. Dar ndóigh bhuaigh DJ naoi gcinn freisin agus é ag imirt ar fhoirne as Cill Chainnigh nach raibh chomh maith agus a bhí an fhoireann a bhí ann nuair a bhí Henry, Tommy agus JJ i mbarr a réime. Chríochnaigh JJ le seacht ngradam agus, dar ndóigh, níl TJ críochnaithe fós agus cúig cinn aige. 

Ansin tá Noel Skehan agat a bhfuil seacht ngradam aige agus tá sé cinn ag Eoin Kelly, Nicky English, Pádraig Maher agus Joe McKenna. 

Bhuaigh beirt deartháireacha as scór teaghlach gradaim All-Star agus cúpla amháin a rinne amhlaidh, Ben agus Jerry O’Connor Chorcaí. Bhuaigh athair agus mac na gradaim chomh maith – ‘Fan’ agus Philly Larkin, Ken agus Brian Hogan agus an bheirt Richie PowerNach éacht speisialta ar fad é sin? Agus dar ndóigh tá triúr a bhuaigh gradaim san iomáint agus sa pheil, Jimmy Barry Murphy is Brian Murphy as Corcaigh agus Liam Currams as Uíbh Fhailí. 

Sara fada anois beidh foireann All-Stars 2021 á fógairt agus níl aon dabht ach go mbeidh formhór mór na n-áiteanna ag imreoirí ó fhoireann na linne, Luimneach. Cúigear déag ó churaidh na hÉireann atá ainmnithe ar an ngearrliosta a fógraíodh seachtain ó shin. 

Cúl báire Luimnigh, Nickie Quaid. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Tá cuid mhaith déanta ag Nickie Quaid chun áit an chúl báire a thuilleamh ach is dócha gurb é Eoin Murphy Chill Chainnigh a bheidh ag fáil an ghradaim sin agus cúpla sábháil mhíorúilteach déanta aige i rith an chraobhchomórtais. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheist ann ach go mbeidh Seán Finn ainmnithe ag uimhir a dó ar an bhfoireann seo agus gradam aige don cheathrú bliain as a chéile. 

Tá scata mór eile as Luimneach a gcuirfinn geall orthu. Ina measc siúd is dócha go mbeidh an leathlíne chúil ar fad chomh maith le William O’Donoghue i lár na páirce. Ceapaim freisin go bhfeicfimid Cian Lynch, Tom Morrissey, Aaron Gillane, Séamus Flanagan agus Peter Casey sna tosaithe. 

Um thráthnóna beidh RTÉ ag soláthar cluichí ceathrú ceannais dúinn ó Thiobraid Árann. Ag 3pm is iad Sáirséalaigh Dhurlas Éile agus Cluain an Ultaigh-Ros Mór a bheidh in adharca a chéile agus ina dhiaidh sin Cill Ruain Mhic Dhonnchadhaí agus Luachma-Caisleán Laighnigh a bheidh le feiceáil. 

Beidh aicsean an Domhnaigh ar TG4 againn ó chontae an Chláir nuair a chasfaidh An Chreatalach, tánaistí 2019, ar Eidhneach-Cill na Móna i gcluiche ceathrú ceannais eile. 

Go dtí seo tá cúpla cluiche club feicthe againn a bhí an-taitneamhach agus tá súil agam go mbeidh siamsaíocht an deireadh seachtaine amhlaidh. 

Fág freagra ar 'Henry, JJ, DJ, Tommy agus TJ – na fir nach gá ach a gcéad ainm a lua'

  • file

    Joe?