Halla na Cathrach i mBéal Feirste le soilsiú mar chomhartha tacaíochta do chearta teanga

Soilseofar Halla na Cathrach ar an 21 Bealtaine, an lá céanna a mbeidh mórshiúl á reáchtáil sa chathair ag lucht feachtais na Gaeilge

Halla na Cathrach i mBéal Feirste le soilsiú mar chomhartha tacaíochta do chearta teanga

Tá Halla na Cathrach i mBéal Feirste le soilsiú an mhí seo chugainn chun tacaíocht a léiriú do chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh.

Soilseofar Halla na Cathrach ar an 21 Bealtaine, an lá céanna a mbeidh mórshiúl á reáchtáil sa chathair ag lucht feachtais na Gaeilge.

Aontaíodh ag cruinniú coiste de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le gairid Halla na Cathrach a shoilsiú. Rinneadh soilsiú dearg ar an bhfoirgneamh cheana in 2019 mar chomhartha tacaíochta do na héilimh ar chearta teanga sa Tuaisceart.

Sinn Féin a mhol an rún, inar dúradh gur thacaigh an Chomhairle leis an bhfeachtas ar son chearta teanga Gaeilge agus le cur i bhfeidhm na reachtaíochta don Ghaeilge. Tá sé “thar am” aitheantas a thabhairt sa dlí do lucht na Gaeilge sa chathair agus ar fud Thuaisceart Éireann, a dúradh, mar a gealladh i gcomhaontais síochána roimhe seo.

Staon comhairleoirí de chuid an DUP ón vóta. Dúirt urlabhraí de chuid an pháirtí ina dhiaidh gur moladh an rún déanach sa lá agus nach raibh an t-am acu é a fhiosrú.

Tá sé beartaithe ag an ngrúpa feachtais An Dream Dearg mórshiúl a eagrú Dé Sathairn, an 21 Bealtaine, chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge a míshástacht a léiriú maidir leis an moill atá ar thabhairt isteach reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh.

Mar chuid den Lá Dearg 2022, beidh mórshiúl á reáchtáil idir Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

Deir An Dream Dearg go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht breis is 5,600 lá, níos mó ná 15 bliain, ar reachtaíocht don Ghaeilge. Gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006 go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge.

Gealladh le cúpla bliain anuas go dtabharfaí reachtaíocht chultúir, teanga agus féiniúlachta isteach i dTuaisceart Éireann ach tá teipthe ar Fheidhmeannas Stormont agus Rialtas na Breataine sin a dhéanamh.

Shiúil ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge amach as cruinniú le Rialtas na Breataine ar an ábhar an tseachtain seo caite á rá nach fiú tuilleadh plé a dhéanamh go dtí go mbeidh dáta socraithe chun an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Halla na Cathrach i mBéal Feirste le soilsiú mar chomhartha tacaíochta do chearta teanga'