Tá ráite ag Conradh na Gaeilge nach fiú don eagraíocht tuilleadh plé a dhéanamh le Rialtas na Breataine maidir le hacht teanga go dtí go mbeidh dáta socraithe chun an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm.
Shiúil ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge amach as cruinniú le Conor Burns, Aire Stáit in Oifig Thuaisceart Éireann, tar éis dó diúltú am a chinntiú le cur i gclár ama Westminster chun an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.
Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil aon mhuinín acu i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga agus go raibh an Rialtas sin “fealltach bréagach” maidir lena gcuid iarrachtaí an reachtaíocht a thabhairt isteach.
Gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, teanga agus féiniúlachta isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine ó tharla gur theip ar an Tionól ó thuaidh an beart a dhéanamh. Chuaigh siad siar ar an ngeallúint sin, áfach, agus é deimhnithe nach ndéanfar amhlaidh.
Dúirt Conor Burns MP, aire stáit in Oifig Thuaisceart Éireann cúpla seachtain ó shin nach mbeadh an t-am ann an reachtaíocht a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont toisc go raibh ábhair eile le plé, reachtaíocht faoin Úcráin ina measc.
Agus é ag bualadh le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste inniu, cruinniú a bhí le bheith ann ar dtús mí Mheán Fómhair seo caite, dhiúltaigh Conor Burns dáta a thabhairt maidir le cén uair a d’fhéadfaí an reachtaíocht a thabhairt isteach in Westminster agus chinn lucht Chonradh na Gaeilge deireadh a chur leis an gcruinniú.
“Tháinig muid chuig an chruinniú le Rialtas na Breataine agus muid ag súil le huasdátú oifigiúil maidir le teacht isteach na reachtaíochta seo don Ghaeilge,” a dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.
“D’iarr muid go soiléir ar an Aire dáta cruinn oifigiúil a chur ar fáil i gclár ama na Parlaiminte agus ar an drochuair ní raibh an tAire sásta sin a dhéanamh. Ní raibh de rogha againn ag an phointe sin ach deireadh a chur leis an chruinniú.”
Dúirt Donnelly go raibh breis agus naoi mí ag Rialtas na Breataine leis an reachtaíocht, a bhí ullmhaithe agus réidh a dúirt sí, a thabhairt isteach.
“Ní raibh i gceist leis an mhoill seo ach moill pholaitiúil. Chuir muid in iúl don Aire, má bhíonn muid le cruinniú eile a dhéanamh, go dtarlóidh sé sin ar an bhunús go bhfuil dáta cruinn againn agus go bhfuil an reachtaíocht á cur fríd.”
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh Rialtas na Breataine tar éis “cúlú go suntasach óna gcoimitmintí” maidir leis an reachtaíocht.
“Is Rialtas é seo ar theip orthu reachtaíocht a bhí réidh le dul a chur i bhfeidhm, Rialtas ar theip orthu coimitmintí poiblí a chomhlíonadh. Creidimid go raibh siad fealltach bréagach ina gcuid iarrachtaí an cheist seo a réiteach, agus ar deireadh, gur chinn siad an reachtaíocht seo a chur ar an mhéar fhada.”
Dúirt Ó Muadaigh nach raibh “aon leithscéal inchreidte” a thabharfadh míniú ar theip Rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt isteach seachas go bhfuiltear “ag déanamh tosaíochtaí de réir a gcláir pholaitiúil féin”.
“Rinne Brandon Lewis agus Conor Burns cinnte de go mbeadh Acht Gaeilge fós ina chnámh spairne i dtréimhse toghchánaíochta, agus ina ceist atá fós gan réiteach le linn na hidirbheartaíochta a leanfas an toghchán sin. Tá an locht sin orthu. Má tá muid dáiríre faoi shochaí a chothú ina bhfuil meas agus cosaint ann do chearta teanga, is ceist í seo ar gá í a réiteach láithreach,” a dúirt Ó Muadaigh.
Séamus O Coscair
Agus Sinn Féin ina shuí ar a lámha. Is mór an náire é.