Gúna Árannach san iomaíocht i gCraobh Chonnacht Junk Kouture

Vótáil ar siúl go deireadh an lae inniu sa chomórtas 'ina ndéantar faisean as bruscar a bheadh le caitheamh amach'

Gúna2Beidh triúr Árannach; Gráinne Ní Chonghaile, Béibhinn Ní Bhuaigh agus Córa Ní Chonghaile, ag tabhairt aghaidh ar Chaisleán an Bharraigh i gceann coicíse do chraobh Chonnacht an chomórtais Junk Kouture. Dhear an triúr gúna atá déanta d’earraí athchúrsáilte don chomórtas náisiúnta “ina ndéantar faisean as bruscar a bheadh le caitheamh amach.”

Sula mbeidh comórtas an chúige ann ar 11 Márta féadfaidh an pobal a vóta a chaitheamh don fheisteas is fearr leo ar shuíomh an chomórtais go dtí deireadh an lae inniu, Dé hAoine an 27 Feabhra.

Tá an triúr cailíní ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin. Rinne siad a ngúna, ar a dtug siad ‘Caged Rage’, le cúnamh an mhúinteora tís Sarah Ní Dhúill, as píosa copair, plaisteach crua dubh, seanchúirtín agus pacáistiú pónairí.

“Fuair muid an ionspioráid ó ghúna a rinne dearthóir as Londain a bhí le feiceáil ag an New York Fashion Week. Rinneadh ár ngúna de rudaí a úsáideann tú chuile lá sa mbaile, boscaí agus pacáistí difriúla.

“Ní fhéadfainn a rá cé méid boscaí nó málaí a d’úsáid muid ach bhí go leor ann. Rinne muid an obair uilig le cúnamh ónár múinteoir,” a dúirt Gráinne Ní Chonghaile atá sa chúigiú bliain le Tuairisc.ie.

Is scoil bheag oileánda í Coláiste Naomh Eoin nach bhfuil ach 31 scoláire ag freastal uirthi. Is iad Gráinne, Córa agus Béibheann an t-aon dream ón taobh sin de Chontae na Gaillimhe a bheidh ag tabhairt aghaidh ar an gcomórtas i gCaisleán an Bharraigh agus súil acu dul ar aghaidh chuig an gcomórtas náisiúnta níos deireanaí i mbliana.

 

Fág freagra ar 'Gúna Árannach san iomaíocht i gCraobh Chonnacht Junk Kouture'