‘Grúpaí báis’ an Olltoghcháin i gCiarraí agus Baile Átha Cliath

Mar gheall ar laghdú na Dála, tá bás polaitiúil dosheachanta ag bagairt ar cheathrar Teachtaí Dála ar a laghad san olltoghchán

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured Leinster House in Dublin this afternoon looking through the gates. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Má bhaineann tú sult as coimhlint go héag (sa saol polaitiúil), is fiú súil a choimeád ar na dáilcheantair ar mó líon na dTeachtaí Dála iontu ná líon na suíochán a bheas ar fáil dóibh in olltoghchán 2016.

Is i gceithre dháilcheantar atá géariomaíocht ar bun ar chúis dá leithéid, de réir an áirimh bhreá atá á dhéanamh go leanúnach ag an tíreolaí as Ollscoil Mhá Nuad, Adrian Kavanagh. Is féidir teacht air ag adriankavanaghelections.org.

Sa Dáil, tá an iomarca ama á chaitheamh ar bhréagdhíospóireacht agus ar bhuaileam sciath réamhthoghcháin, mar a tharlaíonn de ghnáth i ngach Dáil atá ag teannadh lena críoch. Lasmuigh den Dáil, ní foláir do gach Teachta Dála cuimhneamh ar na rásaí áitiúla ar a dtugtar olltoghchán.

Toghadh 166 Teachta Dála in olltoghchán 2011. Ní thoghfar ach 158 Teachta an bhliain seo chugainn. Is mar gheall ar an laghdú agus ar athchóiriú na ndáilcheantar atá scata Teachtaí Dála faoi bhrú ar leith. Thíos, tá líon na dTeachtaí Dála a toghadh sna dáilcheantair seo a leanas i 2011 curtha i gcló sula gcuirtear líon na dTeachtaí a thoghfar i 2016 ina dhiaidh.

Ciarraí

Aire Stáit an Diaspóra, Jimmy Deenihan. Pictiúr: Photocall Ireland

Seisear Teachtaí Dála a thogh muintir Chiarraí in dhá dháilcheantar in olltoghchán 2011. Ní thoghfar ach cúigear an iarraidh seo, in aon dáilcheantar amháin. Fágann aontú an chontae nach mbeidh ach cúig shuíochán Dála ar fáil sa Ríocht, agus seisear teachtaí á lorg, chomh maith le hiarrthóirí eile:

1. An t-aire stáit Jimmy Deenihan (Fine Gael).
2. Brendan Griffin (Fine Gael).
3. Martin Ferris (Sinn Féin).
4.Tom Fleming (neamhspleách).
5. Michael Healy-Rae (neamhspleách).

Baile Átha Cliath Láir

An tAIre Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAIre Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh i lár na príomhchathrach san iomaíocht arís an babhta seo, ach tá limistéar an Dáilcheantair laghdaithe ó shin, agus gan ach trí shuíochán ar fáil don cheathrar seo:

1. An t-aire iompair Paschal Donohue (Fine Gael).
2. Joe Costello (Lucht Oibre).
3. Mary Lou McDonald (Sinn Féin).
4. Maureen O’Sullivan (Neamhspleách).

Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin

Joe Costello Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Dáilcheantar eile inar fhág an t-athchóiriú rogha an dá dhíogha ag seisear Teachtaí Dála a toghadh i mBaile Átha Cliath Theas i 2011. Níl ach trí shuíochán fágtha laistigh den dáilcheantar athchóirithe.

Murach cinneadh an Teachta Dála, Olivia Mitchell (Fine Gael) gan seasamh arís, bheadh an chontúirt atá ag bagairt ar an gceathrar Teachtaí Dála atá san iomaíocht níos géire fós. Beidh duine (ar a laghad) den cheathrar dífhostaithe tar éis an olltoghcháin:

1. An tIar-Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter (Fine Gael).
2. An tAire Cumarsáide Alex White (Lucht Oibre).
3. Shane Ross (neamhspleách).
4. Peter Matthews (neamhspleách) a toghadh mar iarrthóir d’Fhine Gael i 2011 ach a cuireadh amach as an bpáirtí ó shin tar éis dó vótáil in aghaidh an rialtais sa Dáil.

An Cabhán – Muineachán 5/4

25/09/2014. Heather Humphreys. Pictured Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Heather Humphreys TD speaking at the opening the National Youth Arts Showcase in the National Museum in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
An tAire Heather Humphreys. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Réitigh Seán Conlon (Fine Gael) fadhb don pháirtí sin nuair a d’fhógair sé Dé Máirt gur mar neamhspleách a sheasfaidh sé san olltoghchán. Ach níor mhaolaigh a éirí as an bhunfhadhb atá ag cur imní ar an gcúigear a toghadh anseo i 2011: ní bheidh ach ceithre shuíochán ar fáil i 2016.

1. An tAire Ealaíne, Cultúir agus Gaeltachta, Heather Humphreys (Fine Gael).
2. Joe O’Reilly (Fine Gael).
3. Brendan Smith (Fianna Fáil).
4. Caoimhghín Ó Caoláin (Sinn Féin).
5. Sean Conlon (Neamhspleách)

Corcaigh Lár-Theas 5/4

Pictiúr: Photocall Ireland

An t-aon dáilcheantar sa Stát ina bhfuil beirt Theachtaí Dála ag Fianna Fáil. Tá an bheirt i measc cúigear atá ag iarraidh suíochán a fháil agus gan ach ceithre cinn ar fáil i 2016.

1. An tAire Talmhaíochta agus Cosanta Simon Coveney (Fine Gael).
2. Jerry Buttimer (Fine Gael).
3. Ciarán Lynch (Lucht Oibre).
4. Micheál Martin (Fianna Fáil).
5. Michael McGrath (Fianna Fáil).

Tugtar ‘grúpa báis’ ar na fo-ranna i gcomórtas peile Chorn an Domhain inar léir roimh ré go mbeidh foireann láidir amháin díomhaoin tar éis an chéad bhabhta imeartha. Tá díbirt amháin cinnte sna cluichí polaitiúla atá faoi chaibidil thuas. Nó níos mó b’fhéidir.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar '‘Grúpaí báis’ an Olltoghcháin i gCiarraí agus Baile Átha Cliath'