Grúpa oibre le bunú le féachaint ar fheabhas a chur ar an soláthar oideachais Gaeilge tríú leibhéal

Tá sé ráite go minic ag polaiteoirí agus lucht feachtais le roinnt blianta anuas go dteastaíonn níos mó cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge má táthar le sprioc earcaíochta an stáit maidir le cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach

Grúpa oibre le bunú le féachaint ar fheabhas a chur ar an soláthar oideachais Gaeilge tríú leibhéal

Tá grúpa oibre le bunú ag an Aire Ardoideachais James Lawless chun féachaint ar an easpa soláthar oideachais i nGaeilge ag an tríú leibhéal.

Tá conspóid le tamall ann faoina laghad cúrsaí i nGaeilge atá ar fáil, go háirithe i bhfianaise na sprice reachtúla go mbeadh 20% d’earcaigh chun na seirbhíse poiblí inniúil sa nGaeilge faoi 2030.

Léirigh tuairisc ar an suíomh seo níos túisce i mbliana nach raibh an tAire ná an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) in ann a rá fiú cé mhéad cúrsa tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge ná cé mhéad mac léinn atá ag freastal orthu.

Deir an tAire Lawless anois go gcaithfear “níos mó” a dhéanamh ar son na Gaeilge ag an tríú leibhéal.

Dúirt sé go ndíreodh an grúpa oibre nua ar “na riachtanais oideachas tríú leibhéal do scileanna Gaeilge san earnáil phoiblí”.

Dúirt an tAire Lawless i bhfreagra a thug sé ar cheist Dála ón Teachta Dála Shónagh Ní Raghallaigh go mbeidh ionadaithe óna Roinn féin agus ó Roinn na Gaeltachta ina gcomhchathaoirligh ar an ngrúpa oibre nua.

Mhaígh sé gur grúpa “tras-earnála” a bheidh ann agus go dtabharfar le chéile ann “oifigigh ó ranna ábhartha rialtais agus gníomhaireachtaí stáit” chomh maith le hionadaithe ó earnálacha an ardoideachais agus an bhreisoideachais.

“Is é an cuspóir a bheidh [ag an ngrúpa] ná machnamh a dhéanamh ar cén chaoi a bhféadfadh an soláthar iomlán oideachais tríú leibhéal: an t-ardoideachas, an breisoideachas agus oiliúint, printíseachtaí, an uasoiliúint, agus an athoiliúint tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta [um Seirbhísí Poiblí Gaeilge],” a dúirt Lawless.

Dúirt sé go bhfuil an Rialtas “tiomanta”, an t-oideachas trí Ghaeilge “a threisiú” ag gach leibhéal “óna luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal” agus go gcinnteoidh [an Rialtas] go mbeidh cur chuige “comhtháite agus inbhuanaithe” ann don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Lawless gur cheart don Rialtas “níos mó” a dhéanamh le tacú leis an nGaeilge in institiúidí tríú leibhéal na tíre.

“D’fhéadfaimis agus ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh le tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Sin an fáth a bhfuil treoir tugtha agam do mo chuid oifigeach tabhairt faoi chlár oibre a thiocfaidh le spriocanna an Phlean Náisiúnta,” a dúirt sé.

Dúirt Lawless go raibh an grúpa nua oibre mar chuid den treoir sin atá tugtha aige d’oifigigh na Roinne Ardoideachais. D’iarr an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Shónagh Ní Raghallaigh ar an aire a mhachnamh a dhéanamh ar shuirbhé a dhéanamh ar an bhfoireann teagaisc in ollscoileanna na hÉireann go bhfeicfeadh cén líon acu an bhfuil an Ghaeilge acu agus an mbeidís sásta cúrsaí tríú leibhéal a mhúineadh trí Ghaeilge.

Gheall an tAire Lawless i mí Dheireadh Fómhair go gcuirfeadh sé le líon na gcúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

Dúirt sé gur “suimiúil” an múnla atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag – trína gcuirtear deontais bhreise ar fáil d’institiúidí a chuireann cúrsaí ar fáil trí Bhreatnais – agus gur phléigh sé scéimeanna printíseachta sa Bhreatnais agus sa Ghaeilge le baill de pharlaimint na Breataine Bige níos luaithe i mbliana.

Tá sé ráite go minic ag polaiteoirí agus lucht feachtais le roinnt blianta anuas go dteastaíonn níos mó céimithe le Gaeilge má tá sprioc earcaíochta an stáit maidir le cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí le baint amach.

Ach is beag dul chun cinn atá déanta, agus tá sé ráite go minic ag airí Ardoideachais agus ag oifigigh na roinne sin go bhfuil neamhspleáchas ag na hinstitiúidí tríú leibhéal agus nach féidir le rialtas a rá leo céard atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc.

Dúirt iar-uachtarán de chuid Ollscoil na Gaillimhe le déanaí nach aon leithscéal é neamhspleáchas na n-institiúidí tríú leibhéal nuair a thagann sé go dtí forbairt tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Grúpa oibre le bunú le féachaint ar fheabhas a chur ar an soláthar oideachais Gaeilge tríú leibhéal'

  • Lillis Ó Laoire

    Bhí cúrsaí go leor á múineadh trí Ghaeilge i nGaillimh tráth agus tá lagú leanúnach déanta ar an múnla a bhí ann rogha Ghaeilge a chur ar fáil in ábhair áirithe. Tá sampla maith den rud atá indéanta le feoceáil i Roinn na Matamaitice. B’fhiú acmhainní sa bhreis a chur ar fáil leis na creatlaigh sin a athneartú arís, in ainneoin fhaillí na mblianta.