GRAFAIC EOLAIS: Treoir do thoghcháin na hEorpa…

Beidh Toghchán na hEorpa á reáchtáil in 27 ballstát an Aontais idir an 6-9 Meitheamh i mbliana

GRAFAIC EOLAIS: Treoir do thoghcháin na hEorpa…

Gach cúig bliana iarrtar ar shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iarrthóirí a thoghadh chuig Parlaimint na hEorpa.

Beidh Toghchán na hEorpa á reáchtáil in 27 ballstát an Aontais idir an 6-9 Meitheamh i mbliana.

Beidh muintir na hÍsiltíre ar an chéad dream le vóta a chaitheamh sa toghchán a bheas á reáchtáil ansin ar an 6 Meitheamh. In Éirinn, beidh toghchán na hEorpa á reáchtáil ar an 7 Meitheamh, an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus, seans, toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta.

720 suíochán a bheas sa pharlaimint i ndiaidh thoghchán mhí an Mheithimh, 15 suíochán sa bhreis ná mar a bhí ar fáil sa toghchán deireanach in 2019.

Beidh an 15 suíochán breise á roinnt idir 12 tír. Déanfar beirt iarrthóirí breise a thoghadh sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Ísiltír agus beidh iarrthóir breise amháin á thoghadh san Ostair, sa Danmhairg, sa Bheilg, sa Pholainn, san Fhionlainn, sa tSlóvaic, sa tSlóivéin, i Laitvia agus in Éirinn, rud a fhágann go mbeidh 14 feisire as Éirinn i bParlaimint na hEorpa i ndiaidh an toghcháin.

 

Déantar suíocháin na Parlaiminte a roinnt ar thíortha an Aontais roimh gach toghchán bunaithe ar na staidrimh is déanaí faoin daonra chomh maith le rialacha eile. 750 an t-uasmhéid suíochán sa pharlaimint agus bíonn seisear feisirí ar a laghad ag gach aon tír san Aontas agus ar a mhéad 96 suíochán.

Tá seisear feisirí, an líon is lú, le toghadh sa Chipir, i Lucsamburg agus i Málta sna toghcháin i mbliana agus tá an t-uasmhéid, 96 feisire, le toghadh sa Ghearmáin i dtoghchán an Mheithimh.

Tá córais vótála éagsúla i bhfeidhm i dtíortha an aontais. In Éirinn, úsáidtear córas an aon vóta inaistrithe, nó PR-STV. Iarrtar ar vótálaithe uimhir a chur le gach iarrthóir in ord a rogha agus toghfar iarrthóirí nuair a bhaineann siad cuóta áirithe amach. Aistrítear na vótaí ó na hiarrthóirí a bhfuil an líon is lú vótaí acu chuig dara rogha na vótálaithe. Leantar d’aistriú na vótaí de réir mar a chuirtear iarrthóirí as an áireamh go dtí go líontar na suíocháin ar fad.

Is féidir le saoránaigh na mballstát a bhfuil cónaí orthu i dtíortha eile san Aontas Eorpach vóta a chaitheamh sa toghchán. Caithfear clárú le vóta a chaitheamh le d’údarás áitiúil ar a laghad 15 lá sula ndéantar an toghchán a reáchtáil.

Fág freagra ar 'GRAFAIC EOLAIS: Treoir do thoghcháin na hEorpa…'