Gradam speisialta le bronnadh ar ‘Ros na Rún’

Tá Oireachtas na Gaeilge le haitheantas ar leith a thabhairt do Ros na Rún ag ócáid na nGradam Cumarsáide i mbliana

Tadhg & Frances
Macdara Ó Fátharta (‘Tadhg’) agus Anne Marie Horan (‘Frances’)

Bronnfar Gradam Speisialta ar Ros na Rún, an t-aon sobaldráma Gaeilge sa tír, ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015 a bheidh ar siúl i gCathair na Gaillimhe faoi cheann seachtaine. Fiche bliain ó shin a tháinig Ros na Rún ar an aer den chéad uair agus deir Óireachtas na Gaeilge a chinn gradam a bhronnadh ar an sraith gurbh é “an léiriúchán neamhspleách is mó riamh a ndearnadh coimisiúnú air i stair na craoltóireachta in Éirinn”.

Dúirt Deirdre Ní Fhlatharta, léiritheoir sraithe Ros na Rún gur léiriú é an Gradam Speisialta seo ar “an tóir agus ar an ngean atá ag an bpobal féachana” ar Ros na Rún. Dúirt sí go dtugann sé aitheantas freisin “do chruthaitheacht agus do dhíograis” na n-aisteoirí agus na foirne léirithe. Bíonn fáilte i gcónaí roimh ghradaim”, a deir sí, “ach is onóir ar leith é gradam a fháil ón Oireachtas.”

Tá os cionn 140 duine ag obair ar Ros na Rún, a chraoltar faoi dhó sa tseachtain, ina measc 41 aisteoir rialta agus suas le 70 aisteoir breise gach seachtain. Tá 13 stiúrthóir agus 13 scríbhneoir ag obair ar an sraith agus maítear go mbíonn “suas le 150,000 duine” ag breathnú ar an gclár chuile sheachtain.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Ealaíne Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais gur “sraith cheannródaíoch” atá i Ros na Rún a thugann léargas ar leith dúinn “ar shaol comhaimseartha na Gaeltachta agus, chomh maith leis sin, a bhfuil fostaíocht shuntasach curtha ar fáil aige” in earnáil na teilifíse thar na blianta.

Glacfaidh Deirdre Ní Fhlatharta, léiritheoir sraithe Ros na Rún, leis an nGradam Speisialta ar an oíche. Is é Aengus Mac Grianna ó RTÉ a bheidh ina Fhear an Tí ar Shearmanas Bronnta na nGradam.

Fág freagra ar 'Gradam speisialta le bronnadh ar ‘Ros na Rún’'