Tá an Gradam Comaoine bronnta ar Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ag an Royal Television Society.
Ghlac Esslemont, atá ag éirí as a phost an mhí seo chugainn, leis an ngradam ag ócáid bhronnta na nGradam RTS i mBaile Átha Cliath aréir.
Ba é seo an chéad uair don RTS Gradam Comaoine a bhronnadh agus bronnadh an gradam ar Esslemont mar aitheantas ar an obair atá déanta aige le craoltóireacht na Gaeilge agus craoltóireacht na hÉireann a chur chun cinn.
Tá Esslemont, a ceapadh ina cheannasaí ar TG4 in 2016, ag plé leis na meáin Ghaeilge le beagnach dhá scór bliain agus é ar dhuine d’fhoireann bhunaidh na cuideachta léiriúcháin, Telegael, i nGaeltacht Chonamara ag deireadh na n-ochtóidí. I 1995 a ceapadh é ar fhoireann ardbhainistíochta Theilifís na Gaeilge, an stáisiún a seoladh an bhliain dár gcionn.
Ar na rudaí is suntasaí a bhain TG4 amach faoi stiúir Esslemont, bhí bunú na scéime scannán Cine4, comhfhiontar idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, agus seoladh an chainéil nua do pháistí, Cúla4.
Mhol Agnes Cogan, Cathaoirleach RTS Ireland, an oidhreacht atá fágtha ag Esslemont.
“Tá sé mar aidhm againn ardchaighdeán cruthaitheachta agus teicneolaíochta i dtionscal na teilifíse a chur chun cinn agus a spreagadh, agus níl a shárú déanta ag aon duine eile ina leith sin is atá déanta ag Alan Esslemont,” a dúirt Cogan.
“Bhí an méid a chuir Alan le saol teilifíse na hÉireann thar a bheith tábhachtach ó thaobh spreagadh agus uaillmhian de, agus ó thaobh é sin a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil TG4, faoina stiúir, anois i mbarr réime i réimsí na meán agus na scannánaíochta.
“Tá TG4 ag fás, agus ag dul chun cinn agus ag cur le réimse na meán seirbhíse poiblí. Guímid gach rath air amach anseo, agus gabhaimid buíochas leis as gach a bhfuil bainte amach aige i saol na craoltóireachta in Éirinn.”
Chomh maith leis an ngradam speisialta a bronnadh ar Esslemont, thug saothair de chuid TG4 dhá ghradam eile leo ón ócáid. Bronnadh an gradam ‘Ábhar le Script’ ar an tsraith drámaíochta CRÁ, a léirigh Fíbín agus Zoogon, agus bhuaigh an craoladh Rugbaí Beo ar an gcluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean mí na Nollag an gradam ‘Spóirt Bheo’. Iris Productions a léirigh.
Fág freagra ar 'Gradam Comaoine bronnta ar Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont'