GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leabharlann Nua oscailte i mBaile Uí Ógáin, ina bhfuil spás céadfach tiomnaithe, limistéar do dhéagóirí agus seomraí ceoil & cruthaitheachta

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin oscailt oifigiúil Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin ar Champas Cathartha Samuel Beckett a fhógairt. Tá an leabharlann nua-aimseartha seo, ina bhfuil achar 1,300 méadar cearnach thar dhá urlár, ina spás fáilteach don phobal ar fad agus is í an chéad leabharlann sa Chontae ina bhfuil spás […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leabharlann Nua oscailte i mBaile Uí Ógáin, ina bhfuil spás céadfach tiomnaithe, limistéar do dhéagóirí agus seomraí ceoil & cruthaitheachta

An Cathaoirleach, an Clr Jim O'Leary agus an tAire Dara Calleary TD le daltaí ó Ghaelscoil Shliabh Rua

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin oscailt oifigiúil Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin ar Champas Cathartha Samuel Beckett a fhógairt. Tá an leabharlann nua-aimseartha seo, ina bhfuil achar 1,300 méadar cearnach thar dhá urlár, ina spás fáilteach don phobal ar fad agus is í an chéad leabharlann sa Chontae ina bhfuil spás céadfach tiomnaithe, limistéar tiomnaithe do dhéagóirí, stiúideo ceoil agus seomra cruthaitheachta.

Bhí an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, in éineacht leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, chun an tsaoráid nua iontach seo a oscailt go hoifigiúil. Beidh Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin ina háis luachmhar, agus leis an 169,000 cuairteoir a mheastar a bheith ann in aghaidh na bliana, cuirfear go mór leis an milliún cuairteoir nó mar sin a thagann chuig ocht gcraobh leabharlainne na Comhairle cheana féin. Tá an leabharlann nua seo mar chuid de chlár caipitil leabharlainne níos leithne, agus tá leabharlann nua do Stigh Lorgan á tógáil faoi láthair.

“Táimid thar a bheith sásta doirse Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin a oscailt don phobal,” a dúirt an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. “Dearadh an leabharlann nua seo le hionchur ó mhuintir na háite, agus táimid ar bís spás a chur ar fáil ina bhfreastalófar ar riachtanais agus spéiseanna éagsúla phobal an cheantair. Mar an ceantar is mó fás sa chontae, is acmhainn ríthábhachtach don phobal í Leabharlann Bhaile Uí Ógáin. Leis na háiseanna agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil sa leabharlann seo, déanfar saol na n-áitritheoirí a shaibhriú agus cuirfear le forbairt chultúir agus oideachasúil an phobail.”

Tá limistéar tiomnaithe do dhéagóirí, mol céadfach Cubbie, spás imeachtaí, stiúideo ceoil, seomra cruthaitheachta, agus seirbhísí inrochtana sa leabharlann, rud a fhágann go mbeidh sí ina mol don fhoghlaim, don chruthaitheacht, agus don scíth. Táthar ag súil go mbeidh an leabharlann ina hacmhainn ríthábhachtach don phobal, ar pobal é a bhfuil daonra óg ilchineálach ann, lena n-áirítear roinnt scoileanna sa gharchomharsanacht. Léiriú is ea na daltaí ó Ghaelscoil Shliabh Rua agus ó LRC Bhaile Uí Ógáin atá linn ag an oscailt ar fhonn an phobail an tsaoráid nua a fhiosrú.

Is éard a dúirt Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:

“Tá Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin ina heiseamláir dár dtiomantas saoráidí cultúir, pobail, agus spóirt a sholáthar do cheantair ina bhfuil gá leo, ag teacht le mianta an Phlean Chorparáidigh nua. Sa leabharlann, atá lonnaithe in áitreabh pobail, cuirtear seirbhísí comhroinnte ar fáil, chomh maith le rochtain áisiúil ar iompar poiblí cosúil leis an Luas. Is í seo an naoú leabharlann a osclaíodh sa chontae agus bainfidh muintir an cheantair seo atá ag fás go tapa an-tairbhe go deo aisti. Ár mbuíochas ó chroí agus comhghairdeas lenár bhfoirne agus lenár gcomhpháirtithe a d’oibrigh ar an tionscadal seo agus a thacaigh leis.”

Is spás fáilteach í Leabharlann nua Bhaile Uí Ógáin a dearadh agus tús áite á thabhairt don phobal. Le limistéir éagsúla inrochtana atá in oiriúint d’aoiseanna éagsúla, leithreas, rochtain ardaitheora ar spásanna ciúna staidéir, spásanna céadfacha, agus áiseanna do theaghlaigh óga, tá sé mar aidhm leis an leabharlann pobail inbhuanaithe a chruthú.

Bhí rannpháirtíocht leis an bpobal ina cloch choirnéil i bhforbairt na leabharlainne, ag cinntiú go gcomhlíonann an dearadh agus an leagan amach riachtanais na n-áitritheoirí áitiúla. Le leabhair nua, DVDanna, spásanna staidéir, rochtain idirlín, agus raon acmhainní ar líne, tá rud éigin do gach duine i Leabharlann Bhaile Uí Ógáin. Beifear ag feidhmiú ó Luan go hAoine ó 9.30am go 5pm ar dtús, ach tá sé beartaithe go ndéanfar uaireanta oscailte Leabharlann Bhaile Uí Ógáin a leathnú go luath. Tá an leabharlann nua seo mar chuid d’fhorbairt leanúnach Champas Cathartha Samuel Beckett, agus tá pleananna ann do linn snámha, halla spóirt, seomra aclaíochta, agus áiseanna spóirt eile sa chéad chéim eile den tionscadal.

Ag oscailt na leabharlainne nua go hoifigiúil dó, is éard a dúirt Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta:

“Tá áthas orm an tsaoráid leabharlainne is nuaí na hÉireann a oscailt go hoifigiúil i mBaile Uí Ógáin. Is príomhthosaíocht dom mar Aire infheistíocht a dhéanamh i seirbhís leabharlainne na tíre agus téann an phríomhthosaíocht sin go croí ár straitéise leabharlainne poiblí. Is mian liom moladh a thabhairt d’fhoireann na leabharlainne, d’oifigigh na comhairle agus don phobal a d’oibrigh le chéile chun é seo a chur i gcrích. Tá ríméad orm freisin gur féidir le mo Roinn tacú leis an tionscadal seo le hinfheistíocht iomlán de €450,000 faoi Chlár Caipitil na Leabharlann. Tá na háiseanna anseo ar an gcaighdeán is airde, le spás cultúir iontach do thaibhithe, stiúideo tiomnaithe do phodchraoltaí agus ceol agus spás tiomnaithe do dhéagóirí”.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin aitheantas a thabhairt don tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun cuid de threalamh Leabharlann Bhaile Uí Ógáin a mhaoiniú.

Pic1: An Clr Tom Murphy, an Clr Oisin O’Connor, an Clr Michael Flemming, an Cathaoirleach, an Clr Jim O’Leary, an Clr Lettie McCarthy, an Clr Kevin Daly, an tAire Dara Calleary TD, an Clr Pierce Dargan agus an Clr Kazi Ahmed ag seoladh oifigiúil Leabharlann Bhaile Uí Ógáin.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leabharlann Nua oscailte i mBaile Uí Ógáin, ina bhfuil spás céadfach tiomnaithe, limistéar do dhéagóirí agus seomraí ceoil & cruthaitheachta'

  • Fiachra

    Tá foireann an tí seo fáilteach agus fíor chabhraitheach leo siúd a úsáideann an tseirbhís. Chaith Seán breis agus fiche nóiméad ag cabhrú liomsa teacht ar thagartaí iomadúla a bhí dá lorg agam. (Dob oth leis nach bhfuil ar a gcumas iasachtaí idir leabharlainne a fháil ón mBritish Lending Library a thuilleadh, toisc go ngearann siad siúd táile de £70.00 ar an leabharlann as gach uile iasacht agus nach acmhain dóibh an costas seo a sheasamh cás go mbeadh éileamh chomh trom sin air.)