Fáilte chuig an naoú Féile Staire bhliantúil de chuid Fhine Gall, a sheol an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall. Beidh an fhéile ar siúl ón Luan an 29 Meán Fómhair go dtí an Satharn an 11 Deireadh Fómhair 2025 ar fud ár mbrainsí leabharlainne.
I mbliana tá 13 chaint spreagúla agus turas oidhreachta curtha ar áireamh inár gclár againn. Clúdaítear leis na topaicí atá ar áireamh Mainistir Loreto, Baile Brigín, Caisleán Bhaile Lotrail, eispéireas cócaireachta i dTeach an Droichid Nua agus stair Reilig Bhrí Mhór. Labhróidh daoine mór le rá amhail Myles Dungan (Land and the Irish Free State 1922-39), Turtle Bunbury (Vanishing Ireland) agus Flor MacCarthy (From Ireland to the Stars) freisin. Le cabhair ón Dr Derville Murphy, tabharfaidh an Dr Elaine Farrell agus an Dr Leanne McCormack caint faoi na daoine suimiúla a chlúdaítear sa phodchraoladh agus sa leabhar dar teideal ‘Bad Bridget’ le linn plé beoga.
Beidh Lá na Staire ag an Leabharlann ar siúl Dé Sathairn, an 4 Deireadh Fómhair i Leabharlann Carnegie ar an tSráid Thuaidh, Sord. Clúdóidh ár gceathrar cainteoirí topaicí éagsúla amhail Stair Leabharlann Carnegie, Sord (10am), Campa Saoire Gentours, na Sceirí (11.30am), Torthaí tástála DNA a úsáid chun cur le Stair di Mhuintire (2pm); agus Amharclann Ríoga dheireanach Bhaile Átha Cliath (3.15pm).
Táimid ag comhoibriú an athuair i mbliana le Cumann Oidhreachta Chluain Saileach agus Bhaile an Phóirtéaraigh. Téigh i bpáirt leo ar thuras treoraithe 90 nóiméad ar Eaglais agus Reilig Mhuire, Cluain Saileach. (Turas Oidhreachta Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair @ 3pm – tionóil ag Eaglais Mhuire).
Tá súil againn go mbeidh rud éigin ann ina mbeidh spéis ag gach duine. Tá na himeachtaí uile saor in aisce don phobal, ach d’fhéadfadh an líon áiteanna a bheith teoranta. Mar sin de, moltar áirithint a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, beimid ag dáileadh cóipeanna de Fingal Studies 6, ár n-irisleabhar ar an stair áitiúil atá tiomnaithe do stair Fhine Gall a thaifeadadh agus a nochtadh. I mbliana, iniúchtar san irisleabhar an balúnú i mBaile Átha Cliath, an ghluaiseacht fhrithvacsaínithe i bhFine Gall ón tréimhse réabhlóideach agus ina diaidh, luathstair an chruicéid i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, léargas suimiúil ar litir ó Michael Collier míchlúiteach (‘Collier an robálaí’) chuig Charles Cobbe ó Theach an Droichid Nua agus mar sin de. Tá cóip de bhróisiúr Fhéile Staire Fhine Gall ar fáil le hamharc air agus le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na leabharlainne.
Athsheoladh Fingal Studies anuraidh tar éis é a bheith in easnamh le naoi mbliana. Scaoilfear imleabhar nua gach bliain i gcomhthráth leis an bhFéile Staire. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil anseo.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Staire Fhine Gall faoi lán seoil'