Gliondar croí agus ísle brí – Éire sa chluiche deireanach den ghrúpa

Agus Éire ag imirt na Polainne sa chluiche deireanach den ghrúpa agus iad sa tóir ar áit i gCraobh na hEorpa 2016, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na laethanta móra eile nuair a bhí deis againn cáiliú ar an lá deireanach

Imreoirí na hÉireann i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Macadóine. INPHO/Lorraine O 'Sullivan
Imreoirí na hÉireann i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Macadóine. INPHO/Lorraine O ‘Sullivan

Imreoidh Éire i gcoinne na Polainne inniu sa chluiche deireanach sa ghrúpa agus fios acu má bhuann siad anocht go mbeidh áit bainte amach acu i gCraobh na hEorpa sa Fhrainc an samhradh seo chugainn.

Is iontach go deo é go bhfuil muid cheana féin sna babhtaí cáilithe, pé rud a tharlóidh i Warsaw anocht, mar faoi mar atá feicthe againn roimhe seo, is minic ár gcroí briste ar an ‘lá deireanach’.

An Pholainn 1-1 Sasana – 1991

Toisc go bhfuil muid ag imirt na bPolannach anocht, ba cheart dúinn tosú leis an gcluiche inar stop an fhoireann chéanna muid ag cáiliú do Chraobh na hEorpa 1992, cé nach raibh muid fiú ag imirt a chéile.

Agus muid ag teacht isteach go dtí an cluiche deireanach den ghrúpa, bhí muid pointe amháin taobh thiar de Sasana agus fios againn dá mbuafaimis sa Tuirc agus dá bhfaigheadh an Pholainn an ceann is fearr ar Shasana go mheadh áit bainte amach againn sa phríomhchomórtas sa tSualainn.

Bhreathnaigh sé go n-éireodh linn chomh maith. Bhí foireann Jack Charlton 3-1 chun cinn in Iostanbúl agus bhí Roman Szewczyk i ndiaidh na Polannaigh a chur chun cinn i gcoinne na Sasanach. Faraor, ghéill an Pholainn ar deireadh agus d’aimsigh Gary Lineker cúl gan ach 10 nóiméad fágtha chun iad a fhágáil pointe chun cinn ar Éirinn sa tábla. Agus foireann na hÉireann i mbarr a maitheasa thart ar an am sin, ba cheann de thragóidí spóirt na tíre seo nár bhain siad áit amach sa tSualainn.

An Mhacadóin 1-1 Éire – 1999

Ceann de na laethanta is measa i stair sacair na hÉireann. Agus iad i ngrúpa deacair leis an gCróit, a chríochnaigh sa tríú háit ag Corn an Domhain 1998, agus an Iúgslaiv, bhí déanta thar cionn ag Éirinn a bheith i bhfoisceacht pointe amháin ó bharr an tábla agus an Mhacadóin le n-imirt acu sa chluiche deireanach.

Chas an Chróit agus an Iúgslaiv ar a chéile ag an am céanna le cluiche na hÉireann agus nuair a chríochnaigh siadsan ar comhscór, chiallaigh sé mbuafadh Éire go mbeidís cáilithe do Euro 2000. Chuir Niall Quinn muid chun cinn taobh istigh de 20 nóiméad agus bhreathnaigh sé go raibh muid slán. Faraor, trí nóiméad isteach in am gortaithe, tugadh cic cúinne don Mhacadóin agus, gan duine ar bith á mharcáil, tugadh an deis do Goran Stavrevski an Mhacadóin a tharraingt ar comhscór agus imreoirí agus lucht tacaíochta na hÉireann a fhágáil in ísle brí.

Tuaisceart Éireann 1-1 Éire – 1993

i gcónaí gur briseadh croí a bhíonn á mhothú ag foireann na hÉireannn ar an lá deireanach, áfach. Bíonn corruair ann nuair a oibríonn cúrsaí amach dúinn. Sampla de seo ba ea an cluiche deireanach de na babhtaí cáilithe le haghaidh Chorn an Domhain 1994.

Agus muid pointe taobh thiar den Danmhairg, ach níos mó cúl scóráilte againne, bhí muid ag brath ar na Spáinnigh gar a dhéanamh dúinn agus an Danmhairg a bhualadh. Bhíothas ag súil go mbeadh muide in ann comhscór, ar a laghad, a fháil i mBéal Feirste.

Chloígh an Spáinn lena gcuid siúd den mhargadh, iad ag sárú na nDanmhargach – ach ní raibh rudaí chomh éasca sin d’Éirinn. I gcluiche a raibh an-teannas ag baint leis, i measc an tslua agus ar pháirc na himeartha féin, scóráil Jimmy Quinn do na Tuaisceartaigh gan ach ceathrú uaire fágtha.

Ar an dea-uair do Jack Charlton agus a fhoireann, d’aimsigh Alan McLoughlin i cúl cinniúnach agus 78 nóiméad imeartha. D’fhan na foirne ar comhscór as sin go deireadh an chluiche, rud a chiallaigh go raibh na hÉireannaigh cáilithe do Chorn an Domhain sna Stáit Aontaithe.

Fág freagra ar 'Gliondar croí agus ísle brí – Éire sa chluiche deireanach den ghrúpa'