Scuad na hÉireann don chluiche mór i gcoinne na Seicia fógartha

Tá scuad 25 imreoir roghnaithe ag Heimir Hallgrímsson agus Éire ag fáil réidh don chluiche is mó a bhí ag an bhfoireann le beagnach deich mbliana anuas

Scuad na hÉireann don chluiche mór i gcoinne na Seicia fógartha

Tá scuad sacair na hÉireann ainmnithe do chluiche na seachtaine seo chugainn i gcoinne na Seicia agus foireann Heimir Hallgrímsson ag iarraidh áit a bhaint ag Corn an Domhain.

Más le hÉirinn cáiliú don chomórtas a bheidh á reáchtáil ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus Meicsiceo, beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar an tSeicia thall i bPrág Déardaoin seo chugainn agus an bua a fháil ansin ar an Danmhairg nó ar an Mhacadóin Thuaidh i gcluiche a imreofar i mBaile Átha Cliath Dé Máirt, 31 Márta.

Tá dornán imreoirí a d’imir sna cluichí cáiliúla a bhuaigh ag Éirinn i gcoinne na Portaingéile agus na hUngáire an fómhar seo caite ar iarraidh do na cluichí seo ach tá Robbie Brady ainmnithe sa scuad den chéad uair ó Mheitheamh 2025. Níl ach cúpla cluiche imeartha ag Brady do Preston North End ó tháinig sé ar ais ó ghortú ach d’fhéadfadh go mbeadh sé ag teastáil sa gcluiche i gcoinne na Seicia agus Liam Scales ar fionraí. Tá cosantóir Celtic ainmnithe sa scuad áfach agus beidh sé ar fáil don dara chluiche.

Is iad Brady agus Séamus Coleman an t-aon bheirt sa scuad a bhí mar chuid den fhoireann an uair dheireanach gur bhain Éire áit amach ag ceann de mhórchomórtais an tsacair, b’in í Craobh UEFA in 2016. Níl ach deich nóiméad ar fad imeartha ag Coleman do Everton ón mbua ar an Ungáir mí na Samhna ach beidh súil ag Hallgrímsson an Conallach a chur chun páirce an tseachtain seo chugainn.

Tá fear nua sa scuad agus an t-imreoir láir páirce Harvey Vale roghnaithe den chéad uair. Bhí Vale ina chaptaen ar fhoireann faoi-19 Shasana a bhuaigh craobh na hEorpa in 2022 ach thug FIFA a bheannacht an mhí seo dá athrú dílseachta.

Tá bearna le líonadh ag Éirinn i lár na páirce agus gortú glúine ag cur as do Josh Cullen. Tá Jayson Molumby agus Jason Knight ina measc siúd atá roghnaithe in athuair ag Hallgrímsson agus tá Alan Browne tugtha ar ais sa scuad tar éis dó taispeántais mhaithe a thabhairt do Middlesborough an séasúr seo.

Deimhníodh níos luaithe an mhí seo nach mbeadh Evan Ferguson ar fáil do na cluichí cáilithe seo, rud a fhágann go mbeidh brú mór ar laoch na Samhna, Troy Parrott. Tá Parrott ag imirt ar fheabhas do AZ Alkmaar san Ísiltír i láthair na huaire agus cúpla cinneadh le déanamh ag Hallgrímsson cé a bheidh ag imirt taobh le fear Bhaile Átha Cliath. Tá Chiedozie Ogbene ainmnithe sa scuad cé nach bhfuil mórán cluichí imeartha aige ó gortaíodh é i gcoinne na hUngáire agus tá Sammie Szmodics ar ais sa scuad chomh maith.

Bhí caint ann go dtabharfaí ar ais freisin David McGoldrick, fear nár imir d’fhoireann na hÉireann ó 2020 ach atá ag imirt do Barnsley, ach bheartaigh Hallgrímsson gan é a roghnú.

Tá fear eile a bhfuil gortú ag spochadh leis le roinnt seachtainí, Adam Idah roghnaithe sa scuad 25 imreoir a d’fhógair an FAI tráthnóna.

Is ag a 19:45 oíche Déardaoin seo chugainn a bheidh an cluiche idir Éirinn agus an tSeicia i bPrág. Má bhuann Éire ar an tSeicia, tabharfaidh siad aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir an Danmhairg agus an Mhacadóin Thuaidh d’áit ag Corn an Domhain. Beidh an cluiche cáilithe deireanach sin i mBaile Átha Cliath.

Má chailleann Éire i gcoinne na Seicia, caithfidh siad cluiche dúshláin a imirt i gcoinne pé foireann a chaillfidh an cluiche eile.

 

Scuad na hÉireann

Cúl Báire: Caoimhín Kelleher (Brentford), Mark Travers (Everton), Josh Keeley (Luton Town).

Cosantóirí: Seamus Coleman (Everton), Jimmy Dunne (QPR), Nathan Collins (Brentford), Dara O’Shea (Ipswich Town), Jake O’Brien (Everton), John Egan (Hull City), James Abankwah (Watford), Liam Scales (Celtic)*, Robbie Brady (Preston North End), Ryan Manning (Southampton).

Imreoirí Lár Páirce: Jayson Molumby (West Bromwich Albion), Bosun Lawal (Stoke City), Jack Taylor (Ipswich Town), Alan Browne (Middlesbrough), Jason Knight (Bristol City), Finn Azaz (Southampton), Harvey Vale (QPR).

Tosaithe: Troy Parrott (AZ Alkmaar), Adam Idah (Swansea City), Johnny Kenny (Bolton Wanderers, on loan from Celtic), Chiedozie Ogbene (Sheffield United, on loan from Ipswich Town), Sammie Szmodics (Derby County, on loan from Ipswich Town)

*Ar fionraí don chluiche i gcoinne na Seicia

Fág freagra ar 'Scuad na hÉireann don chluiche mór i gcoinne na Seicia fógartha'