Glactha sa Dáil le liosta nua comhlachtaí stáit a thiocfaidh faoin Acht Teanga

Fágann an píosa reachtaíochta nua go mbeidh dualgais reachtúla teanga feasta ar chomhlachtaí poiblí amhail Uisce Éireann, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus NAMA

Glactha sa Dáil le liosta nua comhlachtaí stáit a thiocfaidh faoin Acht Teanga

Glacadh sa Dáil tráthnóna le liosta nua de chomhlachtaí stáit a thiocfaidh faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla as seo amach.

Fágann an píosa reachtaíochta nua go mbeidh dualgais reachtúla teanga feasta ar chomhlachtaí poiblí amhail Uisce Éireann, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána agus NAMA.

Déanann an reachtaíocht uasdátú den chéad uair le 13 bliain ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ghlac Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán agus Seanad Éireann cheana leis an liosta nua.

Meastar gur breis agus dhá scór comhlacht poiblí a tháinig ar an saol ó rinneadh uasdátú ar sceideal an Achta go deireanach, i mí Bealtaine 2006.

Bunaíodh ceann de na comhlachtaí atá le cur leis an liosta, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre i mí Mheán Fómhair 2006, rud a d’fhág nach raibh aon dualgas reachtúil air maidir le cearta teanga an phobail le breis agus trí bliana déag anuas.

Is minic atá aird tarraingthe ag an gCoimisinéir Teanga ar líon na ngearán ón bpobal nach féidir leis iad a fhiosrú toisc an mhoill mhór le huasdátú sceideal an achta.

Déantar thart ar 100 gearán le hOifig an Choimisinéara gach bliain a bhaineann le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta. Baineann formhór na ngearán sin le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a ndearnadh an nuashonrú is déanaí ar an sceideal.

Bhí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann ar phéire de na comhlachtaí poiblí ia mó a ndearnadh gearáin leis an gCoimisinéir Teanga ina dtaobh le roinnt blianta anuas. Ó tharla nár tháinig siad faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní raibh sé ar chumas an Choimisinéara na gearáin sin a fhiosrú.

Cé go bhfuil breis agus 160 comhlacht poiblí le cur leis an liosta nua, uasdátú ar ainmneacha comhlachtaí a bhí ar an liosta cheana féin atá i gceist leis an gcuid is mó acu. 

Cuirfear TG4 leis an liosta nua, mar shampla, ach tháinig Teilifís na Gaeilge faoi scáth an achta roimhe seo.

Fág freagra ar 'Glactha sa Dáil le liosta nua comhlachtaí stáit a thiocfaidh faoin Acht Teanga'

  • Victor

    Cén fáth go bhfuil liosta ann?! Cén fáth nach bhfuil sé san acht go bhfuil gach comhlach poiblí, idir sean agus nua faoin acht?!

  • An mac bán...

    Sin an cheist, a Victor. Agus an freagra: is próiseas bainistíochta atá ar siúl, agus sin féin male fides. Is mian leo a bheith doiléir faoina gcuid dualgas agus faoi cé air a bhfuil na dualgais. Amach anseo beidh siad ag iarraidh a mhaíomh go ndearna siad a dtiocfadh leo. Agus cosnóidh iad féin le pointí faoi liostaí agus scéimeanna agus coimitmintí agus deacrachtaí agus acmhainní etc etc.