Glactha le moladh deireadh a chur le céim sa Ghàidhlig in Ollscoil Obar Dheathain

Tá an moladh ar cheann de thrí cinn de mholtaí a rinneadh mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar sholáthar teangacha in Ollscoil Obar Dheathain

Glactha le moladh deireadh a chur le céim sa Ghàidhlig in Ollscoil Obar Dheathain

Tá ollscoil in Albain le fáil réidh le céimeanna sna ‘nuatheangacha’, an Ghàidhlig san áireamh.

Tá glactha ag Ollscoil Obar Dheathain le moladh go gcuirfí deireadh le céimeanna sna nuatheangacha, rud a fhágann nach mbeidh an rogha ag mic léinn céim onórach a dhéanamh sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Spáinnis nó sa Ghàidhlig feasta.

Beidh ar mhic léinn ábhar eile a roghnú mar chuid de chomhchéim más mian leo staidéar a dhéanamh ar aon cheann de na nuatheangacha.

Ghlac údaráis Ollscoil Obar Dheathain [Aberdeen] an tseachtain seo le moladh a rinne Leas-Phríomhoide Sinsearach na hOllscoile, Karl Lydecke, go gcuirfí deireadh le céimeanna onóracha i dteangacha aonair.

Mar chuid den mholadh, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar líon na dteangacha a bhíonn á múineadh san ollscoil.

Seachas na ceithre theanga atá á gcur ar fáil faoi láthair, péire nó trí theanga a bheadh á múineadh in Ollscoil Obar Dheathain.

Tá an moladh ar cheann de thrí cinn de mholtaí a rinneadh mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar sholáthar teangacha in Ollscoil Obar Dheathain.

Bhí imní ann go nglacfaí le moladh eile agus fáil réidh leis na céimeanna ar fad a bhfuil nuatheanga mar ábhar ainmnithe iontu. Dá nglacfaí leis an mholadh sin, bheadh múineadh teangacha á gcur ar fáil ag an ollscoil mar “cúrsaí roghnacha” nó mar chuid de chéimeanna ‘Gnó le Fraincis’ nó ‘Dlí le Spáinnis’ mar shampla.

Deir lucht na hOllscoile go bhfuil an t-athbhreithniú ar bun mar gheall ar an “titim mhór” a tháinig ar líon na mac léinn atá ag déanamh staidéir ar theangacha san ollscoil le roinnt blianta anuas.

Titim 56% a tháinig ar líon na mac léinn a thugann faoi theangacha san ollscoil le trí bliana anuas. In 2021, chláraigh 62 mac léinn nua le cúrsaí sna nuatheangacha san Ollscoil, agus 27 mac léinn atá i gceist i mbliana. Tá cúigear den 27 mac léinn ag tabhairt faoi chéim onórach i gceann de na nuatheangacha i mbliana, céim nach mbeidh ar fáil an bhliain seo chugainn.

Tá titim mhór tagtha ar líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar theangacha in ollscoileanna ar fud na Breataine agus sa Tuaisceart.

Tá níos lú daoine ag déanamh staidéar ar theangacha don A-Leibhéal ná riamh agus deireadh leis an riachtanas staidéar a dhéanamh ar theanga don GCSE ó 2004.

Fág freagra ar 'Glactha le moladh deireadh a chur le céim sa Ghàidhlig in Ollscoil Obar Dheathain'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mura mbíonn teangacha mar chroí- ábhair níl i ndán dóibh ach imeacht as.

  • Eoghan Ó Néill

    Sin toradh ar ghlacadh an bhéarla mar Übersprache go hidirnáisiúnta agus an meon mórtasach a spreagann sé i measc na nAnglos gur cheart go ngéillfidh teangacha íochtaracha eile dóibh.