Glacaigí ‘léinín’, an féinín liteartha!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: mura mbíonn grianghraf ann, níor tharla sé – fiú i saol na litríochta.

Glacaigí ‘léinín’,  an féinín liteartha!

Nuair a chuir mo neacht, atá 18 bliain d’aois, féinín chugam an lá cheana agus úrscéal de chuid Clarice Lispector a thug mise di dá breithlá á léamh aici ar an trá, níor thuig mé go raibh iarraidh á thabhairt aici ar an nós is nua i réimse na bhféiníní: an léinín.

Is ea, thomhais tú i gceart é: is éard atá sa léinín ná grianghraf díot féin agus leabhar i do ghlac.

‘Belfie’ a thugtar ar an bhfeiniméan nua seo i mBéarla ach ní hionann agus an ‘belfie’ eile sin a bhí ann le tamall anuas (féinín de do thóin) tá faisean an tsamhraidh seo ar na meáin shóisialta ceaptha cuma intleachtúil a chur ort. Bhuel, sa chás sin, is beag an seans go sáróidh éinne neacht s’agamsa: ní ‘intleachtúil’ go Clarice Lispector.

Tá an léinín chomh naircisíoch céanna le rud ar bith a fheictear ar na meáin shóisialta na laethanta seo, ar ndóigh, ach is dea-scéal atá ann don litríocht i gcoitinne agus don leabhar clóite go háirithe. Tá na blianta go raibh deireadh an leabhair chlóite á thuar fágtha inár ndiaidh againn, is cosúil, agus deireadh tagtha le fás mhargadh na ríomhleabhar. Iarracht aisteach atá sa léinín, de réir na saineolaithe, ár mianta digiteacha a shásamh nuair is ag iarraidh éalú ó na mianta céanna atáimid dáiríre agus faoiseamh á lorg againn i leathanaigh leabhair chlóite. Is éard atá sa léinín, dar leo, ná an cruthúnas dár gcuid leantóirí agus cairde ar-líne go bhfuil ag éirí linn inár gcuid iarrachtaí. Mar is eol dúinn: sa lá atá inniu ann, mura mbíonn grianghraf ann, níor tharla sé. 

Is ait an mac an duine, ach bíodh sin mar atá, cén fáth ná glacaimis chugainn an léinín, mar phobal léitheoireachta na Gaeilge? Postálaimis pictiúir dínn féin agus leabhar Gaeilge á léamh againn, nó níos fearr fós, agus scamaill dorcha ag cruinniú os cionn Comhar, cóip d’iris liteartha chlóite i nGaeilge. 

D’uireasa na ngrianghraf sin, drochsheans go gcreidfidh éinne gur ann dúinn!

Fág freagra ar 'Glacaigí ‘léinín’, an féinín liteartha!'

  • Fearn

    Cá bhfágann sin Cill Iníon Léinín?