Glacadh ar bith le síneadh fada ar chártaí leighis

Dheimhnigh an HSC ó thuaidh nach féidir síneadh fada a chur san áireamh ar chárta leighis

Glacadh ar bith le síneadh fada ar chártaí leighis

Leis an gcárta leighis ó thuaidh atá an chonspóid is déanaí faoi aitheantas don síneadh fada in ainmneacha daoine.

Tá sé ráite ag an bhfeisire parlaiminte de chuid Shinn Féin Paul Maskey nach bhféadfaí glacadh leis nach nglactar leis an síneadh fada ar chártaí leighis.

Nuair a d’fhiosraigh Maskey an scéal thar ceann athair a bhí ag iarraidh go mbeadh ainm ceart a mhic ar a chárta leighis.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach an HSC (Cúram Sláinte agus Sóisialta Thuaisceart Éireann) nach féidir síneadh fada a chur san áireamh ar chárta leighis.

Dúirt Paul Maskey, feisire parlaiminte d’Iarthar Bhéal Feirste, gur séanadh ar chearta an duine a bhí i séanadh an fhada ina ainm.

“Is dlúthchuid den Ghaeilge an síneadh fada agus ní féidir glacadh leis nach ndéantar soláthar dó. Séanadh soiléir ar chearta an duine is ea a ainm cruinn a shéanadh air.

“Sampla eile fós é seo den dímheas agus an easpa cúraim a léiríonn eagrais oifigiúla i gcás na Gaeilge agus is é seo go díreach an chúis go dteastaíonn acht Gaeilge uainn.”

Is minic daoine thuaidh agus theas míshásta le comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha nach mbíonn aon aird acu ar an síneadh fada agus bhunaigh an léiritheoir scannáin Ciarán Ó Cofaigh feachtas le déanaí faoi cheart na nGael ar an síneadh fada ina n-ainm, feachtas atá bunaithe ar rialacháin nua a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Dheimhnigh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí an mhí seo caite go bhfuil fiosrúchán ar bun acu féachaint an bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland. Mhaígh Ó Cofaigh gur shárú é seo ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Fág freagra ar 'Glacadh ar bith le síneadh fada ar chártaí leighis'