Fiosrúchán ar bun ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí faoi chearta maidir le sínte fada

Tá gearán a rinne an léiritheoir scannáin Gaeltachta Ciarán Ó Cofaigh faoina ainm a bheith á litriú mícheart á fhiosrú ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí

Fiosrúchán ar bun ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí faoi chearta maidir le sínte fada

Tá sé deimhnithe ag oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí go bhfuil fiosrúchán ar bun acu féachaint an bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland. Mhaígh Ó Cofaigh gur shárú é seo ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Faoin GDPR is gá go gcoinneodh eagraíochtaí stáit, bancanna agus comhlachtaí eile eolas agus sonraí pearsanta cruinn beacht.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Ciarán Ó Cofaigh, ROSG

Mhol Ó Cofaigh do dhaoine teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí agus tagairt a dhéanamh d’Airteagal 16 den GDPR, mar a rinne sé féín.

Dúirt urlbhraí thar ceann an Choimisinéara Cosanta Sonraí go bhfuil ceart an duine go gceartfófaí a chuid sonraí leagtha amach go soiléir in At 16 den GDPR.

“Maidir le sínte fada a fhágáil ar lár, tá scrúdú iomlán á dhéanamh ar an gcás ag an DPC [An Coimisinéir],” arsa an t-urlabhraí.

Faoi Airteagal 16, ‘An ceart go ndéanfaí ceartúcháin’, den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, deirtear:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíonta.’

Dúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta is cúis le hainmneacha a bheith á litriú mícheart acu trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Dúirt an HSE go ndéanfaí iarracht a chinntiú “an oiread agus ab fhéidir” go mbeadh bogearraí nua ábalta an síneadh fada a láimhseáil.

Dúirt an Bank of Ireland gur thuig siad do dhaoine a mbíonn frustrachas orthu mar gheall ar a n-ainmneacha a bheith á litriú mícheart. 

Is minic daoine míshásta le comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha nach mbíonn aon aird acu ar an síneadh fada.

Bhí sé ina raic an mhí seo caite, mar shampla, mar gheall ainmneacha Gaeilge daoine a bheith á mílitriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar chártaí Leap.

Rinneadh cáineadh géar anuraidh  ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn an córas atá in úsáid ó 1999 acu chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO chomh maith ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí faoi chearta maidir le sínte fada'

  • Críostóir

    Ráiméis amach is amach leithscéal na teicneolaíochta (úsáidtear an costas minic go leor mar leithscéal i gcás comharthaí bóthair).

    Fuair mé Cárta Leighis ón HSE, tá cúpla mí ó shin- tháinig an cárta le m’ainm scríofa i gceart- sínte fada san áireamh. Tá mise den bharúil go mbraitheann sé ar an té (nó toilteanas an té) a chuireann an t-ainm isteach sa chóras sa chéad áit. Níl sé dodhéanta ar chor ar bith.

    Cuir i géill atá anseo.

    Ba cheart do chomhlachtaí glacadh leis nár thug siad aird ar an gceist seo cheana. Bígí ionraic faoi, agus déanaigí mar ba choir as seo amach. Sin an méid a bheadh uaim.