Gibson: ‘Trí phointe atá uainn’

Labhraíonn Darron Gibson agus Aiden McGeady le Tuairisc.ie faoin gcluiche in aghaidh na Gearmáine agus faoi bhainistíocht Martin O’Neill

Darron Gibson, atá sona sásta faoi bhainistíocht O’Neill. ©INPHO/James Crombie
Darron Gibson, atá sona sásta faoi bhainistíocht O’Neill. ©INPHO/James Crombie

muinín ag foireann na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar an nGearmáin, a deir Darron Gibson and Aiden McGeady.

Ag labhairt dóibh go heisiach le Tuairisc.ie, dúirt siad beirt go bhfuil ar chumas fhoireann na Poblachta an beart a dhéanamh i gcoinne na Gearmáine ach a bheith dírithe ar an sprioc.

“Nílimid ag dul ann agus leathdhóchas againn go bhféadfaimis na pointí a sciobadh de dhroim na hoíche,” a deir Gibson.

“Táimid ag dul ann agus muinín againn asainn féin agus táimid chun iarracht a dhéanamh trí phointe a fháil. Beidh sé deacair, ach ní fiú dul ann más é an meon atá againn go bhfuilimid chun an cluiche a chailliúint. Má bhíonn an mhuinín sin againn asainn féin agus má dhéanaimid na rudaí cearta, beidh linn.”

“An chéad rud is gá dúinn a dhéanamh ná srian a chur ar an nGearmáin, arsa McGeady.

“Uaireanta is fearr mar pholasaí cosanata dul ar an ionsaí. Má théimid ann agus má imrímid chomh maith agus is féidir linn, tá súil agam go ndéanfaimid an beart. Ach tá fhios againn go bhfuil foireann iontach ag an nGearmáin. Níl aon amhras orainn go mbeidh sé fíordheacair.”

D’fhulaing Gibson go mór faoi stiúir Giovanni Trapattoni agus níor tugadh an deis do McGeady na buanna atá go nádúrtha aige a nochtadh.

Agus miongháire ar a aghaidh aige, d’admhaigh Gibson go raibh cúrsaí i bhfad níos fearr faoi Martin O’Neill. Dar le McGeady, tá cead anois aige dul ar an ionsaí níos minice agus deis níos fearr aige dá bharr a chuid buanna a thaispeáint.

“Gan amhras, tá i bhfad níos fearr toisc go bhfuil deis á fáil agam. Baineann O’Neill taitneamh as ‘peil a imirt’. Is maith leis dul ar an ionsaí in aghaidh foirne agus, mar a chonaiceamar, cúil a ghnóthú.”

“Seans go bhfuil saoirse níos mó agam dul ar ruathar, seachas mar a bhí ann roimhe seo,” a dúirt McGeady.

“Tá saoirse ó gach imreoir ionas gur féidir leis a rian a fhágáil ar an gcluiche. Sin an treoir a bhíonn ag an mbainisteoir; dul amach agus seansanna a chruthú sa tríú cuid deiridh den pháirc. Táim ag baint taitnimh as bheith ag obair leis.”

Bhí mí-ádh ar Albain nuair a chaill siad 2-1 i gcoinne na Gearmáine an mhí seo caite. Tar éis don Pholainn bua 2-0 a fháil ar an Satharn, caithfidh go bhfuil údar dóchais ag foireann O’Neill. Ar an drochuair, ba é sin an chéad chailliúint a d’fhulaing an Ghearmáin i 19 cluiche agus caolsheans go gcaillfidh siad chun an dara cluiche as a chéile.