Gheobhaidh daoine bás, ach fanfaidh muidne dílis don Aontas!

Caithfidh an tAE an milleán a chur ar dhream éigin eile agus cur i gcéill gur dream láidir iad féin nach nglacfaidh le hiarracht ar bith cleas a bhualadh orthu

Gheobhaidh daoine bás, ach fanfaidh muidne dílis don Aontas!

Tá a fhios ag an saol Fódla – agus an saol go léir – go bhfuil praiseach déanta ag an Aontas Eorpach de sholáthar na vacsaíní i gcoinne an Covid-19.  Táthar ag gearán faoi ar fud an Aontais.

Ach ní féidir leis an gCoimisiún a admháil go ndearna siad praiseach de chúrsaí.  Caithfidh siad an milleán a chur ar dhuine éigin eile agus cur i gcéill gur dream láidir iad féin nach nglacfaidh le hiarracht ar bith cleas a bhualadh orthu.

Ceapaim gurb in cuid mhaith atá taobh thiar den raic faoi AstraZeneca. Creideann go leor de mhuintir na hÉireann gur comhlacht Sasanach é AstraZeneca, go bhfuil ceangal faoi leith aige le rialtas na Breataine, is go bhfuil siad ag déanamh éagóra ar an Aontas Eorpach trí chur isteach ar a gclár vacsaínithe d’aon ghnó ar mhaithe le mioscais a chothú – nó mar chuid de Bhreatimeacht mailíseach.

Ar an gcéad dul síos, ní comhlacht Sasanach é.  Bunaíodh Astra i 1913 sa tSualainn. Cuireadh Zeneca leis an ainm nuair a cheannaigh Astra rannóg chógais Imperial Chemical Industries i Sasana i 1993.

Comhlacht Angla-Shualannach, a bhfuil baint láidir aige le Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá ann. Níl aon cheangal faoi leith ag an gcomhlacht le rialtas na Breataine.

Is léir go ndearna AstraZeneca conradh leis an Aontas Eorpach nach raibh is nach bhfuil ar a gcumas é a chur i bhfeidhm.

Ach is ar an Aontas Eorpach atá an milleán nach raibh conradh níos sásúla ann. Tá an conradh léite agam, is cé nach dlíodóir mé, is léir dom nach ndeir sé ach go ndéanfadh AstraZeneca a ndícheall – sea, a ndícheall – chun téarmaí an chonartha a chomhlíonadh.

Maidir leis an gConradh leis an mBreatain, rinne na Sasanaigh an conradh sin nuair a bhí an tAontas i mbun moilleadóireachta.  Leagann an conradh sin dualgas ar an gcomhlacht freastal ar riachtanais na Breataine as an táirgeadh vacsaíní a dhéanann siad i Sasana sula ndéanann siad freastal ar aon chonradh eile.

Cleas ciallmhar ag na Sasanaigh.  Ach nach ar an Aontas féin atá an milleán nach ndearna a gcuid dlíodóirí an jab i gceart?

Ina dhiaidh sin, léiríodh amhras faoin vacsaín féin, agus tá roinnt stát san Aontas ag diúltú AstraZeneca a úsáid ag an am céanna go bhfuil an tAontas ag gearán faoi na vacsaíní nach bhfuil ag teacht.

Ach caithfidh an Coimisiún agus a gceannaire Ursula von der Leyen (nár éirigh go maith léi in aon roinn rialtais a raibh sí ann sa nGearmáin go dtí go bhfuair siad réidh léi trí í a chur go dtí an Bhruiséil) a thabhairt le fios go bhfuil siad láidir is go gcuirfidh siad stop le daoine atá ag iarraidh calaois a dhéanamh ar an Aontas.

Sé an beart is deireanaí ná bagairt nach ligfidh siad dáileoga amach as an Aontas, ach nuair a léitear an cló beag is léir nach fiú siolla gaoithe an chaint sin. 

Labhair an Taoiseach, Micheál Martin, faoi seo.  Ní minic a aontaímse leis na laethanta seo, ach bhí an ceart aige nuair a dúirt sé go mbíonn an tairgeadh ar siúl i roinnt tíortha: bunábhar i gceann amháin, dáileoga i dtír eile agus mar sin. Cuireann Sasana bunábhar ar fáil don Aontas is faigheann siad dáileoga ar ais, agus a mhalairt.

Go bunúsach tá níos mó dáileog ag teastáil chuile áit agus mura bhfuil an cumas táirgthe ag AstraZeneca caithfear iad a fháil áit éicínt eile.

Tá na Rúisigh sásta Sputnik V a dhíol leo, mar a dhíol siad í leis an Ungáir, an tSlóvaic agus tíortha eile.  Ach in ainneoin na práinne, ní fios cathain a cheadóidh an tAontas an vacsaín sin.

Tá na Rúisigh i ndiaidh a chur in iúl don rialtas abhus go bhfuil siad sásta tús a chur le hidirbheartaíocht maidir le dáileoga a chur ar fáil.  Ach diúltaíonn an rialtas glan aon rud a dhéanamh gan beannacht an Choimisiúin.

Gheobhaidh daoine bás, ach fanfaidh muidne dílis don Aontas!

Focal Scoir: I bhfianaise na hóráide a thug Jim O’Callaghan in Cambridge, óráid chiallmhar shuntasach faoi athaontú na hÉireann agus óráid atá ina dúshlán soiléir do Mhicheál Martin, ní léir gur féidir leis an gCorcaíoch fanacht i gceannas ar Fhianna Fáil mórán níos faide, nó gur féidir le Fianna Fáil é a fhágáil i gceannas. 

Focal Scoir eile: Tá scoilt ar an mbealach, is cosúil, sa Chomhaontas Glas, agus Hazel Chu ag seasamh mar neamhspleách i dtoghchán an tSeanaid.  Dúshlán d’Eamon Ryan atá ann, agus dúshlán do ról na nGlasach sa rialtas.

Tráth spéisiúil sa bpolaitíocht.

Fág freagra ar 'Gheobhaidh daoine bás, ach fanfaidh muidne dílis don Aontas!'

  • MacAnRí

    Aontaím go hiomlan leis an alt seo …an rud is annamh is iontach nach ea !!