‘Gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé nach dtréigfinn Fianna Fáil…’

Meon Fhianna Fáil na dTríochaidí a bhí ag Joe Johnny Ó Neachtain agus ag a mhac Seán 

‘Gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé nach dtréigfinn Fianna Fáil…’

Seán Ó Neachtain

Léigh mé leabhar Sheáin Uí Neachtain, Ón Spidéal go Strasbourg. Ba mhaith ab fhiú í a léamh. Bhí scéal spéisiúil le n-inseacht ag Seán agus chuir sé i ndiaidh a chéile go paiteanta é.

Tá dea-scríbhneoireacht sa leabhar agus maidir leis an nGaeilge atá aige chuirfeadh sí cluaisiní croí ar an duine is lú a mbeadh nádúr aige, nó aici, leis an teanga.

Ó tharla go raibh mé suas agus anuas le Seán sa bpolaitíocht áitiúil ar feadh roinnt blianta scinn mé tríd an leabhar chomh luath agus a fuair mé í go bhfeicfinn an raibh aon tagairt dhom féin inti. Tá go deimhin.

Dúirt sé go raibh socrú polaitíochta idir mé féin agus Éamon Ó Cuív aimsir toghcháin agus gurbh é féin a bhí thíos leis.

Tá dul amú air ansin. Níor chanbhasáil mé oiread agus vóta amháin d’Éamon Ó Cuív ariamh. Níor theastaigh mo chúnamh uaidh má théann sé go dtí sin.

Is fíor go bhfuair mé glac mhaith vótaí i nDúiche Sheoigheach an bhliain atá i gceist ag Seán ach sin scéal eile.

Ní hé amháin nár chanbhasáíl mé d’Ó Cuív ach níor vótáil mé i dtoghchán ar bith dhó ach an oiread.
Tá sé de shólás sa saol agam nár vótáil mé d’aon duine as Fianna Fáil ná as Fine Gael ariamh. 

Tógáil croí dhom go bhfuil an dá pháirtí sin in aon bhun amháin anois.

Is cinnte nach é sin an dearcadh atá ag Seán ar an socrú a rinne siad. Chaithfeadh sé go ngoilleann sé air páirtí Dev a fheiceáil ag leá os comhair a dhá shúil in aghaidh an lae.

Fianna Fáileach go smior a bhí in Seán i gcónaí. Bhí sé thar a bheith dílis dóibh.

Bhí an-mheas ag Seán ar Bhobby Molloy, ach nuair a d’fhág Bobby Fianna Fáil agus go ndeachaigh sé leis an bPáirtí Daonlathach níor lean Seán é. Mar a dúirt Joe Steve Ó Neachtain san amhrán:

Bhuel, thréigfinn an creideamh Caitliceach,

Thréigfinn bean is clann,

Ach gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé nach dtréigfinn Fianna Fáil.

Níl mé a rá go dtréigfeadh Seán an creideamh Caitliceach, a bhean ná a chlann ach ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá ngabhfadh a athair, Joe Johnny, ó chaint leis dá n-imeodh sé le Bobby an uair sin.

Meon Fhianna Fáil na dTríochaidí a bhí ag Joe Johnny agus ag a mhac ina dhiaidh. B’in é an uair a raibh caoi agus cuma ar Fhianna Fáil agus a raibh prionsabail acu.

D’imigh sin agus tháinig seo.

Is cuma céard a cheapfadh cuid againn faoi pholaitíocht Sheáin Uí Neachtain caithfear a admháil gur sheas sé go láidir i gcónaí le leas a phobail, de réir mar ba léir dósan a leas.

Ní raibh mé in éineacht leis ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ach dúradh liom gur mhaith uaidh cur ar a shon féin ansin chomh maith le chuile áit eile.

Dá mbeadh sé de mhuineál ag dailtín de Chomhairleoir as oirthear na Gaillimhe amhras a chaitheamh ar Chonamara ná ar mhuintir Chonamara ní thógadh sé dhá mheandar ar Sheán é a fhreagairt agus a bhéal a dhúnadh dhó.

Thugadh sé corrsclamh d’oifigigh na Comhairle Contae freisin, dream eile a mbíodh sé tuillte go maith acu go minic.

Ní raibh am ar bith ab fhearr ar sheas Seán a thalamh ná ar a bhealach go Strasbourg. Rinne daoine a bhí in ainm is a bheith ina gcairde aige iarracht é a choinneáil as ach fuair sé an lámh in uachtar orthu go binn.

Chuir mé spéis sa gcur síos atá aige ar an gcaidreamh a bhí idir é féin agus Pól Ó Foighil. Bhídís ag obair as lámh a chéile lá agus ag feannadh a chéile lá eile.

Dúirt mé ar Raidió na Gaeltachta uair nár mhór dhuit a bheith i do phéist an dá shúil déag le súil a choinneáil ar an mbeirt acu.

Leagan cainte a bhí ann a luadh ar ais liom go minic ina dhiaidh sin.

Ar fhaitíos gur léitheoir thú a cheapann nach bhfuil sa leabhar ach fíricí tura polaitíochta ná bíodh imní ort. Fear é Ó Neachtain a bhfuil an-acmhainn grinn aige. Nach iomaí gáire a bhain sé asainn oícheanta seanchais roimh chruinnithe Údaráis.

Aisteoir maith é freisin, rud a chuireadh leis na scéalta barrúla a bhíodh aige.

Tá neart scéalta breátha eile le n-inseacht fós ag Seán Ó Neachtain. Is fada liom go bhfeicfidh mé i gcló iad.

Mar bhuille scoir, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le bean chéile agus clann Phádraig Uí Aoláin. Is iomaí lá maith a bhí agam féin agus ag Seán Ó Neachtain in éineacht leis. 

Fág freagra ar '‘Gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé nach dtréigfinn Fianna Fáil…’'