Géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán caillte ag an MEP Gaeltachta Liadh Ní Riada

Dheimhnigh Sinn Féin tráthnóna go raibh a n-éileamh ar athchomhaireamh i dtoghlach an Deiscirt á tharraingt siar acu

Géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán caillte ag an MEP Gaeltachta Liadh Ní Riada

Tá géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán i bParlaimint na hEorpa caillte ag an bhFeisire Eorpach as Gaeltacht Chorcaí Liadh Ní Riada.

Dheimhnigh an páirtí tráthnóna go raibh siad chun a n-éileamh conspóideach ar athchomhaireamh i dtoghlach an Deiscirt a tharraingt siar.

Fágann teip Liadh Uí Riada gurb é Seán Kelly anois an t-aon Ghaeilgeoir i measc an 13 duine a toghadh sna toghcháin Eorpacha abhus. Dúirt sí le Nuacht TG4  tráthnóna gur “mór an trua” don Ghaeilge agus “do mhuintir na Gaeltachta” nach mbeidh “guth Gaelach agus Gaeltachta” sa pharlaimint in Strasbourg feasta.

Fágann an t-athrú poirt seo go dtosófar maidin amárach ar vótaí Liadh Ní Riada a roinnt. Socróidh roinnt na vótaí sin cé acu an neamhspleách Mick Wallace, an feisire de chuid Fhine Gael Deirdre Clune nó an Seanadóir de chuid Chomhaontas Glas Grace O’Sullivan a thiocfaidh sa triú háit sa toghchán. Seán Kelly, Fine Gael, agus Billy Kelleher, Fianna Fáil, a thoghfar sa chéad dá shuíochán anois agus an t-athchomhaireamh ar ceal.

Cúig shuíochán ar fad atá le líonadh ach beidh fuireach calaidh ar an té a gheobhaidh an cúigiú ceann toisc nach mbeidh sé nó sí ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Fógraíodh athsheiceáil ar vóta Uí Riada agus O’Sullivan an tseachtain seo caite agus an t-iarrthóir de chuid Chomhaontas Glas 327 vóta chun tosaigh ar an iarrthóir de chuid Shinn Féin. 

In ainneoin nár éirigh le Liadh Ní Riada ach aon vóta breise amháin a fháil as an athsheiceáil a rinneadh ar 200,000 páipéar ballóide lorg Sinn Féin athchomhaireamh iomlán ar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán Eorpach sa Deisceart, rud a chosnódh €1 milliún agus a chuirfeadh moill mhór ar an toradh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Jonathan O’Brien ag an am gur tugadh roinnt “neamhrialtachtaí” faoi deara san athsheiceáil agus shéan sé gur cur amú airgid a bhí san athchomhaireamh. “Ní féidir luach a chur ar an daonlathas,” a dúirt sé.

Phléigh Ní Riada agus O’Brien an scéal arís inniu san ionad comhairimh i gCorcaigh, mar a raibh tús á chur leis an obair athchomhairimh inniu.

Dúirt Ní Riada níos túisce tráthnóna le RTÉ News go raibh sé tábhachtach ní hamháin di féin ach don seachtar ball foirne a bhí ag obair di go gcinnteofaí nach raibh locht ná marach ar an bpróiseas go léir.

Buille mór eile do Shinn Féin agus dá gceannaire Mary Lou McDonald é nár éirigh le bean Mhúscraí a suíochán a choimeád. Níl ach feisire Eorpach amháin ag an bpáirtí ó dheas anois, Matt Carthy, ó tharla gur chaill Lynn Boylan a suíochán chomh maith i mBaile Átha Cliath.

Anuas air sin, chaill an páirtí sna toghcháin áitiúla nach mór leath de na suíocháin a bhí acu. 

Cé gur chuir Sinn Féin lena sciar den vóta i ngach toghchán idir 1997 agus 2018 is ag dul ar gcúl atá siad le bliain anuas.

Ba í Liadh na Riada an t-iarrthóir a bhí acu i dtoghchán na huachtaránachta sa bhfómhar seo caite, toghchán eile inar tháinig titim mhór ar vóta an pháirtí.

Baineann Ní Riada le glúin nua de pholaiteoirí de chuid Shinn Féin a toghadh don pháirtí a bhí ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh nuair a tháinig Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams.

Mar Fheisire Eorpach bhí Liadh Ní Riada ina ball de thrí choiste – an coiste buiséid, an coiste iascaireachta agus an coiste oideachais agus cultúir. 

Ó toghadh chun Pharlaimint na hEorpa í in 2014 tá suim léirithe aici i gceisteanna a bhaineann leis na réimsí sin agus i gceisteanna a bhaineann le cearta an duine, cearta mionlaigh agus cúrsaí timpeallachta.

Labhraíodh Ní Riada Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Fág freagra ar 'Géillte ag Sinn Féin go bhfuil a suíochán caillte ag an MEP Gaeltachta Liadh Ní Riada'

  • Ciarán Ó Fátharta

    Aris sé Nuacht RTE RnaG a bhris an scéal seo trathnóna inniú ag 6.20,
    Liam Mac a Mhaoir leis an scéal direach roimh Nuacht an Iarthair.

  • Anna NI Fiannusa

    Déanaim comhbhrón le Liadh Ní Riada taréis a suíochán Eorpach a chailliúint. B’ise an t-aon feisire seachas Seán O Ceallaigh le guth agus le Gaeilge sa phárlaimint Eorpach a chuirfeadh iarracht chun meas agus áird a thabhairt dár dteanga oifigiúil. Mo léan don Ghaeilge anois. Ag snámh in aghaidh easa a bheidh sí, ach ní scéal nua é sin.