Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha agus duais aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta seolta

Fógraíodh inniu an 15 comhlacht agus eagraíocht atá ar Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha agus duais aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta seolta

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, inniu an 15 comhlacht agus eagraíocht atá ar Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018.

Is iad Aelmuire Ní Ógartaigh, iníon Sheosaimh Uí Ógartaigh, Judy Ní Dhubháin, Údarás na Gaeltachta, Freda Nic Giolla Chatháin, Gnó Mhaigh Eo agus Irial Ó Ceallaigh, TG4, a bhí i mbun moltóireachta i mbliana agus dúradh go ndeachaigh caighdeán na n-iarratas nua i gcion go mór orthu.

“Bíonn tionchar mór ag an infheistíocht ar fad a dhéanann siad sa Ghaeilge, idir chomharthaí nua, stáiseanóireacht nua, phoiblíocht, mhargaíocht, nó na bealaí nuálacha ar fad a úsáideann siad chun cur ina luí ar a gcuid custaiméirí go bhfuil ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ á dtairiscint acu. Tá sé iontach a thabhairt faoi deara chomh maith go bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá gcuid pleananna don todhchaí,” a dúradh i ráiteas ón phainéal moltóirí.

Le linn na hócáide, a bhí ar siúl in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh inniu, sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, mac Sheosaimh Uí Ógartaigh, duais in ómós do Pheadar Ó Flatharta, a bhásaigh in 2016 agus arbh é an chéad chathaoirleach ar Ghaillimh le Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach Gaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, gur ábhar bróid don eagraíocht comóradh a dhéanamh ar dhuine de bhunaitheoirí Gaillimh le Gaeilge.

“Is ábhar bróid dúinne, mar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, an comóradh seo a dhéanamh ar Pheadar agus ar an tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge.

“Smaointeoir domhain fadbhreathnaitheach a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí. Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bhí sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.”

Tá an píosa dealbhóireachta don duais aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, seanchara de chuid Pheadair Uí Fhlatharta.

Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a roghnóidh na hainmniúcháin don ghradam nua a bhronnfar ag ócáid Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bheidh ar siúl lár mhí na Bealtaine.

Fógróidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh buaiteoirí sna rannóga éagsúla agus buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in Óstán Bhóthar na Trá ar an 24 Bealtaine 2018. Tá duaischiste €23,000 luaite leis na Gradaim.

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Miondíola’, urraithe ag Galway Bay FM

-Siopa Milseán Aintín Neilí, An tSráid Ard,
-Corrib Shopping Centre, An Fhaiche Mhór,
-KD Autoparts, An Baile Bán
-Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith Teo., Lios Bán.

Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Turasóireachta agus Fáilteachais’, urraithe ag Fáilte Éireann

-56 Central, Sráid na Siopaí,
-Harbour Hotel, Sráid na nDuganna Nua
-The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath

Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway

-Big O Taxis, An Fhaiche Mhór
-Colm’s Life Pharmacy, Bóthar na Trá
-Ionad Leighis Galvia West, An Taobh Thiar,
-Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach
-Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

-Baboró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe
-Galway City Business Association, Sráid San Proinsias
-iSupply, Bóthar na Mara.

Fág freagra ar 'Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha agus duais aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta seolta'