Gearrliosta do ghradam ‘Iománaí na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All-Stars 2018 fógartha

Is iad Luimneach is mó a bhfuil ainmniúcháin faighte acu do All-Stars PwC 2018 agus an cúigear déag a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann dóibh san iomaíocht do ghradam. Joe Canning, Cian Lynch agus Pádraic Mannion atá ar an ngearrliosta do ghradam ‘Iománaí na Bliana 2018’

Gearrliosta do ghradam ‘Iománaí na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All-Stars 2018 fógartha

Declan Hannon, Darragh O'Donovan agus Cian Lynch roimh thús chluiche ceannais na hÉireann 2018. INPHO/Tommy Dickson

Tá ainmniúchán All-Star PwC 2-18 faighte ag an gcúig imreoir déag a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann d’fhoireann bhuacach Luimnigh agus na hainmniúcháin iomána do 2018 fógartha ar maidin.

Bhuaigh foireann John Kiely Craobh na hÉireann den chéad uair ó 1973 an mhí seo ciate tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh sa chluiche ceannais.

An chéad gradam All-Star a bheadh ann do gach duine den chúigear déag as Luimneach atá ainmnithe.

Fágann fógra an lae inniu go bhfuil níos mó ainmniúchán All-Star faighte ag buaiteoirí Chorn Mhic Cárthaigh i mbliana ná mar atá faighte ag buaiteoirí Chorn Mhig Uidhir, Áth Cliath, a fuair dhá ainmniúchán déag ar an liosta peile a fógraíodh inné.

Tá ainmniúcháin faighte ag naonúr d’fhoireann na Gaillimhe a bhain an cluiche ceannais amach i mbliana don dara bliain as a chéile. Is é Jonathan Glynn an t-aon duine acu sin a bhfuil ainmniúchán faighte aige i mbliana nach bhfuair ceann anuraidh nuair a bhuaigh fir an iarthair Craobh na hÉireann.

Tá ainmniúcháin faighte chomh maith ag imreoirí ó shé chontae eile. Seachtar ó fhoireann Chorcaí a shroich cluiche leathcheannais na hÉireann atá ainmnithe ar an liosta, chomh maith le cúigear ó chontae an Chláir, cúigear ó Chill Chainnigh, beirt ó Loch Garman agus duine amháin atá ag Tiobraid Árann agus ag Áth Cliath.

Tar éis dóibh 11 ainmniúchán a fháil do na gradaim anuraidh, níl ceann ar bith faighte ag Port Láirge i mbliana.

Tá Joe Canning san iomaíocht arís do ghradam ‘Iománaí na Bliana’. Bhuaigh fear Phort Omna an gradam anuraidh agus tá sé ar an ngearrliosta i mbliana in éineacht le Pádraic Mannion na Gaillimhe agus Cian Lynch Luimnigh.

Tá Kyle Hayes as Luimneach a fuair gradam laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann ainmnithe ar an ngearrliosta don ghradam ‘Iománaí Óg na Bliana’ agus beirt Chorcaíoch, Darragh Fitzgibbon agus Mark Coleman, san iomaíocht leis.

Ainmneofar na buaiteoirí uile ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 2 Samhain.

Fág freagra ar 'Gearrliosta do ghradam ‘Iománaí na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All-Stars 2018 fógartha'