Gearrliosta do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All Stars 2018 fógartha

Fógraíodh na hainmniúcháin do ghradam All-Stars 2018 ar maidin. Imreoirí Átha Cliath is mó atá ainmnithe ach tá a chéad ainmniúchán faighte chomh maith ag imreoir óg as Conamara

Gearrliosta do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All Stars 2018 fógartha

Brian Howard, Ciarán Kilkenny agus Jack McCaffrey. Pictiúir: INPHO

Agus Craobh na hÉireann agus an tSraith Náisiúnta Peile tugtha leo acu arís i mbliana, ní haon iontas é gurb iad peileadóirí Átha Cliath is mó a bhfuil ainmniúcháin faighte acu do ghradaim All-Stars PwC 2018.

Dhá ainmniúchán déag atá faighte ag foireann bhuacach Átha Cliath, a bhuaigh Craobh na hÉireann den cheathrú bliain as a chéile níos luaithe an mhí seo.

Tá ainmniúchán faighte arís ag cúl báire Stephen Cluxton, atá sa tóir ar a shéú All-Star, agus chomh maith leis sin tá ainmniúcháin faighte ag ceathrar cosantóirí ó Áth Cliath, ag Brian Fenton i lár na páirce agus ag an seisear tosaithe a thosaigh dóibh in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tá seacht n-ainmniúchán faighte ag Tír Eoghain féin, an líon céanna atá faighte ag an dá fhoireann a chaill i gcluichí leathcheannais na hÉireann, Muineachán agus Gaillimh. Tá Seán Aindí Ó Ceallaigh as Naomh Anna, Leitir Mór i gConamara agus Seán Kelly as Maigh Cuilinn i measc na n-imreoirí atá ainmnithe ó fhoireann na Gaillimhe.

Trí ainmniúchán atá faighte ag Dún na nGall agus ag Cill Dara, péire atá faighte ag Ciarraí agus ceann amháin atá ag Ard Mhacha, Ceatharlach, Fear Manach agus Laois.

Is imreoirí ar fhoireann Átha Cliath amháin atá san iomaíocht do ghradam ‘Imreoir na Bliana 2018’, Brian Fenton, Ciarán Kilkenny agus Jack McCaffrey, a bhuaigh an gradam cheana in 2015.

Is iad Brian Howard (Áth Cliath), David Clifford (Ciarraí) agus Michael McKernan (Tír Eoghain) atá san iomaíocht do ghradam ‘Imreoir Óg na Bliana 2018’.


Cúl báire

1. Stephen Cluxton (Áth Cliath)

2. Graham Brody (Laois)

3. Rory Beggan (Muineachán)

Cosantóirí

1. Eoghan Bán Gallagher (Dún na nGall)

2. Jonny Cooper (Áth Cliath)

3. Jack McCaffrey (Áth Cliath)

4. Eoin Murchan (Áth Cliath)

5. James McCarthy (Áth Cliath)

6. Che Cullen (Fear Manach)

7. Sean Kelly (Gaillimh)

8. Eoghan Kerin (Gaillimh)

9.  Seán Andy Ó Ceallaigh (Gaillimh)

10. Gavin White (Ciarraí)

11. Eoin Doyle (Cill Dara)

12. Karl O’Connell (Muineachán)

13. Drew Wylie (Muineachán)

14. Ryan Wylie (Muineachán

15. Padraig Hampsey (Tír Eoghain)

16.  Michael McKernan (Tír Eoghain)

17. Tiernan McCann (Tír Eoghain)

18. Peter Harte (Tír Eoghain)

Lár na Páirce

1. Michael Murphy (Dún na nGall)

2. Brian Fenton (Áth Cliath)

3. Thomas Flynn (Gaillimh)

4. Niall Kearns (Muineachán)

5. Colm Cavanagh (Tír Eoghain)

6. Mattie Donnelly (Tír Eoghain)

Tosaithe

1. Rory Grugan (Ard Mhacha)

2. Paul Broderick (Ceatharlach)

3. Ryan McHugh (Dún na nGall)

4. Niall Scully (Áth Cliath)

5. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)

6. Brian Howard (Áth Cliath)

7. Paul Mannion (Áth Cliath)

8. Dean Rock (Áth Cliath)

9. Con O’Callaghan (Áth Cliath)

10. Shane Walsh (Gaillimh)

11. Damien Comer (Gaillimh)

12. Ian Burke (Gaillimh)

13. David Clifford (Ciarraí)

14. Daniel Flynn (Cill Dara)

15.  Paul Cribben (Cill Dara)

16. Conor McManus (Muineachán)

17. Ryan McAnespie (Muineachán)

18. Niall Sludden (Tír Eoghain)

Imreoir na Bliana

1. Brian Fenton (Áth Cliath)

2. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)

3. Jack McCaffrey (Áth Cliath)

Imreoir Óg na Bliana

1. Brian Howard (Áth Cliath)

2. David Clifford (Ciarraí)

3. Michael McKernan (Tír Eoghain)

Fág freagra ar 'Gearrliosta do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ agus na hainmniúcháin d’All Stars 2018 fógartha'