Géarghá le foireann a bhainfidh creathadh as an trí fhoireann is mó rath

Ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884, tá an duais is mó san iománaíocht buaite ceithre scór agus deich n-uaire ag trí fhoireann

TJ Reid agus Michael Cahill. Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
TJ Reid agus Michael Cahill. Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Taobh amuigh des na ceithre foirne a bheidh ag imirt i bPáirc Uí Nualláin sna cluichí leathcheannais sraithe seachtain ón nDomhnach beag seo, tá an chuid is mó des na himreoirí idirchontae imithe ar ais chuig na clubanna. Ansin, sara i bhfad, tosnóidh na comórtais cúige agus na comórtaisí eile, Ring, Rackard srl.

Dos na foirne atá ag imirt i roinn 1 de shraith Allianz, níl ach comórtas amháin le buachaint agus sin Corn Mhic Cárthaigh. Tá gach a ndéanann na foirne sin dírithe ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair. Dúirt bainisteoir peile Chiarraí, Eamonn Fitzmaurice, le déanaí nach mbíonn mórán suime ag Ciarraí in aon chor sa tsraith a bhuachaint. Ceapaim go ndéarfadh Jim Gavin, Rory Gallagher, Jimmy Barry Murphy, Éamonn Ó Sé, Brian Cody, nó Anthony Cunningham an rud céanna.

Faraor, san iomáint, mar a bhíonn beagnach gach bliain, níl ach dornán foirne a bhfuil seans réasúnta acu an duais mhór a thabhairt leo. Go dtí tosach na mílaoise, bhí cuid mhaith des na foirne críochnaithe go luath sa samhradh. Anois ó tugadh isteach an ‘cúldóras’ tá an dara seans ag na foirne go léir, ach fós níl aon athrú suntasach tagtha ar liosta na gcontaetha a bhíonn ag imirt i bPáirc Uí Crócaigh ag tosach an fhómhair.

Ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884, tá an duais is mó buaite ceithre scór agus deich n-uaire ag trí fhoireann, is é sin nócha uair as céad is a fiche sé. Le fiche bliain anuas níl ach foireann ‘nua’ amháin,  (Contae an Chláir) á dtarraingt féin go dtí lár an aonaigh ar bhonn rialta. Roimhe sin, b’iad Uíbh Fhailí a sháigh iad féin isteach idir na boic mhóra.

Ach tríd is tríd, is iad Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobrad Árann ríthe na hiomána. I láthair na huaire, dar ndóigh, is iad na Cait atá i mbarr a réime faoi stiúir Cody agus é ina shuí sa ríchathaoir. 

Ach fós tá súil ag na foirne eile gurb í seo an bhliain a dhéanfaidh siad an beart agus iad ag rá leo féin ‘tarlóidh rud éigin neamhghnách; seo an bhliain a chasfaidh an roth’. 

Tá Luimneach ag feitheamh le níos mó ná dhá scór bliain ar chasadh na rotha. Níor bhuaigh na Déise ó 1959 ná Baile Átha Cliath ó 1938. Tá an Ghaillimh agus ar an ngannchuid ó dheireadh na n-ochtóidí.

Tá sé dochreidte nár bhuaigh an Clár Craobh Sinsear na hÉireann ó 1914 go dtí 1995, ach fós bhíodar ann gach bliain agus dóchas acu.

Ach bí cinnte de go mbeidh an trí fhoireann is mó rath ann arís i mbliana agus gach seans gur ceann acu a bheidh ann sa deireadh nuair a bhronnfaidh Uachtarán nua CLG Aoghán Ó Fearghail Corn Mhic Cárthaigh den chéad uair.

Is annamh nach gcítear Cill Chainnigh sna cluichí deireineacha sraithe le blianta beag anuas agus is cabhair é cluiche nó dhó breise sa tsraith a bheith ag foirne agus iad á n-ullmhú féin don samhradh.

Ní dóigh liom, áfach, go gcuirfidh sé sin isteach ar na Cait.

Beidh sé suimúil a fheiceáil conas a éireoidh le Port Láirge, a bhfuil gealladh fúthu faoi láthair, agus iad á fhéachaint le Tiobrad Árann an tseachtain seo chugainn.

Bheadh sé go hiontach don iomáint agus do na foirne contae ‘eile’ dá bhfeicimis foireann ‘nua’ ag teacht chun cinn. 

Tá sé ag teastáil go géar.

Fág freagra ar 'Géarghá le foireann a bhainfidh creathadh as an trí fhoireann is mó rath'

  • padraig o donnchu

    ‘Ta se ag teastailt go gear!’ Agus d’fheadfadh se tarluint da mbeadh an cur chuige ceanna acu leis na Cait .i. caman a thabhairt don bhfireannach sa chliabhan ! Gailege on gcliabhan agus iomaint on gcliabhan, nil aon tsli eile ann chun ceachtar acu a shealbhu i gceart. Agus nil aon chluiche eile i gCill Chainnigh seachas an liathroid laimhe …….ach is cuid den iomaint i sin freisin acu! Aon duine go dteastodh uaidh peil a imirt i gCill Chainnigh (go maithe Codia do e) nior mhor do dul thar teorainn amach go dti ….em… Ceatharlach. Nior thracht tu thar an ‘coimpleasc isleachta’ a bhionn ar fhoirne eile agus iad i ngleic leis na FearaChait ! Feach Cill Mocheallog (nilid chomh holc sin?) agus fiu Tiobraid Arann. Duirt Gerald Mac (Corcaigh) go poibli agus go minaireach nuair a bhi se i mbun bainistiochta ‘na feadfai buachaint’ orthu !! Nior thracht tu ach oiread ar ‘eirim’ na gCat chun iomana seachas a gcuid scileanna. Is feidir buachaint orthu ach gan a gcluiche siud a imirt leo, agus gach uile scil eile iomana a bheith tugtha leat…………on gcliabhan! Aon tseans go bhfeadfai An Ri a chur ag poru le lucht camogaiochta i gCorcaigh, mar shampla? Bheadh seans eigint againn ansin.