Géarchéim na hÚcráine? Sea, tá leagan eile den scéal ann …

Sé an réiteach daonlathach ar chás na na hÚcráine ná cearta an dá thaobh a aithint

Géarchéim na hÚcráine? Sea, tá leagan eile den scéal ann …

Nach diabhalta an dream iad na Rúisigh! Gheall na Meiriceánaigh dúinn go mbeadh ionradh ar an Úcráin Dé Céadaoin seo caite. Agus d’aon ghnó dhiúltaigh na Rúisigh déanamh mar a theastaigh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Níl aon stop mar sin féin leis an mbolscaireacht in aghaidh na Rúise, agus gan dabht creideann formhór mhuintir na hÉireann go bhfuil na Rúisigh le cáineadh maidir leis an scéal seo, gur cineál impiriúlachais atá á chleachtadh acu agus iad ag bagairt ar thír bheag taobh leo a raibh ceannas acu uirthi le tamall.

Aithris ar chaidreamh Shasana le hÉirinn, creidtear.

Ach níl an scéal chomh simplí sin, is tá leagan eile de chás na hÚcráine, leagan ar chóir machnamh faoi.

Ar dtús, is bréag a rá go bhfuil muintir na hÚcráine aontaithe i gcoinne na Rúise. Léirigh Mairéad Ní Nuadháin, anseo ar Tuairisc.ie, go bhfuil claonadh leanúnach san oirthear i dtreo na Rúise, agus claonadh i dtreo an Iarthair in iarthar na tíre. 

Go deimhin, bhí sé sin le tabhairt faoi deara sna toghcháin pharlaiminte is uachtaráin a bhí sa tír, nuair a bhí an dá thaobh cothrom nach mór. In 2014, bhuaigh Viktor Yanukovich (a thaobhaigh leis an Rúis) toghchán na huachtaránachta, le 49% den vóta i gcoinne 45% do Yulia Tymoshenko, a bhí go nimhneach i gcoinne na Rúise.

Ba é an coup d’état in 2014 a bhrúigh as oifig é, beart nár thaitin leis na fórsaí a thaobhaigh leis an Rúis. Cuireadh lena míshuaimhneas mar gheall ar ról na n-eagraíochtaí faisisteacha as iarthar na hÚcráine sa coup agus nuair a d’fhógair siad nach mbeadh cead ag daoine Rúisis a úsáid i gcumarsáid leis an stát.

Den chuid is mó ní labhraítear ach Rúisis san Oirthear.

Ar ndóigh, dhiúltaigh an pobal Rúiseach sa gCrimé glacadh leis an coup agus vótáil siad go tiubh ar son filleadh chun na Rúise (97%). Sa Donbas freisin ní raibh an pobal áitiúil sásta agus tá an dá réigiún ansin, Donetsk agus Lukhansk, i ndiaidh neamhspleáchas ó Chív a fhógairt.

Is fiú sa gcomhthéacs seo go gcuimhneodh muid ar dhearcadh na tíre i leith an Aontais Shóivéadaigh ag deireadh ré an stáit sin. I mí an Mhárta 1991, sa reifreann faoin gceist an rabhthas ar son fanacht san Aontas, dúirt 71% go raibh siad ina fhabhar. Vótáil 83% de vótóirí sa reifreann.

Ansin, ar ndóigh, chuir Boris Yeltsin deireadh leis an Aontas Sóivéadach, agus i reifreann eile i mí na Nollag an bhliain chéanna, roghnaigh 92% (vótáil 84%) gurbh fhearr stát neamhspleách a bheith san Úcráin in ionad a bheith ceangailte mar fhophoblacht leis an Rúis.

Ní vóta frithRúiseach ab ea é sin, ámh, mar ghlac an Úcráin páirt i gCónascadh na Stát Neamhspleách leis an Rúis i ndiaidh an vóta neamhspleáchais féin.

Maidir le teanga, tá an Rúisis agus an Úcráinis an-ghar dá chéile, cé go bhfuil difear idir an teanga a labhraítear sa gcian-iarthar, i nGailic (Galicia) agus an teanga a labhraítear san Oirthear (ar Rúisis í i bhfírinne).

Bhí an Ghailic mar chuid den Pholainn go dtí 1939, agus is ann a bhí is atá na heagraíochtaí faisisteacha bunaithe. Chabhraigh na heagraíochtaí seo go láidir leis na Naitsithe le linn an chogaidh is bhí an cathlán Úcránach den SS freagrach as marú na nGiúdach san Úcráin agus na pobail bheaga Pholannacha freisin.

Ní haon ionadh nach dteastaíonn ón bpobal Rúiseach bheith faoi chois acu siúd.

Tá an dearcadh sin i gcoinne na nGailiceach an-láidir mar shampla in Odessa, an dara cathair is mó san Úcráin. Ansin bhí an cathlán Azov, as an nGailic, dream a fhógraíonn go hoscailte a meas ar an bhfaisisteachas, freagrach as ionsaithe marfacha i ndiaidh an choup.

Cé mar atá cúrsaí cogaíochta ag cur isteach ar phobal na hÚcráine?

Bhrúigh siad daoine a bhí i mbun agóide ina gcoinne isteach i gceannáras na gceardchumann ansin, is chuir siad an foirgneamh trí thine. Maraíodh ar a laghad 42 duine sa tine.

In alt le deireanas san Financial Times, míníonn Guy Chazan go bhfuil móramh na cathrach ar son na Rúise. Ní mise atá a rá, ach iriseoir as nuachtán frithRúiseach.

Luann sé an fógra atá ar láthair cheannáras an cheardchumainn: ‘Ní dhéanfaidh muid dearmad air riamh; ní mhaithfimid é riamh.’

Ní luaitear na fíricí seo sna meáin mhóra in Éirinn, ach ceapaim go dtugann siad léargas eile dúinn ar chomhthéacs na coimhlinte inmheánaí sa tír. Léiríonn siad nach féidir comparáid a dhéanamh leis agus brú faoi chois mhuintir na hÉireann ag na Sasanaigh, mar shampla.

Sé an réiteach daonlathach ar an scéal seo ná cearta an dá thaobh a aithint, an faisisteachas a ruaigeadh as an stát, agus a chinntiú nach mbainfidh NATO leas as an tír leis an Rúis a thimpeallú is ionaid mhíleata bhreise a lonnú ansin mar bhagairt ar an Rúis.

Fág freagra ar 'Géarchéim na hÚcráine? Sea, tá leagan eile den scéal ann …'

  • Ciarán

    Go raibh maith agat, a Eoin. Rinne Biden agus Johnson praiseach náireach de chúrsaí san Afganastáin. Níl ag éirí go maith le ceachtar acu sna pobalbhreitheanna ina dtíortha féin agus feileann sé dóibh a bheith ag tarraingt aird an phobail sin ar chúrsaí san Úcráin. Gan trácht ar na billiúin atá á dhéanamh ag soláthar trealamh cogaíochta. Bhí an chuma ar Biden agus Johnson ar an gCéadaoin go raibh díomá orthu nár tharla an méid a bhí á tuar acu! Bíodh muid buíoch as iarrachtaí Macron.

  • Ciaran.ofatharta@rte.ie

    Píosa iontach.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an meon frith-Rúiseach an-choitianta i saol na hÉireann. Féach, cuir i gcás, ar an sampla seo san Fhoclóir. Má tá tú ag iarraidh a fháil amach cén Ghaeilge a chuirfeá ar an nath Béarla ‘in cahoots’, seo é:
    “they’re in cahoots with the Russians/ tá siad féin agus na Rúisigh ag obair as lámha a chéile, tá siad féin agus na Rúisigh ag obair i gcomhar le chéile”.
    https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/cahoots

    Abair go raibh tú ag iarraidh ‘push back’ a rá sa Ghaeilge. Féach ar an sampla a thugann an Focloir dúinn:
    the Russians were pushed back /cuireadh ar na Rúisigh cúlú
    https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/push+back#push-back__3
    Nach ait an obair é!

  • Adam Lawson

    Uair arís anseo, tá an t-uasal Ó Murchú ag caitheamh le cás na hÚcráine ar bhealach atá iontach difriúil agus iontach bréagchráifeach i gcomparáid lenár gcás féin in Éirinn. Go cinnte go bhfuil mórán Úcráineach a airíonn ceangal cultúrtha láidir leis an Rúis, ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfadh an Rúis forghabháil ar an tír. Thacaigh níos mó ná 80% de na hÚcráinigh leis an neamhspleáchas i 2019, agus tromlach ag an dearcadh sin i ndeisceart agus in oirthear na tíre chomh maith leis an iarthar agus an lár. Tá a lán Éireannach a airíonn ceangal láidir leis an Bhreatain, go háirithe i gcúrsaí cultúrtha, ach seafóid den chéad scoth a bheadh ann a mhaíomh mar sin go mbeadh na daoine sin ag iarraidh go ndéanfadh Sasana forghabháil orainne. Go cinnte tá a lán Úcránach a úsáideann an Rúisis mar phríomhtheanga agus nach bhfuil an Úcráinis ar a dtoil acu, ach is láidre go fóill atá an teanga choilíneach in Éirinn, mar a bhfuil an Béarla i bhfad níos láidre ná an Ghaeilge. Uafásach agus doghlactha ar fad a bheadh sé dá n-úsáidfeadh Sasana an fhíric sin mar leithscéal le forghabháil a dhéanamh orainn. Go cinnte go raibh tromlach sa Donbass ag iarraidh a aontú leis an Rúis i 2014, go díreach mar a bhí tromlach i dTuaisceart Éireann ag iarraidh a fhanacht sa Ríocht Aontaithe i 1922 – ós rud é go ndearnadh daoine ón tír chóilíneach (an Bhreatain/an Rúis) a chur in áit an phobail dhúchasaigh (Úcráinigh/Éireannaigh), chomh maith le polasaithe láidre i gcoinne na dteangacha dúchasacha sa dhá chás. An bhfuil muid in Éirinn i ndáiríre le tacú leis an chríochdheighilt i dtír eile seachas a chur ina coinne? Go cinnte go bhfuil faisistigh san Úcráin, mar atá i ngach tír, ach is beag tacaithe atá acu sa phobal i gcoitinne. Arbh aon leithscéal sin ag Sasana chun forghabháil a dhéanamh orainn é dá mbeadh grúpaí faisisteach ag déanamh ionsaithe marfacha in Éirinn? Go cinnte níorbh ea. Ar eagla go mbeimis ag smaoineamh go bhfuil muid saor óna leithéid sin de idé-eolaíocht anseo, cuimhnímis gur i bhfad níos mó daoine a chuaigh ón tír seo chun troid ar son Franco sa Spáinn ná a chuaigh ar son na bPoblachtánach; go raibh a lán daoine sa tír seo a raibh comhbhá acu le Hitler le linn an Dara Cogadh Domhanda; agus go bhfuil grúpaí faisisteacha nua-aimseartha leithéidí Síol na hÉireann ag dul i dtreise anseo le linn na paindéime. An leithscéal sin a úsáideann rialtas na Rúise gur ar son a slándála féin go ndéanfaidís forghabháil ar an Úcráin, sin an leithscéal céanna is a d’úsáid an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe chun forghabháil a dhéanamh ar an Iaráic agus iliomad coupanna a dhéanamh i dtíortha nár thaitin a rialtais leo le linn an Chogaidh Fhuair. Sin an leithscéal céanna is a d’úsáid Sasana chun forghabháil a dhéanamh orainne sna 1600aidí, ar eagla go gcuirfeadh Éire neamhspleách fáilte roimh airm Spáinneacha nó Francacha. Má chreideann Ó Murchú go mbeadh sé inghlactha go ndéanfadh an Rúis forghabháil ar an Úcráin, creideann sé go mbeadh sé inghlactha go ndéanfadh Sasana forghabháil ar Éirinn – sin nó fimíneach ollmhór atá ann.

  • Dirk Brevoord

    Mo ghraidhin go deo tu! Ní cloistear an taobh so den scéal ach go fíorannamh, fairíor. Má tá aon impiriúlachas ag baint leis an scéal so, is ó iarthar an domhain a thagann sé.
    Ná dearúdaimís gur tír fhíorchumhachtach fós í Cónaidhm na Rúise go bhfuil a dóthain arm núicléach aici agus go bhfuil sé de cheart aici a teorainneacha féin a chosaint ar aon bhagairt ón dtaobh amuigh. Agus is bagairt ollmhór dá neamhspleáchas é NATO.
    Dála an scéil cad a tharla sa ghéarchéim dhiúracán Chúbach fadó fadó, nuair ná raibh SAM sásta le diúracáin Shóivéideacha i mbéal an doiris acu? Agus Cúba faoi smachtbhannaí daingne Meiriceánacha fós… breis is seasca blian tar éis na n-eachtraí.
    Nach fasach é sin don chás so na hÚkráine nó an amhlaidh go bhfuil rialacha eisceachtúla ann do SAM amháin. Agus ní theastaíonn ón Rúis an Úkráin a scrios le smachtbhannaí ná a scaradh ón Eoraip.

  • Ciarán

    Bíodh muid buíoch do Macron. Dá mbeadh sé fágtha faoi Biden agus Johnson, bheadh sé ina chogadh faoin tráth seo. Níl uatha ach aird a tharraingt óna gcuid trioblóidí (agus tá neart acu ann) sa mbaile. D’fhág SAM agus an Bhreatain praiseach ina ndiaidh san Afganastáin, ach níl caint ar bith acu faoi sin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nach é bun agus barr an scéil nach bhfuil formhór na ndaoine sa Ucráin ag iarraidh a bheith ar ais in ‘Impireacht na Rúise’, an impireacht a labhair Putin faoi anocht? An féidir le Eoin glacadh le sin?

  • Gearóid

    A Eoin, míle buíochas as meabhrú dúinn go bhuil dhá leagan ag gach scéal in ainneoin bolscaireacht an Iarthair. Tá oideachas an ábhair seo ag teastáil go géar. Aon duine a bhfuil fíor spéis aige nó aici i stair na Úcráine b’fhiú féachaint ar léacht a thug an t-Ollamh John Mearsheimer dar teideal “Why Ukraine is the West’s fault”. Tá sé le fáil ar youtube.
    I dtaca leis an coup d’état i 2014 is fiú fosta éisteacht leis an chomhrá ghutháin idir Victoria Nuland, ó Roinn Stáit SAM agus Geoffrey Pryatt, ambasadóir SAM chun na hÚráine ag plé faoin duine a cheapfaí acu mar ceannaire nua san Úcráin. Sotal as cuimse! Le fáil ar youtube fosta.
    Níl dabht ar bith ann is drongadóirí iad tíortha NATO.

  • Seán Mistéil

    Bíodh atá le clos de bhréagaisnéis agus de mhífhaisnéis, cinnte tá dhá leagan ar gach scéal – ar a laghad! Cé ag a bhfuil “an fhírinne”? Ach ag éisteacht le Putin aréir, is deacair a chreidiúint nach bhfuil impiriúlachas i gceist ag Putin. Ní haon réiteach atá uaidh, cheapfá, ach imeaglú – agus an chuma ar chúrsaí faoi láthair go mbeidh leis, ar bhonn míleata no eile. Tá laigeachtaí cinnte san daonlathas sa Úcráin (mar a léiríonn tú, Eoin) ach is seafóid agus masla a rá nach bhfuil de cheart acu a bheith ann ar chor ar bith. Beidh ina phraiseach go ceann tamaill eile.

  • Pádraig

    Bíonn dhá thaobh ar gach scéal go deimhin agus GRMA a Eoin as cuid den taobh eile a thabhairt dúinn. Ní léim do chuid altanna go hiondúil ach bhí níos mó téagair sa cheann seo. Fiú más fíor an méid sin ar fad, ní haon leithscéal é le hionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Ní shin atá ag teastáil ó fhormhór mhuintir na tíre. Níl aon tír ag bagairt ar an Rúis agus ag iarraidh ionradh a dhéanamh uirthi. Tá críocha na Rúise slán. Níl aon tír ar domhan (go bhfios dom) ag tacú go hoscailte le cás na Rúise (níl aon seasamh glactha ag an tSín fós). Is comhartha láidir é sin. Tá ár ndóthain fadhbanna againn ar domhan, go háirithe i láthair na huaire, gan Putin a bheith ag cúr tús le cogadh eile gan bhrí.

  • Seán Ó Séaghdha

    Tá na lochtanna i do chuid anailíse léirithe go foirfe ag Adam Lawson thuas. Ba cheart go mbeadh náire ort taobhú le himpiriúlachas na Rúise agus le deachtóir mar Putin. Pé coiriúlacht nó bréagadóireacht is féidir a chur ar Mheiriceá agus ar dream “an Iarthair” (agus tá siad ann ar ndóigh), ní hionann é sin agus Putin bheith ina naomh. Níl ort rogha a dhéanamh idir “dá thaobh”, mar is iomaí taobh atá ann, ach ba bhreá an rud dhá roghnófá taobh na ndaoine sin (92%) a vótáil i bhfabhar stát neamhspleách a bheith acu seachas bolscaireacht leamh na Creimile.

  • Seán Cinnsealach

    Cá bhfuil tú anois, a Eoin? Cad é do leithscéal mar gheall ar an ionradh ollmhór ar an Úcráin? Is léir gur fear ar mire é Putin. An-bhréagadóirí iad Putin, Lavrov agus Filatov, ambasadóir na Rúise in Éirinn.