Cé mar atá cúrsaí cogaíochta ag cur isteach ar phobal na hÚcráine?

Deir cara ár gcolúnaí go mbeadh tuiscint againn ar a bhfuil ar bun ag Vladimir Putin anois dá mbreathnódh muid ar léarscáil na tíre

Cé mar atá cúrsaí cogaíochta ag cur isteach ar phobal na hÚcráine?

Bhí mo chomharsa fós sa mbaile tar éis shaoire na Nollag ag deireadh mhí Eanáir. Chuir sin beagán ionaidh orm toisc go bhfilleann sé go hiondúil ar a ionad oibre am éigin tar éis na Nollag Ceartchreidmhí.

Le tamall de bhlianta anuas, is san Úcráin atá an fear seo ag obair. Innealtóir atá ann agus go hiondúil oibríonn sé ar thionscadail mhóra – droichid, mótarbhealaí agus a leithéidí.

Ansin thosaigh an chaint ar fad faoin gcogadh. An mbeadh sé ina chogadh mór idir an Rúis agus an Úcráin, an mbeadh tíortha NATO tarraingthe isteach ann, an raibh baol an Tríú Cogadh Domhanda ann?

Níorbh aon iontas gur thosaigh an fear seo ag cur suime i ngnóthaí ag baile – sa ngarraí, sa tseid nua a bhí beartaithe le fada, sa chócaireacht, fiú.

Ach bhí mé féin fiosrach faoin scéal – an inseodh sé tada dom faoin ngnáthshaol thall san Úcráin, an inseodh sé dom cé mar atá cúrsaí cogaíochta ag cur isteach ar ghnáthdhaoine? Cinnte, d’inseodh. Bhí cruinniú ar ‘Zoom’ aige lena chomhghleacaithe thall ar dtús agus ansin bheadh cupán tae againn.

Bhí an toirtín ‘Bakewell’ a rinne sé cúpla lá roimhe sin glanta den bhord, ochón.

‘An scéal polaitiúil’ a thug sé ar chúrsaí san Úcráin faoi láthair. Tugaim faoi deara go dtugann daoine ar an tsráid an rud céanna air nuair a chuirtear ceist orthu thall do chláracha nuachta. Ní labhraíonn siad faoi chogadh.

‘Caithfidh tú cuimhneamh,’ a dúirt mo chomharsa liom, ‘go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta san Úcráin imithe in olcas ar fad le blianta beaga anuas. Déarfaidh daoine leat ‘Ó sea, tá saighdiúirí na Rúise ag cruinniú gar don teorainn, tá daoine á marú in oirthear na tíre – ach an bhfuil tada ann don dinnéar’?’

Thug sé sampla beag amháin dom. ‘Is €80 sa mí an gnáthráta pinsin ansin. Agus an mhí seo caite – mí na Nollag, ba €80 an bille leictreachais a bhí agamsa. Anois, don ghnáthdhuine, is rogha atá é sin idir ocras nó teas.’

Thagair sé don fhoireann oifige a oibríonn leis – bheidís ag fáil thart ar €300 agus €400 sa mhí. Bheadh innealtóir ag obair leis féin ar an mótarbhealach nua ag fáil thart ar €800 sa mhí. Agus meastar gur airgead maith é sin.

Mheabhraigh sé dom go bhfuil cogaíocht ar siúl an t-am ar fad idir fórsaí na hÚcráine agus na Rúisigh i gceantar ‘Donbas’ san oirthear. Deirtear go bhfuil os cionn 14,000 maraithe ó thosaigh an chogaíocht sin. Gach lá, deir sé liom, feiceann siad póstaeir ar na ballaí i gcuimhne ar ‘laoch’ óg éigin a caitheadh ar an teorainn sa chogaíocht ansin.

‘Ní hiontas ar bith é go mbíonn muintir na hÚcráine ag rá go bhfuil seanchleachtadh acu ar an gcogaíocht agus nach gcuireann gníomhaíochtaí míleata na Rúise isteach ná amach orthu,’ arsa mo chara.

Rinne sé cur síos dom ar an tír, mar thír atá roinnte ina dhá leath ag abhainn an Dnieper. ‘Ar thaobh amháin, ar an gcuid thiar, tá daoine a bhfuil claonadh i dtreo an Iarthair, i dtreo na hEorpa, iontu. Agus féach ar an gcuid thoir – tá sé buailte ar an Rúis, tá claonadh ag na daoine ansin i dtreo na Rúise.’

Ní chuireann sé aon iontas air nuair a chloiseann sé Vladimir Putin ag cur síos ar an Rúis agus ar an Úcráin mar aon dream amháin – mar chine amháin. Téann an smaoineamh sin i bhfad siar – roimh an Aontas Sóivéadach, roimh Réabhlóid na Rúise. Ach bhí gluaiseacht náisiúnach láidir ann le blianta fada a mhaígh gur aon tír amháin í an Úcráin.

Deir mo chara go mbeadh tuiscint againn ar a bhfuil ar bun ag Putin anois dá mbreathnódh muid ar léarscáil na tíre. ‘Samhlaigh anois dá mbeadh An Úcráin páirteach i NATO – agus tú in oirthear na hÚcráine, shílfeá go raibh fórsaí NATO sa Rúis féin.’

Agus céard atá ag tarlú san Úcráin féin ó thosaigh na gníomhaíochtaí is deireanaí seo agus bagairt chogaidh eile á plé go laethúil sna meáin idirnáisiúnta?

Nuair a d’fhógair Rialtas na Stát Aontaithe gur chóir d’fhoireann na hAmbasáide an tír a fhágáil, bhí toradh diúltach amháin ar an scéal ar an bpointe, arsa mo chomharsa. Thit luach an airgid san Úcráin. Sin é an fáth a gceapann sé go ndeachaigh Uachtarán na hÚcráine ar an teilifís ag déanamh ‘beag is fiú’ den bhagairt chogaidh.

‘Séard atá seisean a rá leis na Meiriceánaigh ná, ‘Tá sibh ag scrios na heacnamaíochta anseo’,’ a deir sé.

Óna thaobh féin de tá seirbhís aeir a bhí in úsáid aige agus é ag taisteal anonn is anall go hÉirinn athraithe ó bhonn. Bhíodh sé ag taisteal le Lufthansa agus an t-eitleán ag leaindeáil i gCív ag a 11 a chlog istoíche.

Toisc go mbíodh ar an bhfoireann aeir fanacht thar oíche san Úcráin, tá deireadh leis an socrú sin anois. Ní mian leo fanacht thar oíche agus contúirt chogaidh ann – déanann siad an turas níos luaithe agus imíonn siad leo um thráthnóna. Fágann an socrú nua seo nach féidir eitilt anonn as Éirinn in aon lá amháin.

An lá cheana bhí seisean ag cur beartán chuig an oifig san Úcráin, rud a dhéanfadh sé go rialta le DHL. An freagra a fuair sé? ‘Nílimid ag eitilt chuig an Úcráin níos mó.’

Ach dar le mo chara, níl Putin ag iarraidh cogadh eile. Bhí a dhóthain ar a phláta aige le tamall leis an mBealarúis, le Casacstáin agus leis na trioblóidí atá san Úcráin cheana féin. ‘Dá mbuamálfadh sé cathair Cív, is cogadh idirnáisiúnta a bheadh ansin agus ní dóigh liom gur mian leis an chéim sin a ghlacadh.’

Mar sin, nuair a bheas an tseid tógtha, an garraí réitithe, na toirtíní ite, an mbuailfidh sé bóthar chuig an Úcráin nó an mbeidh an baol cogaidh fós ag cur bac air?

‘Ó, ní hé sin atá do mo choinneáil sa mbaile ar chor ar bith,’ arsa seisean. ‘Sin polaitíocht. An rud atá ag cur bac orm, ná cúrsaí Covid.’

Tuairiscítear go hoifigiúil thart ar 30,000 cás sa lá sa tír sin. Ach measann sé nach bhfuil na huimhreacha cearta á dtuairisciú. Amhail go leor tíortha iarChumannacha, níl aon mhuinín ag an bpobal in aon rud a fhógraíonn an Rialtas – an vacsaín san áireamh. Fágann sin go bhfuil an cineál Omicron den víreas ag réabadh tríd an tír faoi láthair. Agus go dtí go dtiocfaidh maolú air sin, seans go bhfaighidh mé slisne eile den toirtín ‘Bakewell’ ceann de na laethanta seo.

Agus nuair a dhéanann innealtóir toirtín, bíonn sé déanta i gceart.

Fág freagra ar 'Cé mar atá cúrsaí cogaíochta ag cur isteach ar phobal na hÚcráine?'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá tuiscint fhiúntach san alt seo, a léiríonn ar bhealach nach bhfuil scéal na hÚcráine gan castacht. Mar a deirtear anseo, tá claonadh in iarthar na tíre don Iarthar, ach tá claonadh láidir san Oirthear don Rúis. Maidir leis an deisceart is i dtreo na Rúise a bhíonn an claonadh is láidre.
    Mar a aontaiodh san Socrú Minsk má tá réiteach síochánta le bheith ann ar fhadhbanna inmheánacha na tíre beidh sé riachtanach spás a chruthú don dá dhearcadh.
    Ní chabhraíonn bagairti NATO lena leithéid.

  • Yaroslav Kozak

    Is alt spéisiúil é, ach tá sé dodhéanta ag insint an scéil an-chasta seo le cabhair ó Ucráineach amháin a suim bheag sa pholatíocht aige. Aontaím go bhfuil “cogadh mór” neamhdhóchúil faoi láthair: de bhrí go bhfuil an t-Iarthar ag taispeáint a thacaíochta don Ucráin.

    Tá ceist dháiríre agam ar Eoin Ó Murchú: cén bhagairtí NATO ar an Rúis atá ann? Cad is féidir le NATO (nó an Ucráin) déanamh leis an Rúis, stát núicleách? Tá NATO ina teorainn ar an Rúis ó 1999, níor tharla rud olc ar bith sa teorainn sin riamh ó shin. Agus níl seans atá ann go rachaidh an Ucráin isteach i NATO go luath. Cad atá á rá (nó a dhéanamh) ag NATO a thuigeann tú mar “bhagairtí”?

    Dar liom go n-úsáideann an Rúis NATO faoi láthair mar leithscéal chun dul go crua ar an Ucráin.

  • Geoffrey Turner

    Ceist eile – cén fáth ar chonaic na Stait Aontaithe diúracáin i gCúba mar bhagairt? Agus más eagraíocht ‘“chosanta” é NATO, cén fáth ar ionsaigh sé an Afganastáin agus an Libia?