Géarchéim Chonamara – ‘tá lá an phíce imithe agus níl tada curtha ina áit’

Tá iarthar Chonamara á bhánú de cheal deiseanna fostaíochta do dhaoine óga

Géarchéim Chonamara – ‘tá lá an phíce imithe agus níl tada curtha ina áit’

I ngarraí treampánach i Ros Cíde i Ros Muc a bhíodar, an bheirt ag breathnú uathu.   ‘This now is where I graduated,’ a deir Peadar Ó Máille lena mhac, Joe.  ‘What do you mean, Dad?’ a d’fhiafraigh an fear óg a rugadh agus a tógadh i Meiriceá de.  Chuaigh Peadar siar ar bhóithrín an tsaoil.

B’fhada le Peadar – Peter Joe Pheadair – go bhféadfadh sé fanacht sa mbaile ón scoil náisiúnta. Corrdhuine a bhí ag dul chuig an mheánscoil san am,  duine sa míle a bhí ag dul chuig an Ollscoil.  Ar nós cuimse eile sna blianta sin d’éirigh Peadar aníos le  hobair feilme agus chladaigh i Ros Muc agus thaitin an obair sin leis.  Ní raibh beann aige ar shluasaid ná ar mhaide rámha ina lead óg.

Tháinig an lá sa deireadh.  Ag spréamh a bhí sé féin agus a athair sa ngarraí ar chúl an tí.  “M’anam gur dóigh go bhfuil sé in am agat éirí as an scoil anois,” a deir a athair, Joe.  Lig Peadar béic áthais as agus chaith an píce a raibh sé ag obair leis san aer.  Bhí a ‘ghraduation’ aige. 

Sa bpobal ar rugadh agus ar tógadh Peadar ann – pobal Ros Muc agus Chamais –  tá 60% de na daoine óga ansin anois ag dul ar Ollscoil nó institiúidí Tríú Leibhéal –. Sin iad na staitisticí as an Daonáireamh is deireanaí.  A gcuid hataí Ollscoile a chaitheann siadsan san aer an lá a gcríochnaíonn siad a gcuid oideachais fhoirmeálta.  Ní dóigh gur rug cuid mhaith acu ar phíce riamh.  Ní locht – ná a mhalairt – é sin orthu. Tá an saol athraithe.

“Athrú an-mhór atá ann i dtéarmaí oideachais agus athrú an-mhór é i saol Chonamara,” a deir Seán Ó Cualáin, fear a bhfuil go leor cláracha faisnéise faoi mhuintir agus faoi shaol na tuaithe déanta aige.  Tá clár dá chuid faoin gcúlú ina bhaile fearainn dúchais, Loch Con Aortha i gCill Chiaráin a taispeánadh ar TG4 le gairid, molta i bhfad agus i ngearr.   

“Athrú é a tháinig tobann go maith,” arsa Seán Ó Cualáin. “Cuimhnigh gur mise an chéad duine as teaghlach Chualáin i Loch Con Aortha a fuair oideachas tríú leibhéal.”  Sna 1990idí a fuair Seán a chéim ollscoile. Tá formhór na ndaoine óga in iarthar Chonamara meáite ar a dhul an treo sin anois. Tugann na staitisticí is déanaí léargas air sin.

Ar an meán, tá os cionn 60% den dream atá 20 bliain d’aois i gConamara ag freastal ar choláistí tríú leibhéal anois de réir thorthaí an Daonáirimh. 63% atá i gceist i gceantar an Chlocháin, 60% i gceantar na Ceathrún Rua, 60% i Ros Muc/Camas, 57% in Iorras Aithneach, 75% i gCloch na Rón agus 54% i gceantar na nOileán.

Tá buntáistí an oideachais tuigthe go maith ag daoine, a deir Seán Ó Cualáin.

“Cuirfidh mé i gcás mo cheantar féin i gCill Chiaráin agus i gCarna.  ’Siad an Ghaeilge agus an fharraige is an cladach na hacmhainní is feiceálaí atá againn ach níl mórán muiníne ag formhór na ndaoine go bhfuil slí mhaireachtála a bhféadfaí brath uirthi bainteach le ceachtar den dá rud sin.  Tugann an t-oideachas an rogha duit dul in áit éigin eile, agus ní thiocfaidh mórán acu ar ais mura mbíonn athrú mór ann.”

Faoi bhun na gcnoc ar an Sraith Salach, tá Breandán Ó Máille ar an bhfocal céanna.  Tá seisean bainteach le heagraíochtaí pobail le scaitheamh maith blianta.  Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Feirmeoirí Sléibhe na hÉireann, eagraíocht atá láidir i gcontaetha Gaeltachta na tíre.  Ach an oiread le Seán Ó Cualáin, feiceann sé an leas agus na buntáistí atá ag baint leis an oideachas, ach ní fheiceann sé mórán den dream óg ag filleadh ar Chonamara.

“Rí-chorrdhuine a bhfuil oideachas tríú leibhéal air atá ag fáil oibre thart anseo,” a deir an Máilleach.  “Thart ar chathair na Gaillimhe an áit is gaire a mbeadh seans réasúnta ar phost feiliúnach ag duine a bhfuil cáilíochtaí ollscoile aige nó aici.  Tá daoine ag teannadh an treo sin agus ag cur fúthu ansin.”

Ceapann Breandán Ó Máille gur cheart filleadh ar an gcóras printíseachta a bhíodh ann san aimsir a caitheadh agus gur cheart níos mo béime a chur ar chúrsaí, leithéidí Teastas Glas na bhFeilméaraí.  Creideann Breandán go gcuideodh athrú mar sin faoi tuath  “Tá daltaí ann nach bhfeileann sé dóibh a dhul chuig na hollscoileanna,” a deir an Máilleach.  “Ina dhiaidh sin féin, tá na meánscoileanna tomhaiste anois ar an lear daltaí a chuirfear ar aghaidh chuig na coláistí tríú leibhéal agus cuireann sé sin cor sa treo acadúil san oideachas.” 

Creideann Seán Ó Cualáin go gcaithfear súil a chaitheamh ar bhealaí éagsúla le deis a thabhairt do riar réasúnta díobh siúd a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu fanacht i gcroílár Chonamara.  Ach an fhaid agus nach bhfuil buntáiste ar leith ag lucht tionscail agus lucht gnó, ní thiocfaidh siad go hiarthar Chonamara, a deir sé.   “Tá na míbhuntáistí infreastruchtúir agus seirbhísí ann agus costais agus deacrachtaí dá réir ag lucht gnó a lonnódh anseo.  Tá idir iad siúd atá gan scileanna ar leith agus iad siúd a bhfuil cáilíochtaí acu fágtha gan post thart anseo in Iorras Aithneach anois agus tá sé ina ghéarchéim in iarthar Chonamara – agus in áiteacha eile faoin tuath – anois.”

Tá lá an phíce imithe agus níl aon uirlis nua-aimseartha curtha ina áit.

Fág freagra ar 'Géarchéim Chonamara – ‘tá lá an phíce imithe agus níl tada curtha ina áit’'

  • léitheoir

    Ach níl lá an phaidhceálaí imithe, beag am baol.