Geallúint: níl focal faoi chúrsaí uisce sa cholún seo…

Ní ar an rialtas amháin atá freagracht rialtais anois – riail pholaitiúil nua a bheidh soiléir sula i bhfad

glass-water

Toghadh 52 Teachta Dála nua san olltoghchán. De ghnáth, bíonn deis ag formhór na dTeachtaí nuathofa dul i dtaithí ar an saol polaitiúil de réir a chéile. Ní hionann an scéal an babhta seo i gcás Teachtaí Dála nua Fhine Gael agus Fhianna Fáil nó i gcás na Neamhspleách nua atá ag beartú tacaíocht a thabhairt do rialtas nua.

Dúirt Teachta Dála nua Fhine Gael i ndáilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas Kate O’Connell Déardaoin go mbeadh roghanna crua caiteachais le déanamh ag an rialtas nua mar gheall ar an socrú idir a páirtí féin agus Fianna Fáil faoi ábhar conspóideach áirithe nach luafar sa cholún seo.

Ní foláir Peadar a robáil chun Pól a íoc,” a dúirt Kate. Ní bheidh éirim a ráitis, ná tionchar an chomhréitigh faoin ábhar seo gan ainm nach ceadmhach dúinn a lua anseo, soiléir go mbeidh meastacháin agus cáinaisnéis na bliana seo chugainn á bplé i dTeach Laighean.

Ach tá an chéad rogha ó thaobh caiteachais déanta cheana féin, agus brú dá bharr ar gach rannóg caiteachais eile. Spreagann an méid sin machnamh faoin méid a bheidh ar fáil le caitheamh ar sheirbhísí meabhair-shláinte in 2017.

Ní fadhb theibí í seo, mar a chuir slua a bhí i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean Déardaoin i gcuimhne do chách laistigh. Thóg Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 37m ón mbuiséad a bhí beartaithe a chaitheamh ar sheirbhísí meabhairshláinte i mbliana lena chaitheamh ar sheirbhísí eile.

Dúirt Caoimhghín Ó Caoláin ó Shinn Féin go raibh “ciorrú damanta” curtha i gcrích ag an HSE. An gcuirfear an t-airgead a tógadh chun íoc as seirbhísí eile i mbliana ar ais an bhliain seo chugainn? Agus cé mhéad beartas eile a chuirfear (a) ar ceal nó (b) ar an méar fhada mar gheall ar an gcaiteachas breise ar H2O (gabhaim mo leithscéal, a léitheoir dhil!) as seo amach?

Ach beidh a fhios againn go léir as seo amach cé a bhí freagrach as gach rogha a dhéanfar. Céim bhreá chun cinn.

Tuar dóchais?

Tá cead pleanála faighte ag an ospidéal nua do leanaí a thógfar taobh le hOspidéal San Séamus i mBaile Átha Cliath. Ní theastaíonn anois ach 710 milliún ón rialtas lena thógáil agus cá bhfios cé mhéad milliún eile ina dhiaidh sin lena chur i bhfearas sula n-osclófar é, mar a fógraíodh Déardaoin, in 2020.

Agus an tuar dóchais? Féach stair léanmhar leadránach an ospidéil go dtí seo:

1993 Mhol Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann go dtógfaí ospidéal lárnach nua do leanaí.

2006 Mhol tuairisc a choimisiúnaigh Feidhmeannacht na Seirbhís Sláinte go dtógfaí ospidéal lárnach nua do leanaí.

2009 D’fhógair an Taoiseach Brian Cowen go dtógfaí an t-ospidéal nua in aice leis an Mater, agus go mbeadh sé ar oscailt in 2014.

2011 D’iarr an t-aire sláinte James Reilly ar choiste saineolaithe an t-ionad a roghnaíodh a athbhreithniú.

2012 D’fhógair Reilly gur ar champas Ospidéal San Séamus, mar a mhol an coiste, a thógfaí an t-ospidéal nua.

2016 D’fhógair príomhfheidhmeannach Ghrúpa Ospidéal na leanaí Eilish Hardiman go raibh cead pleanála faighte agus go raibh súil aici go mbeadh cóir á cur ar pháistí ann in 2020.

Moladh go dtógfaí an t-ospidéal 33 bliain ó shin. D’fhógair rialtas go dtógfaí é seacht mbliana ó shin, mar a d’fhógair rialtas eile arís trí lá ó shin.

Cibé locht a bheidh ar chur chuige an rialtais nua, ní fhéadfadh an scéal a bheith níos leadránaí ná scéal na moilleadóireachta ag gach rialtas ó 1983 ar aghaidh. Tá súil againn nach mbeidh pé scéal é.

Fág freagra ar 'Geallúint: níl focal faoi chúrsaí uisce sa cholún seo…'