Geallúint ar bith ó Humphreys faoi ‘an Ghaeltacht’ a bheith i dteideal a roinne nua

Níl aon chinneadh déanta go fóill faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh ‘An Ghaeltacht’ luaite i dteideal na roinne nua cultúir

Geallúint ar bith ó Humphreys faoi ‘an Ghaeltacht’ a bheith i dteideal a roinne nua

Pictiúr: RollingNews.ie

Níl an tAire Heather Humphreys sásta aon gheallúint a thabhairt go mbeidh An Ghaeltacht’ mar chuid de theideal na Roinne a mbeidh cúram na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán uirthi feasta.

Dúirt an tAire Humphreys go bhfógrófaí teideal nua an Roinne nuair a bheadh an gnáthphróiseas maidir le leagan amach na ranna nua críochnaithe.

Dheimhnigh urlabhraí Rialtais do Tuairisc.ie nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh ‘An Ghaeltacht’ luaite i dteideal na roinne nua cultúir. Dúirt an t-urlabhraí nach fios go fóill cathain a dhéanfar an cinneadh sin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, d’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil an mhí seo caite gurbh é an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi.

Ba é seo an chéad uair nach raibh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

I ndiaidh fhógra an Taoisigh, thug an tAire Stáit Seán Kyne le fios gur phléigh sé an cheist le Leo Varadkar agus go raibh súil aige go mbeadh athrú poirt aige maidir le teideal na Roinne Cultúir.

Dúirt an Taoiseach féin sa Dáil roinnt seachtainí ó shin go raibh sé “muiníneach” go mbeidh ‘An Ghaeltacht’ mar chuid de theideal na Roinne nua, ach nuair a ceistíodh é faoin scéal, d’fhág sé faoi Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh freagra a thabhairt.

Dúirt Joe McHugh go raibh “comhrá” ar bun faoin scéal agus go mbeadh cinneadh déanta “go gairid” faoi cé acu an mbeadh ‘An Ghaeltacht’ áirithe i dteideal na Roinne nua Cultúir nó nach mbeadh.

I bhfreagra ar cheist Dála a chuir Gino Kenny, an Teachta Dála de chuid an Solidarity-People Before Profit Alliance, dheimhnigh an tAire Humphreys an tseachtain seo nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoi theideal na Roinne nua, agus dhiúltaigh sí geallúint a thabhairt i dtaobh chás an fhocail ‘Gaeltachta’.

Dúirt Humphreys gurb é an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhí ar a roinn go fóill agus gurbh amhlaidh a bheadh nó go ndéanfaí ordú Rialtais maidir leis an Roinn nua.

Idir an dá linn, dúirt an Teachta Dála Gino Kenny le Tuairisc.ie “gur bocht an scéal é” dá bhfaighfí réidh leis an bhfocal Gaeltacht i dteideal na Roinne.

“Ní thuigim cén fáth go mbeifí ag caint faoi seo fiú. Cén fáth go mbeifí ag iarraidh fáil réidh leis? An t-aon fhocal Gaeilge i dteidil na ranna ar fad, dála an scéil. Bhí sé ann riamh agus tuigeann gach duine cén fáth agus cad dó a seasann sé.

“Ní bhaineann sé leis an nGaeltacht amháin ach oiread. Seasann an focal sin d’fhoghlaim agus do chur chun cinn na Gaeilge in intinn daoine ar fud na tíre. Drochrud amach is amach a bheadh ann. Caithfear súil a choinneáil ar an scéal lena chinntiú nach dtarlóidh sé,” a dúirt an Teachta Dála as Baile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Geallúint ar bith ó Humphreys faoi ‘an Ghaeltacht’ a bheith i dteideal a roinne nua'