Gealltar go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh i gcomóradh 1916

Beidh ról lárnach ag an nGaeilge i gClár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, a maíodh ag ócáid seolta an chláir i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath aréir

1916 rising

Beidh a snáithe féin – An Teanga Bheo – ag an nGaeilge i measc na seacht snáithe ar an gclár imeachtaí agus tionscnamh do Chomóradh Céad Bliain Éire 2016.

Ní fios go fóill cé mhéad airgid a chuirfear ar leataobh don snáithe An Teanga Bheo ach tugadh le fios ag an ócáid seolta aréir go mbeidh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de chaon snáithe le linn an chomórtha.

“Beidh ról lárnach ag an nGaeilge i gClár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 ós rud é go raibh tús áite aici san fhís samhlaíodh i 1916 d’Éirinn neamhspleách cheannasach,” a dúradh ag ócáid seolta an chláir i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath aréir.

Anuas air sin, gealladh go mbeidh an teanga fite fuaite leis na snáithe eile; Searmanais Stáit, Machnamh ar an Stair, An Óige agus an tSamhlaíocht, Léiriú Cultúrtha, Rannpháirtíocht an Phobail agus an Domhan agus an Diaspóra.

Díreoidh an snáithe An Teanga Bheo ar an teanga a chur i láthair an phobail mar ghné bhríomhar d’fhéiniúlacht, stair, cultúr agus sochaí na hÉireann. Díreoidh sé chomh maith ar fheasacht an phobail i leith na teanga a spreagadh.

Lena chois sin, gealladh go dtarraingeofar aird ar thábhacht agus luach na Gaeltachta mar thobar dúchais na Gaeilge agus mar áit a bhfuil an Ghaeilge ina teanga phobail i gcónaí.

Beidh roinnt mórimeachtaí Gaeilge á reáchtáil ar fud na tíre le linn na bliana 2016, ina measc Slógadh na nÓg, ceolchoirm speisialta sa Cheoláras Náisiúnta, Rave-lóid 2016 agus Lá an Fhorógra.

Beidh seacht gceolchoirm ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta a dhéanfaidh céiliúradh ar sheacht lá an Éirí Amach. Tráthnónta Domhnaigh ón gCáisc ar aghaidh, ar feadh seacht seachtaine, a reáchtálfar na coirmeacha agus díreoidh ceann acu sin ar an nGaeilge mar chroíghné na réabhlóide.

Beidh ról lárnach ag Conradh na Gaeilge i gcéiliúradh na Gaeilge agus a ról san Éirí Amach. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a bhí i láthair ag an ócáid aréir go raibh sé “dearfach” mar ócáid.

“Bhí go leor Gaeilge in úsáid; bhí sí le feiceáil ar chomharthaíocht agus bhí an tAire Staít Aodhán Ó Riordáin ina fhear an tí agus níor labhair sé ach an Ghaeilge. Luadh na díospóireachtaí agus na léachtaí agus Teach an Phiarsaigh agus rudaí mar sin. Tá cuma i bhfad níos pobalbhunaithe anois air ná mar a bhí.

“Tá an Roinn fós ag plé cén sórt tacaíochta a chuirfidh siad ar fáil do na grúpaí a bheas ag cur na n-imeachtaí ar siúl, mar sin beidh le feiceáil céard a thitfidh amach,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie.

Tá Conradh na Gaeilge fós ag fanacht ar scéala faoi chuid de na héilimh eile atá acu, ina measc go mbronnfaí leagan Gaeilge d’Fhorógra na Cásca ar scoileanna Gaeilge.

“Dá mbeadh ceannairí 1916 fós thart, sin a bheadh uathu – bhí sé mar dhlúthchuid den fhís. Pé fáth nár úsáid siad Gaeilge ar an lá, níl sé sin tábhachtach; dá ndéanfadh siad i nGaeilge é, is cinnte go mbeadh leagan Béarla ann anois,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Cuirfidh Conradh na Gaeilge sraith léachtaí agus díospóireachtaí i dtoll a chéile chun spéis an phobail sa Ghaeilge a chéiliúradh agus a spreagadh. Díreoidh na léachtanna seo ar ról na Gaeilge san Éirí Amach agus a ról mar uirlis athbheochana i réimsí eile den saol. Cuirfear tús le Plé 2016 ag Oireachtas na Gaeilge 2015 i gCill Airne agus cuirfear deireadh leis an tsraith ag Oireachtas na Gaeilge 2016 i mBaile Átha Cliath.

Is ag an Oireachtas a bheidh Pairlimint na nDán i mbliana freisin. Pléifidh idir scríbhneoirí, ealaíontóirí, filí agus eile ‘Ról an Ealaíontóra i 1916 agus ina chomóradh’. Is éard a bheas i gceist ná taispeántais, cur i láthair, ceardlanna agus plé ar an ábhar.

Tabharfar léachta faoin nGaeilge i mblianta na réabhlóide ag Oireachtas na Gaeilge 2016 agus san ionad cuairteoirí a thógfar ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara le linn na bliana.

Déanfar an Claidheamh Soluis, nuachtán náisiúnach an Chonartha, a dhigitiú agus déanfar rogha eile ábhar ó chartlann an Chonartha a chaomhnú agus a chur i láthair an phobail.

Tá Irisleabhar na Gaeidhilge agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann á ndigitiú cheana féin ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus Dúchas.ie mar chuid den chéiliúradh.

Beidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉ Gaillimh) ag déanamh taispeántas digiteach san Acadamh bunaithe ar ábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhaineann le 1916. Chomh maith leis sin, beidh seimineár poiblí ar siúl a scrúdóidh tionchar réigiúnach an Éirí Amach a leagfaidh béim faoi leith ar an nGaeltacht.

Beidh tráchtaireacht dhátheangach ar gach craoladh de chuid RTÉ a bhaineann le Comóradh an Chéid.

 

Fág freagra ar 'Gealltar go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh i gcomóradh 1916'

  • Páid Ó Donnchú

    …agus nuair a bheidh gach duine imithe abhaile, beidh Paschal Donohoe ar ais ag rá nach ceart an Ghaeilge a bheith chomh mór leis an mBéarla ar chomarthaí Shráid Uí Chonail. Ba cheart baghcat a dhéanamh ar imeachtaí Stáit a bhaineanns leis an Ghaeilge agus Comóradh 1916. Mar níl ann ach cur i gcéill.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cur i gCéill #1
    “Beidh tráchtaireacht dhátheangach ar gach craoladh de chuid RTÉ a bhaineann le Comóradh an Chéid.”

    bréagnaithe go pras ag:
    https://tuairisc.ie/conradh-na-gaeilge-mi-shasta-faoin-easpa-gaeilge-ar-an-road-to-the-rising-ag-rte/

    Nior ghlac sin ró fhada….