Tá idir ‘díomá’ agus ‘iontas’ ar Chonradh na Gaeilge faoina imeallaí is atá an Ghaeilge sa chlár – Road to the Rising – atá leagtha amach ag RTÉ do Luan Cásca mar chomóradh ar Éirí Amach 1916.
Tá cruinniú iarrtha ag Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ agus an eagraíocht teanga buartha gur léiriú é an “líon beag d’imeachtaí Gaeilge atá sa chlár” ar an “tslí a bheidh RTÉ ag caitheamh leis an nGaeilge don chomóradh in 2016”.
“Cuireann sé iontas an domhain orm nach bhfuil an Ghaeilge lárnach sna himeachtaí nuair a bhí sí chomh tábhachtach ag an am sin i sochaí na hÉireann, gan trácht ar dhualgais RTÉ mar chraoltóir poiblí náisiúnta,” a deir Julian de Spáinn.
Seachas trí fhocal – ‘cainteanna’, ‘craoltaí’ agus ‘taispeántais’ – is nach mór i mBéarla amháin atá an clár don ócáid chomórtha atá foilsithe ar shuíomh idirlín RTÉ.
Tá clár raidió amháin i nGaeilge mar chuid den chlár, eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG, a chraolfar beo ó Shráid Uí Chonaill san Ardchathair.
Beidh láithreoir an chláir sin, Cormac Ó hEadhra, ina chathaoirleach ar dhíospóireacht phoiblí dar teideal ‘The Irish language and the Cultural Revolution’, a bheidh ar siúl i Halla na Saoirse.
Gearoid
An sean scéal aris faraor! Bhí sé mar príomh aidhm ag ceannairí Éirí amach na Cásca 1916 “Éire saor agus Éire Ghaelach”. Níl ag éirí go ró mhaith againn ó thaobh Éire saor agus is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta faoi Éire Ghaelach. Níos measa ná sin, tá an cumadh ar go bhfuil na húdaráis an lae inniu ag iarraidh ruaig a chuir ar an Ghaeilge. Bígí linn ar Teamhair na Rí i ag an Cháisc 2016!