Gealas is sioc roimh theacht na báistí agus rabhadh buí sneachta ar ceal

An-fhuar a bheidh sé anocht agus fágfaidh an sioc crua paistí bóthair ina reothalach

Gealas is sioc roimh theacht na báistí agus rabhadh buí sneachta ar ceal

Tá an rabhadh buí aimsire a bhí eisithe ag Met Éireann curtha ar ceal ó am lóin inniu. 

Lá fuar agus corrthamall gréine atá á thuar inniu ach beidh múraíl clocha sneachta nó sneachta ann, an chuid is mó acu sa leath thoir den tír. D’fhéadfadh an sneachta sin seadú in áiteanna foscúla. 

Gaoth mheasartha anoir a bheidh ann agus ní bheidh an teocht ach idir 1 agus 3 chéim Celsius. Seachas corrmhúr clocha sneachta nó sneachta beidh sé tirim agus tréimhsí geala gréine againn.

An-fhuar a bheidh sé anocht agus fágfaidh an sioc crua paistí bóthair ina reothalach, agus gan de theocht ann ach idir -4 agus 1 céim Celsius. Gaotalach anoir aneas a bheidh againn anocht agus san iardheisceart is tréine a bheidh sí.    

Flichshneachta agus sneachta a bheidh roimh mhuintir an iardheiscirt arís maidin amárach ach scaipfidh an fliuchras sin soir ó thuaidh de réir a chéile i gcaitheamh an lae. 

D’fhéadfadh an sneachta síobadh ar an bhfoscadh sa Mhumhain, i gConnachta agus i ndeisceart Laighean agus beidh contúirt mhór ar bhóithre áirithe. Báisteach is flichshneachta a thiocfaidh in áit an tsneachta le cósta an iardheiscirt.

Seasfaidh an triomach agus an ghile sa gcuid is mó den tír i dtús an lae ach amach sa lá éireoidh sé scamallach. Beidh goimh ghéar ar an ngaoth fheanntach agus an teocht idir 1 agus 3 chéim Celsius. San iarthar agus san iardheisceart is tréine a bheidh an ghaoth.

Flichshneachta agus sneachta a bheidh i bhformhór na tíre le tús na hoíche amárach ach ardóidh an teocht de bheagán de réir a chéile leis an gcósta ó dheas agus tiocfaidh an bháisteach chugainn aneas. Faoi thráthnóna Dé hAoine beidh sé ina bháisteach sa leath thiar den tír agus cótaí báistí an t-earra is fearr againn as sin go ceann roinnt laethanta. 

Is dóigh nach bhfuil aon éalú ón mbáisteach mí seo na bhfaoillí mar go ndeirtear “Mura líonfaidh na faoillí na fuarlaigh, líonfaidh an Márta go bruach iad.” 

Fág freagra ar 'Gealas is sioc roimh theacht na báistí agus rabhadh buí sneachta ar ceal'