Gaoth Dobhair ag ceiliúradh, críoch chuí le Craobh Faoi-21 na hÉireann agus tábhacht na gcúl i bPeil na mBan

Féachann Tuairisc.ie siar ar chuid dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Gaoth Dobhair ag ceiliúradh, críoch chuí le Craobh Faoi-21 na hÉireann agus tábhacht na gcúl i bPeil na mBan

Dea-scéal do Ghaoth Dobhair agus an tsraith tugtha leo acu i dTír Chonaill

Bhí bua slachtmhar ag peileadóirí Ghaoth Dobhair ar Bhaile na nGallóglach an deireadh seachtaine seo chun Roinn 1 na sraithe a bhuachan den chéad uair le dhá bhliain déag anuas. Cé go bhfuil babhta amháin fágtha sa tsraith, tá an beart déanta cheana ag fir Mhachaire Gathlán tar éis dóibh ceithre chluiche dhéag a bhuachan as na seacht gcinn déag atá imeartha acu.

Cuirfear tús leis an gcraobh i dTír Chonaill faoi cheann coicíse agus beidh misneach ag Gaoth Dobhair agus aghaidh á tabhairt acu ar ghrúpa deacair ina bhfuil Naomh Conaill, Naomh Adhamhnáin agus An Clochán Liath. Is in 2006 a bhuaigh Gaoth Dobhair an tsraith den uair dheireanach, an bhliain chéanna ar éirigh leo an chraobh shinsir a thabhairt leo go deireanach.

Ní raibh an rath céanna ar chuid de na foirne Gaeltachta eile a chuaigh chun páirce i gcraobhacha contae peile agus iomána an deireadh seachtaine seo.

Fuair Ciarraí Láir an ceann is fearr ar An Ghaeltacht i mBabhta 1 sa Chraobh Shinsir Peile i gCiarraí, 2-14 in aghaidh 0-10, ach beidh deis eile ag fir na Gaeltachta i mbabhta na gcailliúnaithe faoi cheann cúpla seachtain.

Idir an dá linn, beidh ar iománaithe na Rinne buachan ar an mBaile Dubh i gcluiche dícháilithe más fúthu a bheith sa chraobh shinsir arís an bhliain seo chugainn. Bhuaigh An Lios Mór ar fhoireann na Rinne, 3-21 i gcoinne 2-18, tráthnóna Dé Sathairn.

Imríodh an tríú babhta de chraobh shinsir peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chomh maith agus ba iad Maigh Cuilinn an t-aon fhoireann Gaeltachta ar éirigh leo na cosa a thabhairt leo tar éis dóibh greadadh a bhualadh ar Chealtrach, 4-15 in aghaidh 0-5. Rinne Cora Finne slad ar an gCeathrú Rua, 5-16 in aghaidh 1-8, ach bhí comhscór ann idir Naomh Anna, Leitir Mór agus Cill Fhir Iarainn.

Foireann agus lucht leanúna Thiobraid Árann ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Críoch chuí le Craobh Faoi-21 Iomána na hÉireann

Ba iad Corcaigh rogha na n-údar roimh chluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann inné agus bhí siad cúilín chun cinn in am cúitimh. Mar a tharla go minic cheana sa chomórtas áirithe seo, bhí cor eile fós sa scéal agus d’aimsigh Conor Stakelum cúl na cinniúna do Thiobraid Árann.

Tarlaíonn sé gach bliain go mbíonn coimhlintí den chéad scoth sa chraobh faoi-21. Is mó cluiche iontach a bhí againn sa chraobh shinsir i mbliana ach bhí deireadh an chluiche ceannais an lae inné agus cluiche ceannais Chúige Laighean idir Gaillimh agus Loch Garman, nuair a bhuaigh Gaillimh leis an bpoc deireanach in am breise, díreach chomh drámatúil céanna.

Tá deireadh á chur leis an gcomórtas seo áfach agus is í an Chraobh Faoi-20 a bheidh ann an bhliain seo chugainn, mar atá sa pheil. Beidh lucht leanúna CLG uile ag súil go mbainfidh an draíocht chéanna leis an gcomórtas sin.

Shane Kingston (Corcaigh) agus Colin English (Tiobraid Árann) ag imirt i gcluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Corcaigh fós ag fanacht ar bhua faoi aois

Ag Corcaigh is mó atá craobh Faoi-21 na hÉireann buaite agus 11 craobh acu, ach d’fhág cúl Stakelum aréir go bhfuil 20 bliain anois ann ó thug siad Corn Uí Nualláin leo. Ba é cluiche an lae inné an chéad uair ó 1998 gur bhain siad an cluiche ceannais amach fiú.

Is measa an scéal ag Corcaigh, nuair a bhreathnaíonn tú ar chúrsaí ag grád na mionúr. Ocht n-uaire dhéag atá an comórtas sin buaite ag iománaithe an chontae ach 2001 an uair dheireanach gur éirigh leo an comórtas a bhaint. Dhá chluiche ceannais atá caillte acu ó shin.

Tá borradh faoi fhoireann shinsir Chorcaí le cúpla bliain anuas agus Craobh na Mumhan buaite acu faoi dhó, ach ní haon iontas é gur chaith siad tréimhse chomh fada sin sa bhfásach nuair nach raibh imreoirí óga d’ardchaighdeán ag teacht tríd.

Dea-scéal amháin a bhí ag lucht iomána Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite ná gur thug siad leo Corn Tony Forristal, Craobh Faoi-14 na hÉireann, den cheathrú huair le sé bliana anuas.

Tá go leor den fhoireann faoi-21 a chaill cluiche ceannais an lae inné ar fhoireann na sinsear cheana féin chomh maith agus b’fhéidir go dtiocfaidh deireadh leis an ngorta sna comórtais eile sula i bhfad.

Sinéad Aherne (Áth Cliath) ag ceiliúradh tar éis di cúl a scóráil i gcoinne na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tábhacht na gcúl le feiceáil arís

Tá cluiche ceannais den scoth romhainn i gCraobh Peile na mBan tar éis do Chorcaigh agus Áth Cliath teacht slán ó na babhtaí leathcheannais an deireadh seachtaine seo. Bhuaigh Áth Cliath ar Ghaillimh agus fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Dhún na nGall agus bhí tábhacht na gcúl le feiceáil sa dá chluiche.

Bhí rás na nGaillimheach nach mór rite ag leath ama tar éis d’Áth Cliath scrios a dhéanamh sa chéad 30 nóiméad. Ní raibh ach trí nóiméad caite nuair a fuair Nicole Owens an chéad chúl dóibh. Bhí an dara cúl acu deich nóiméad ina dhiaidh sin a bhuíochas de Shinéad Aherne agus ba í a fuair an tríú ceann dóibh chomh nuair a shlánaigh sí cic éirice roimh leath ama, scór a d’fhág seaimpíní 2017 naoi bpointe chun cinn.

D’aimsigh Lyndsey Davey cúl eile d’Áth Cliath roimh dheireadh na himeartha agus cé go ndearna Gaillimh teacht aniar áirithe, bhí an bhearna rómhór.

Ní dhearna Corcaigh scrios chomh mór céanna ar Dhún na nGall níos luaithe Dé Sathairn ach ba iad na cúil a bhí cinniúnach sa chluiche seo freisin. D’aimsigh Orla Finn ceann do Chorcaigh sa chéad leath agus fuair an t-ionadaí Saoirse Noonan ceann eile dóibh sa dara leath. Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach ba iad an dá chúl sin a scair na foirne agus an bua ag mná Chorcaí, 2-11 in aghaidh 0-11.

Níl aon amhras ach gurb iad Áth Cliath agus Corcaigh na foirne is láidre sa tír in 2018 agus ba cheart go mbeadh coimhlint iontach eatarthu sa chluiche ceannais faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag ceiliúradh, críoch chuí le Craobh Faoi-21 na hÉireann agus tábhacht na gcúl i bPeil na mBan'