Beochraoltaí spóirt iad naoi gcinn déag den fiche chlár is mó a mheall lucht féachana ar TG4 agus seó de chuid CLG a bhí i gceist leis an gclár eile, de réir figiúirí a chuir an stáisiún ar fáil do Tuairisc.ie.
Fógraíodh inné gurb é beochraoladh TG4 ar chluiche ceannais na sraithe Dé Domhnaigh seo caite idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath an clár aonair is mó a thuill lucht féachana don stáisiún Gaeilge riamh. 354,000 duine ar an meán a d’fhéach ar bhua na Ríochta ar fhir na príomhchathrach i bPáirc an Chrócaigh, an lucht féachana is mó ag an stáisiún ó bunaíodh é i Samhain na bliana 1996.
Beidh TG4 ag súil go leanfaidh forlámhas Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath ar an tSraith Náisiúnta Peile ar feadh tamaill eile agus curiarracht ó thaobh lucht féachana bainte amach ag cluichí idir na foirne sin dhá bhliain as a chéile.
Ba é cluiche ceannais na sraithe 2016 idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath an clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 roimh an Domhnach seo caite.
Tá an tóir atá ar CLG soiléir i bhfigiúirí féachana an stáisiúin agus ceithre cinn déag de chluichí peile, iomána agus peil na mban i measc an fiche clár is mó lucht féachana.
Dhá chluiche rugbaí idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, i Márta 2014 agus i nDeireadh Fómhair 2013, agus cluiche sacair ó Chorn UEFA idir Celtic agus Barcelona in 2004 na cluichí eile seachas cluichí CLG a mheall an pobal.
Is é Laochra, an seó a chuir CLG ar bun mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca i ndiaidh chluiche ceannais na Sraithe anuraidh, an t-aon chlár ar an liosta nach beochraoladh spóirt é.
