Gan iarratas ar bith déanta ag 75% de chomhlachtaí poiblí ar fhostaí le Gaeilge le sé bliana anuas

Beidh ionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta, os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna

Gan iarratas ar bith déanta ag 75% de chomhlachtaí poiblí ar fhostaí le Gaeilge le sé bliana anuas

Idir 2011 agus 2017, níor iarr 75% de chomhlachtaí poiblí ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí oiread agus fostaí amháin a raibh Gaeilge acu a sholáthar dóibh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go nochtar an méid sin i dtuarascáil taighde nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, tuarascáil a phléifear i dTithe an Oireachtais tráthnóna.

Le sé bliana anuas níor iarr ach ocht gcomhlacht poiblí, as an 30 comhlacht a ghlac páirt sa taighde, ar an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí duine a bhí líofa sa Ghaeilge a sholáthar dóibh.

Níor iarr ach ceithre roinn stáit ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí duine a raibh Gaeilge acu a sholáthar dóibh.

Sa chás gur iarradh ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí duine a raibh Gaeilge líofa acu a sholáthar d’fholúntais, níor theip ar an tSeirbhís amhlaidh a dhéanamh ach i gceithre chás, rud a fhágann gur éirigh leo Gaeilgeoir a aimsiú i gcás nach mór 90% de na hiarratais a fuarthas ar a leithéid.

Le sé bliana anuas, níor iarr ach ocht gcomhlacht poiblí ar an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí duine le Gaeilge a chur ar fáil dóibh agus 48 folúntas ar fad a bhí i gceist. Bhain 14 de na folúntais sin leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tuigtear go nochtar sa tuarascáil taighde nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur 584 duine atá líofa sa Ghaeilge, agus atá sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge, atá fostaithe sa 30 comhlacht poiblí a ghlac páirt sa taighde.

Tuairim is 30,000 duine atá fostaithe sa státseirbhís amháin. Níl aon dualgas maidir le seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil ar fhormhór an 584 duine a mhaítear atá líofa sa Ghaeilge sa 30 comhlacht poiblí atá i gceist.

Tuigtear gurb í tuairim an choiste go mbíonn comhlachtaí poiblí ag brath rómhór ar fhostaithe seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ar bhonn deonach agus go bhfuil géarghá le straitéis nua a chinnteodh go bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu fostaithe sa chóras poiblí chun seirbhís cheart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Beidh ionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta, os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna, mar a mbeidh cúrsaí earcaíochta agus ceannteidil na reachtaíochta teanga nua á bplé.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu.  D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana nach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.

Fág freagra ar 'Gan iarratas ar bith déanta ag 75% de chomhlachtaí poiblí ar fhostaí le Gaeilge le sé bliana anuas'

  • Braoin

    Tá an dóchas caillte uilig agam… ach leanfaidh mé ar aghaidh leis an teanga a labhairt taobh amuigh den chóras stáit…